Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cead tugtha ag an Aire Catherine Martin do chainéal nua Cúla4

Tá sé fógartha ag an Aire Catherine Martin inniu go bhfuil cead tugtha aici do chainéal nua Cúla4

28.09.22


 
Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont fáilte roimh an scéal ag rá, “Agus muid de réir a chéile ag teacht amach as an bpaindéim agus ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéimeanna domhanda eile, ní mór dúinn breathnú i dtreo na todhchaí agus ar an gcineál sochaí is mian linn a bhunú do na glúine atá le teacht. Ní mór dúinn smaoineamh freisin ar cén chaoi a bhforbróidh leanaí na cumais agus an chruthaitheacht a theastaíonn uathu. Tá na meáin ríthábhachtach d’fhorbairt thuiscint, dearcthaí agus rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí. Caithfimid freastal ar leanaí agus daoine óga i spásanna sábháilte le hábhar iontaofa. Tá ról ar leith ag craoltóirí seirbhíse poiblí ina leith seo ach tá dúshlán breise roimh na meáin Ghaeilge agus iad in iomaíocht le haghaidh lucht féachana i margadh meán domhanda agus Béarla den chuid is mó.

Tá ról tábhachtach ag TG4 – agus ag na meáin Ghaeilge agus eagraíochtaí ealaíon eile – i gcur chun cinn féiniúlacht agus saibhriú na bpobal Gaeilge agus i dtacú le tarchur na Gaeilge ó ghlúin go glúin. Mura dtacaítear leis na meáin Ghaeilge agus mura bhfuil siad feiceálach, so-aimsithe agus tarraingteach, tá an baol ann go gcaillfidh siad ábharthacht, go háirithe do lucht féachana óg na hÉireann atá ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda. Anois níos mó ná riamh, ní mór do TG4 ábharthacht ábhar Gaeilge a mhéadú agus freastal agus spreagadh a thabhairt don lucht féachana óg a chinnfidh todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail. Caithfimid seirbhísí TG4 do leanaí a shaibhriú, caidreamh leanaí le TG4 a neartú agus, leis sin, a gcaidreamh leis an nGaeilge a bhuanú.”
 

D’fhógair TG4 in 2021 go raibh sé i gceist cainéal sainiúl do pháistí a bhunú. Tá daoine óga a bhfuil Gaeilge acu ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda, ina bhfuil an Béarla in uachtar. Tabharfaidh cainéal nua Cúla4 teagmháil rialta don óige leis an nGaeilge. Cuireadh tús leis an obair sin in 2022 agus ceapadh Karina Feirtéar mar Bainisteoir Cúla4. Thosaigh Niamh Ní Chróinín mar láithreoir nua ar Cúla4 agus beidh sí ina ambasadóir don óige ar TG4. Tá sé i gceist freisin cur leis na cláracha a sholáthraíonn an earnáil léiriúcháin a fhorbairt agus cur leis an ábhar nua sa sceideal agus ar na hardáin neamhlíneacha atá dírithe ar pháistí.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: