Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith nua ceoil ó ionad cultúir The Black Gate le seoladh ar sheinnteoir TG4 ar an 11 Feabhra

CUMASC: Seisiúin sa Black Gate
Sraith nua le seoladh ar Sheinnteoir TG4 i mí Feabhra

31.01.22


 

 
Is sraith cheoil nua 12 clár í CUMASC: Seisiúin sa Black Gate ina ndéantar cumasc idir píosaí scannánaíochta áille, míreanna faisnéise breathnaitheach agus agallaimh phearsanta. Tugtar ardán sa tsraith do thaibhithe a taifeadadh beo ag Ionad Cultúir The Black Gate i gceartlár Chathair na Gaillimhe, agus déanfar píosaí scannánaíochta ar a dtarlaíonn sa chúlra chomh maith le hagallamh a scannánú in áiteanna suntasacha ar fud na cathrach agus i gceantair taobh amuigh den chathair.
 
Rinneadh CUMASC: Seisiúin sa Black Gate a choimisiúnú do TG4 faoi shruth maoinithe ar leith an BAI d’Earnáil an Cheoil Bheo. Bunaíodh an tionscnamh sin chun tacú le hearnáil an cheoil bheo a bhí siar leis mar thoradh ar an bpaindéim Covid-19.
 
Is ionann CUMASC agus seóthaispeántas atá curtha le chéile go cúramach, ina gcloisfear idir cheoltóirí aitheanta agus cheoltóirí atá ag teacht chun cinn, cuid acu as Éirinn agus roinnt ealaíontóirí idirnáisiúnta ina measc chomh maith. Tiocfaidh na healaíontóirí seo le chéile chun comóradh a dhéanamh ar an obair i gcomhar agus ar an gcruthaitheacht; go leor díobh nár chas le chéile riamh roimhe seo. Cuirfear tús leis an tsraith leis an gceoltóir as Meiriceá a bhfuil gradam Grammy buaite aici, Rhiannon Giddens, an cumadóir as an Iodáil, Francesco Turrisi, agus an t-amhránaí ar an sean-nós as Conamara, Róisín Elsafty. Cuirfidh na triúr ealaíontóirí iontacha seo saothar i gcomhar atá iontach samhlaíoch i láthair, saothar atá faoi anáil thrí thraidisiún ar leith de chuid na ndaoine agus na traidisiúin sin fite le chéile acu ar bhealach foirfe amach is amach. Ócáid iontach amháin i sraith atá lán d’ócáidí dá leithéid is ea í.
 
Beidh an ceoltóir leictreonach Daithí Ó Drónaí agus an t-amhránaí, an cumadóir amhrán agus an veidhleadóir, Suzanne Savage báite sa dtobchumadóireacht agus iad ag cumadh amhrán spleodrach nua faoi thintreach a bhuail traein Suzanne an mhaidin chéanna sin. Beidh an t-amhránaí is scríbhneoir Sam Amidon i mbun ceoil i mbád ar Abhainn na Gaillimhe, agus aoibhneas a chuid ceoil agus amhránaíochta mar a bheadh lóchrann dóchais ann ar lá dorcha gruama i nGaillimh. Tabharfaidh an t-amhránaí is scríbhneoir John Conneely agus an taibheoir tochtmhar Síomha anam nua agus comhcheol álainn do sheanamhráin chlasaiceacha agus cuirfidh borradh faoi chaisleáin atá níos sine fós. Labhróidh fathaigh an cheoil a dtugtar urraim dóibh Liam Ó Maonlaí, Niwel Tsumbu, agus Eamonn Cagney faoin iliomad deiseanna ceoil atá ann sula dtabharfaidh siad faoi chúpla port ceiliúrtha a sheinm gan iad ullmhaithe roimh ré acu.
 
Níl ansin ach sampla den chumas a bheidh ar taispeáint i rith na sraithe. Beidh Rachael Lavelle, Peter Broderick, Seamus Begley, Junior Brother, Seamie O’Dowd, Daoirí Farrell, Anna Mullarkey, David Kitt, Colm Mac Con Iomaire, Arborist, John Blek, Inni-K, Jinx Lennon, agus The Mary Wallopers iad féin agus a sárchumas ceoil páirteach sa tsraith chomh maith.
 
Arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) seolfar CUMASC: Seisiúin sa Black Gate mar shraith dhigiteach ar dtús ar Sheinnteoir TG4, atá ar fáil ar theilifíseáin chliste Samsung, Sony agus LG, ar ghairis OTT amhail Apple TV, Google TV agus Amazon Fire, agus ar ardáin mhóibíleach ios agus Google Playstore. Craolfar an tsraith ag tráth níos déanaí ar TG4.
 
Cumas. Nasc. Comhoibriú. Cruthaitheacht. Cuid de na dearbhphrionsabail i gcroílár Ionad Cultúir The Black Gate, an mol cruthaitheach as ar eascair an tsraith seo. Tá beár fíona, ionad cáiliúil ceoil, stiúideo taifeadta úrscothach, seomra eagarthóireachta ar fad faoi aon díon amháin agus is ann atá Black Gate Label – a lipéad féin ceoil – agus Black Gate Productions – a gcomhlacht léiriúcháin féin bunaithe. Ó d’oscail an t-ionad sa bhliain 2017 is spás é atá lán de charachtar agus de phobal, a bhfuil an saothar i gcomhar mar shaintréith aige. Mar sin, is ionann CUMASC agus achoimre den scoth ar na príomhchreidimh sin.
 
Is éard a dúirt Mairéad Ní Thréinir – léiritheoir ag Black Gate Productions – faoin tsraith: “Tá fíorbhród orainn gurb é CUMASC; Seisiúin sa Black Gate, an chéad choimisiúin teilifíse ó Black Gate Productions. Táimid mórtasach gur tháinig sé chun cinn go nádúrtha ón gcaidreamh ar leith atá ag an ionad leis na ceoltóirí agus na healaíontóirí ó ar fud na hÉireann agus thar lear. Tá bród ach go háirithe orainn an urraim dhomhain atá againn dár dteanga dhúchais a chur os comhair an phobail. Rinneadh CUMASC a choimisiúnú do TG4 trí bhabhta speisialta BAI, an sruth maoinithe d’Earnáil an Cheoil Bheo. Bunaíodh an tionscnamh sin chun tacú le hearnáil a bhí – agus atá fós – ag fulaingt go mór faoi shrianta na paindéime. Ní hamháin gur chruthaigh an tsraith seo deiseanna do cheoltóirí agus do chriúnna léirithe, ach chuir sé ar ár gcumas baill de chriúnna taibhithe beo a thraenáil an athuair chun tabhairt faoi obair ar léiriúcháin teilifíse.”
 

Beidh ‘CUMASC: Seisiúin sa Black Gate’ ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ón 11 Feabhra ar aghaidh.
 
 

Teagmháil do na Meáin:

TG4: Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Black Gate Cultural Centre: Louise Barker | Kearney Melia Barker Communications | louise@kearneymelia.com


Cuir aithne orainn: