Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Duais ag clár TG4 ag Féile na Meán Cheilteach 2022

08.06.22


 

D’eirigh le scannán de chuid TG4, Sol, duais don clár do pháistí is fearr a bhaint amach ag Féile na Meán Cheilteach atá ar bun i Quimper sa Fhrainc faoi láthair.
 
Scannán é seo faoin suaitheadh a bhaintear as Sol nuair a fhaigheann a sheanmháthair, a raibh an-chion aige uirthi bás. Trí shúile an pháiste pléann an scannán le gnéithe éagsúla den dobrón (an geit, an tnúthán, an mearbhall agus an réiteach). Mar sin is ardú meanman a thugann Sol dúinn. De bharr aistear Sol agus gach a tharlaíonn dó lena linn, faigheann sé amach gur cumhachtaí an grá atá aige dá sheanmháthair ná an dobrón a chruthaigh a bás. Tig leat an scannán ina iomláine a fheiceáil ag an nasc seo: https://nasc.tg4.tv/Sol
 
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. I Quimper sa Fhrainc atá Féile na bliana seo. (www.celticmediafestival.co.uk).
 
Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradaim chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite ag Sol ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag.”
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: