Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

€1 Milliún Saothraigh ag An Cailín Ciúin i bPictúrlanna na hÉireann agus Na Ríochta Aontaithe

10.10.22


 
Tar éis 22 seachtain dochreidte aige i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin ag oifig na dticéad anois, éacht den scoth i gcás scannán neamhspleách. Ó eisíodh an scannán mí Bealtaine seo caite, d’éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, tá slám gradam buaite aige agus tá an-chion ag na léirmheastóirí air, le léirmheasanna 5 réalta faighte aige uathu ar fad. Is é An Cailín Ciúin iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag 95ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath.
 

Is éard a dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Déanann TG4 comhghairdeas le gach duine ag Inscéal agus lena gcomhpháirtithe cruthaitheachta agus dáileacháin as an gcloch mhíle iontach seo do ‘An Cailín Ciúin’ ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa RA. Ach go speisialta gabhaimid buíochas le Cleona agus Colm as an scannán álainn seo faoi theanga, faoi chiúnas agus faoin ngrá a chruthú. Breathnaítear air ar fud an domhain cheana féin mar cheann de mhórscannáin na hÉireann. Is dearbhú iontach é freisin ar chaighdeán na ndaoine cumasacha a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus is ionann é agus ardmholadh don chomhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a sheol an scéim Cine4 agus a thugann lucht na pictiúrlainne go rialta isteach i saol nua – saol na scannán Gaeilge.”
 

Is ar Foster, scéal a bhfuil ardmheas air leis an údar Éireannach Claire Keegan atá An Cailín Ciúin bunaithe. Is dráma cáiréiseach ón gcroí é maidir le teacht in aois, ina bhfiosraítear go mion a bhfuil i gceist le teaghlach, trí shúile cailín óig a bhfuil neamart déanta inti. Tá an scéal suite faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1981, agus leanann sé Cáit (Catherine Clinch) tráth a seoltar í óna teach plódaithe mífheidhmiúil chuig gaolta i bhfad amach, chun cónaí leo don samhradh. Cuireann Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte mhór chroíúil roimpi, ach coinníonn a fear céile (Andrew Bennett) fad a sciatháin uaidh í. Diaidh ar ndiaidh, áfach, cothaítear dáimh sa teaghlach ionaid seo agus tosaíonn Cáit ag teacht i mbláth faoina gcúram. Ach sa teach seo atá in ainm is a bheith ina tearmann gan rúin, tugann sí an fhírinne shearbh chun solais.

Is í Cleona Ní Chrualaoi in Inscéal a léirigh AN CAILÍN CIÚIN faoi scéim mhaoinithe Cine4 do scannán Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Fuair an scannán dreasacht chánach Alt 481 ó Rialtas na hÉireann freisin.
 

Is éard a dúirt Nell Roddy agus Robert McCann Finn, Comhstiúrthóirí Bainistíochta Break Out Pictures, maidir leis an rath leanúnach atá aige: “Is toradh den scoth é agus tá ríméad orainn gur ghlac an lucht féachana ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe an scannán seo chuige féin, mar a rinneamar féin. Is iontach an gaisce é do scannán ar bith breis is €1 milliún a bheith saothraithe aige, ach tá sé níos iontaí fós i bhfianaise chomh deacair is atá cúrsaí leis an margadh, agus é ag éirí níos deacra i gcaitheamh an ama. Míle buíochas do gach duine a tháinig amach chun breathnú ar an scannán speisialta seo agus do na pictiúrlanna ar fad as an tacaíocht dhaingean a thug siad dúinn. Comhghairdeas mór le Colm, Cleona agus an fhoireann go léir a d’oibrigh ar ‘An Cailín Ciúin’ as an gcloch mhíle shuntasach seo a bhaint amach.”

 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: