Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ocht ngradam IFTA bronnta ar an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin

12.03.22


 
Bronnadh ocht ngradam IFTA ar an scannán Gaeilge ó scéim CINE4, An Cailín Ciúin anocht. Bronnadh príomh-ghradam na hoíche don ‘SCANNÁN IS FEARR’ ar An Cailín Ciúin a bhí ainmnithe sa chatagóir chéanna le scannán Kenneth Branagh, Belfast, Deadly Cuts, You are Not My Mother, Swan Song agus Who We Love. Thug réalta óg An Cailín Ciúin, Catherine Clinch an gradam léi don ‘Ban-Aisteoir is Fearr’ dá páirt Cáit sa scannán. Bronnadh an IFTA don Stiúrthóir is Fearr ar Cholm Bairéad agus bronnadh Gradam Réalta Nua Fís Éireann air chomh maith.
 
Fuair Kate McCullough an IFTA don Cineamatografaíócht is Fearr, agus John Murphy don Eagarthóireacht is Fearr. Bronnadh gradam IFTA don Cheol is Fearr ar Stephen Rennicks agus gradam don Dearadh Léirithe is Fearr ar Emma Lowney.
 
Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 
Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal.
 
Ó taispeánadh den chéad uair ag Berlinale é i Mí Feabhra, tá ard-mholadh á fháil ag an scannán ó léirmheastóirí anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus gradaim buaite ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín.
 
Dúirt Cleona Ní Chrualaoi, Léiritheoir An Cailín Ciúin, “Tá lúcháir orainn go bhfuil ocht ngradam IFTA buaite ag foireann An Cailín Ciúin, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Príomh-Aisteoir is Fearr san áireamh. Sáraíonn sé seo gach a raibh muid ag súil leis! Tá ríméad orainn dár bpríomhaisteoir, Catherine Clinch agus dár gcriú iontach a bhuaigh duaiseanna sna catagóirí; Cineamatagrafaíocht, Eagarthóireacht, Dearadh Léiriúcháin agus Ceol. Is cúis mhór bhróid dúinn é gurb é seo an chéad uair gur bhuaigh scannán Gaeilge sa chatagóir don Scannán is Fearr. Tá éacht déanta freisin ag ár scríbhneoir/stiúrthóir, Colm Bairéad a bhuaigh na gradaim, Stiúrthóir is Fearr agus an IFTA – Screen Ireland Rising Star araon. Is rud iontach stairiúil é an méid atá bainte amach ag an scannán. Ár míle buíochas do IFTA as na honóracha ollmhóra seo.”
 
Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe An Cailín Ciúin i TG4, “Tá TG4 ríméadach agus an-mhórálach gur thacaigh muid leis an scannán speisialta seo i bpáirt le Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann faoin scéim Cine4. Buíochas do bhaill IFTA a chonaic an ard-chaighdeán tallainne atá sa scannán draíochtúil seo. Tá na gradaim seo tuillte go mór ag an gcomhlacht Inscéal, ag an gcliar agus ag an bhfoireann uile a ghlac páirt ann.”
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: