Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An gradam is mó i gCeol Traidisiúnta na hÉireann le bronnadh ar an gceoltóir Paddy Glackin

24.03.22


 

Reáchtálfar searmanas Gradam Ghradam Ceoil TG4 2022 TG4 i mBaile Átha Cliath den chéad uair i stair na nGradam. Is é seo 25ú bliain de shearmanas na ngradam a chraolfar beo ar TG4 as an gCeoláras Náisiúnta Domhnach Cásca an 17 Aibreán ag 9.30pm. Léirítear urraim ag Gradaim bhliantúla Ghradam Ceoil, ar a dtugtar ‘gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ freisin, do cheoltóirí a bhfuil an ceol traidisiúnta tugtha chun cinn, neartaithe agus caomhnaithe in Éirinn acu.
 
Is ar Paddy Glackin a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2022. Tá an-chuid déanta ag Paddy le beagnach leathchéad bliain chun cur leis an gceol traidisiúnta in Éirinn, obair a bhfuil sé fós ina bun. I measc na ndaoine a chuaigh i bhfeidhm air bhí a athair, agus ina dhiaidh sin John Doherty, Tommie Potts agus Padraig O’Keeffe. Bhí an-fhonn riamh ar Paddy tabhairt faoi chuir chuige nua freisin – leag a thaifeadadh ceannródaíoch sa bhliain 1980 le Jolyon Jackson tagarmharc síos chun tabhairt faoi chomhroinnt smaointe sa cheol traidisiúnta agus tá aitheantas bainte amach ag a shaothar leis an gcumadóir Meiriceánach avant-garde, John Cage, ar fud an domhain. Is é Paddy fidléir bunaidh The Bothy Band agus i measc na gceoltóirí a ndeachaigh sé ar chamchuairt agus a thaifead sé ceol leo tá Mícheál Ó Domhnaill, Liam O’Flynn, Mícheál Ó Súilleabháin agus Robbie Hannan. Fidléir, taibheoir cruthanta, craoltóir a bhfuil taithí aige, múinteoir, oirfideach, cartlannaí, comhoibrí – fíorchoimeádaí an cheoil.
 
Is ar Dhiarmuid Ó Meachair as Cúil Aodha i gCorcaigh a bhronnfar an gradam Ceoltóir Óg TG4 i mbliana. Thosaigh sé leis an bhfeadóg stáin agus d’fhás aníos ag gabháil fhoinn le Cór Chúil Aodha agus dá réir bhí Diarmuid i gcónaí sáite i ndomhan an cheoil thraidisiúnta. Ní sa cheantar sin amháin a fáisceadh a chuid ceoil, tá sé go smior ann.

Bhí tionchar ag ceoltóirí amhail Finbarr Dwyer, Jackie Daly agus Johnny Connolly air agus rinne Diarmaid an tionchar sin agus teicnící leithéidí John Kimmell agus go leor ceoltóirí as Québec a mheascadh le go mbeadh sé anois ar dhuine de cheoltóirí is spreagúla na linne seo ar an mbosca ceoil/mileoidean.
 
Is ar Dolores Keane a bhronnfar Gradam Saoil TG4. Tá ceann de ghlórtha is sainiúla, is tochtmhaire agus is binne na linne seo ag Dolores Keane. Bhí tionchar ag amhránaíocht a haintíní Sarah agus Rita uirthi ina cailín óg. Thosaigh sí ag canadh go gairmiúil le De Dannan sa bhliain 1975 tráth ar cloiseadh a glór sainiúil, tochtmhar agus corraitheach ar fud na cruinne. Mar thoradh ar an obair a rinne sí le John Faulkner cuireadh cóirithe nua leis an traidisiún, obair a lean ar aghaidh le linn na 1980idí agus i dtús na 1990idí. Saothair cheannródaíocha a bhí ina cuid taifeadtaí le The Reel Union Band, ‘Solid Ground agus ‘Lion in a Cage’. D’oibrigh sí i gcomhar le Emmylou Harris, The Chieftains, Paul Brady san amhránaíocht thraidisiúnta agus i dtraidisiúin eile.
 
Is ar Connie O’Connell a bhronnfar an gradam Cumadóir TG4. Is fidléir agus cumadóir é Connie as Cill na Martra, i nGaeltacht Mhúscraí in Iarthar Chorcaí. Bhí tionchar ag fidléirí iomráiteacha cheantar Shliabh Luachra, nach bhfuil i bhfad ó bhaile, ar cheol Connie, fidléirí amhail Denis Murphy, Pádraig O’Keeffe agus Julia Clifford. Eisíodh bailiúchán ina bhfuil 69 dá chuid saothar sa bhliain 2014 ar dhá dhlúthdhiosca (a thaifead Connie agus a iníon, Áine), lena raibh leabhar de na poirt. Chuir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – ina bhfuil Connie ag múineadh na fidle ó na 1980idí – an togra seo Bóithrín na Smaointe ar fáil mar acmhainn foghlama ar líne saor in aisce.
 
Is ar Sarah Ghriallais, amhránaí ar an sean-nós as Conamara a bhronnfar an gradam Amhránaí TG4 i mbliana. I Muiceanach idir Dhá Sháile i nGaeltacht Chonamara a tógadh Sarah, ceantar atá báite i dtraidisiún an tsean-nóis. Thug sí léi Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge i 1984, gradam atá buaite ocht n-uaire ó shin ag muintir Uí Ghriallais; a cuid deirfiúracha Nan agus Nóra agus ina dhiaidh sin ag a mac Michael Frank Ó Confhaola agus a neacht Celia Ní Fhátharta. Ceapadh Sarah ina hamhránaí cónaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2017. Tá amhráin dá cuid taifeadta ag Cló Iar-Chonnacht agus níos déanaí thaifead Gael Linn ‘Idir Dhá Sháile 2’. Ar na hamhráin is mó aithne ina stór tá ‘Táilliúir a’ Mhagadh’, ‘Eileanóir na Rún’, ‘Póg Bhideog’ agus ‘Amhrán Chamuis’.
 
Is ar Edwina Guckian as Droim ar Snámh i gCo. Liatroma a bhronnfar Gradam Comaoine TG4. Tá Edwina báite i gceol Liatroma agus Ros Comáin ó bhí sí ina cailín óg. Is damhsóir, múinteoir damhsa, cóiréagrafaí, stiúrthóir ealaíne agus gníomhaí cultúir í Edwina atá i mbun tograí agus tionóil éagsúla a chruthú agus a mhúnlú ó bhí sí 16 bliain d’aois, iad ar fad ag déanamh scrúdú ar an gcaidreamh atá idir ceol agus gluaiseacht.

Trí The Airc Damhsa Culture Club, The Leitrim Dance Project, The Modern-Day Mummers agus na tograí is déanaí dá cuid, Sowing the Seed agus Jenny put the Kettle on, tá spreagadh tugtha aici do na mílte leanaí agus daoine fásta tabhairt faoin damhsa i dtimpeallacht spraíúil agus neamhiomaíoch. Oibríonn sí gan stad gan staonadh chun seoda cultúir a ceantair dúchais, Liatroim, a chur chun cinn tríd an obair a dhéanann sí leis an gcuid is mó de na heagraíochtaí cultúir agus ealaíon in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá an stáitse roinnte aici leis na taibheoirí ceoil is iomráití sa tír sa lá atá inniu ann agus tá sí, gan dabht, ar dhuine de mhórdhamhsóirí aonair na hÉireann.
 
Is ar Skara Brae a bhronnfar den chéad uair an gradam nua Grúpa Ceoil TG4 i mbliana. Mhúscail teacht chun cinn an ghrúpa ceoil Skara Brae sna 1970idí spéis arís san fhonnadóireacht thraidisiúnta, tráth a raibh an stíl fonnadóireachta sin i mbaol. Bhí stíl ar leith, stíl cheannródaíoch, ag an ngrúpa, a thug aghaidh ar an tuiscint a bhí ag daoine ar amhránaíocht ar an sean-nós, ach is stíl í sin atá fós nua agus nuálach sa lá atá inniu ann. Is iad na deirfiúracha Tríona agus Maighread Ní Dhomhnaill, a ndeartháir Mícheál Ó Domhnaill (1951-2006) agus Dáithí Sproule an grúpa ceoil Skara Brae. Tá stíl Skara Brae fréamhaithe go láidir sa traidisiún cé go bhfuil tionchar an phopcheoil agus cheol na ndaoine a bhí ag teacht chun cinn sna 1960idí, amhail The Beatles, Bob Dylan, agus Joan Baez le brath freisin uirthi. Bhí lucht éisteachta nua agus óg, a bhí ag teacht chun cinn, faoi gheasa ag fuaim nádúrtha, nuálach agus nua Skara Brae agus tá a n-albam ón mbliain 1971 fós ag imirt tionchair ar ghlúnta amhránaithe agus ceoltóirí traidisiúnta agus sa lá atá inniu ann.
 
Is é seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2022:

  • Ceoltóir – Paddy Glackin
  • Amhránaí – Sarah Ghriallais
  • Ceoltóir Óg – Diarmuid Ó Meachair
  • Gradam Saoil – Dolores Keane
  • Cumadóir – Connie Ó Connell
  • Grúpa Ceoil – Skara Brae
  • Gradam Comaoine – Edwina Guckian


 
Is é Gradam Ceoil TG4 príomhscéim agus príomhacadamh bliantúil na ngradam ceoil thraidisiúnta. Is painéal moltóirí neamhspleách a roghnaíonn na buaiteoirí gach bliain. Ní comórtas é. Bronnfar píosa dealbhóireachta leis an dealbhóir mór le rá, John Coll, a coimisiúnaíodh go speisialta, ar na buaiteoirí chomh maith le suim bheag airgid.
 
Déanfar gradaim na bliana seo a bhronnadh ag Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 sa gCeoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath Domhnach Cásca an 17 Aibreán. Is iad Doireann Ní Ghlacáin agus Páidí Ó Lionáird a chuirfidh an cheolchoirm seo, a bheidh á craoladh beo ar an teilifís, i láthair agus beidh buaiteoirí Ghradam 2022 ag ceol ar an stáitse lena gcuid aíonna speisialta ceoil féin i dteannta ceoltóirí ar leith, mór le rá eile agus lucht bronnta na ngradam. Is féidir ticéid a fháil ar www.NCH.ie
 
Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Tá ríméad orm go bhfuil sé ar chumas TG4 ceiliúradh a dhéanamh go fóill ar scoth an cheoil agus na hamhránaíochta gach bliain. Is mór an onóir dúinn a leithéid de shároirfidíocht a fheiceáil ar ardán an Ghradaim agus ar na hardáin agus sna háiteanna éagsúla eile go léir inar taifeadadh cláracha ceoil thraidisiúnta ar feadh na bliana.

Beidh an Gradam ar siúl i mBaile Átha Cliath den chéad uair riamh chun ócáid 25 bliain an Ghradaim a cheiliúradh. Comhghairdeas leis na buaiteoirí uilig. Is sibhse croí agus anam na tíre seo.”

 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: