Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Cailín Ciúin roghnaithe ag IFTA do na Oscars

03.08.22


 

 
Tá sé fógartha ag IFTA inniu gurb é an scannán An Cailín Ciúin atá roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’. Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán ón scéim CINE4 roghnaithe ag IFTA le cur ar aghaidh ag na Gradaim Oscars.
 
Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal bunaithe ar an leabhar ‘Foster’ le Claire Keegan. Scéal casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
 

Taispeánadh An Cailín Ciúin den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín Berlinale i Mí Feabhra agus bhain sé Duais an Grand Prix of the Generation Kplus don Scannán Is Fearr amach ann. Chuir An Cailín Ciúin tús le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media i mbliana freisin, an chéad uair a bhfuil tús curtha ag scannán Gaeilge leis an bhféile agus bronnadh gradam don scannán Éireannach is Fearr agus Duais an Lucht Féachana air. Ag na Gradaim IFTA i Mí Márta, bronnadh ocht ngradam ar fad ar an scannán; ‘Scannán is Fearr’, ‘Stiúrthóir is Fearr’ agus ‘Ban-Aisteoir is Fearr’ ina measc. Tá an scannán fós sna pictiúrlanna in Éirinn agus sa Bhreatain ó eisíodh é i Mí Bealtaine agus tá os cionn €800,000 caite ag oifig na dticéad go dtí seo. Tá sé ar taispeáint freisin sa Nua Shéalainn agus beidh sé á eisiúint i Mí Meán Fómhair san Astráil, chomh maith le bheith ar taispeáint ag féilte scannán idirnáisiúnta eile sa Téaváin áit ar bronnadh Gradam an Lucht Féachana air ag Féile Scannán Taipei, i Hong Cong agus Féile Scannán Sydney.
 

Tá léirmheastóirí agus an lucht féachana ar aon fhocal faoin scannán agus cúig réalta á dtabhairt acu araon.
 

Insíonn ‘An Cailín Ciúin’ scéal Cháit (Catherine Clinch) – cailín óg naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 

Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4, “Comhghairdeas ó chroí le Inscéal, le Colm agus Cleona, leis an gcliar agus le gach duine a raibh páirt acu in An Cailín Ciúin as bheith roghnaithe d’iontráil na hÉireann ag na Oscars. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin le Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin an scannáin i TG4 agus lenár gcomhleacaithe i bhFís Éireann agus in Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm go mór ar gach duine a bhfuil sé feicthe acu go dtí seo, anseo sa mbaile agus ar lucht féachana ar fud an domhain sa mBreatain, an Eoraip, An Nua-Shéalainn, An Téaváin agus An Astráil. Is léir go bhfuil ag éirí le scéim Cine4 tionscal scannán na Gaeilge a fhorbairt agus tá TG4 thar a bheith bródúil as sin.”
 

Dúirt Máire Ní Chonláin, Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4, “Is de bharr fhís agus tallann na beirte, Colm agus Cleona a bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe d’iontráil na hÉireann do na Oscars. Tá seoid de scannán cruthuithe acu, agus scoth na n-aisteoirí agus criú páirteach ann. Tá sé tuillte ag gach duine díobh. Treaslaím a n-ainmniúchán leo. Go maire siad a nuacht.”
 

Dúirt Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal “Is mór an onóir dúinn go bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe d’iontráil na hÉireann don 95ú Gradaim na hAcadamh sa chatagóir Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Ár mbuíochas ó chroí le IFTA agus a choiste roghnúcháin. Chreideamar i gcónaí sa smaoineamh go bhféadfadh scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn le scoth na scannánaíochta domhanda agus mothaímid chomh bródúil as a bheith ag déanamh ionadaíochta thar ceann ár dtír agus ár dteanga ar an mbealach seo. Ba mhór an phribhléid é “Foster” le Claire Keegan a chur in oiriúint don scáileán mór agus ní féidir linn fanacht lenár scannán a chur os comhair baill den Acadamh agus An Cailín Ciúin ag leanúint lena leathadh amach ar an ardán idirnáisiúnta. Ní bheadh aon chuid de seo indéanta gan fís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chomh-mhaoinigh an scéim cheannródaíoch Cine4, a bhfuil glúin nua de scannáin Ghaeilge cruthaithe aige atá á aithint ar fud an domhain.”

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: