Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise ó TG4

12.12.22

Thar Nollaig ar TG4, beidh ceol, spórt agus spraoi le rogha do gach duine idir fhaisnéis, spórt, ceol agus scannáin ó Oíche Nollag go dtí an séú Eanáir.

Ar Oíche Lá Nollag, craolfar clár faisnéise nua faoi duine de aisteoirí na hÉireann ab fhearr riamh Cyril Cusack sa chlár Cyril Cusack: Lár an Stáitse.

 
Craolfar clár nua eile Dessie: Glór na Bó Finne ar Oíche Lá Nollag faoi ina ndéantar ceiliúradh ar cheol agus ar shaol an amhránaí cháiliúil, Dessie O’Halloran inste ag a chol ceathrair John Halloran.

 
Cuirfidh ceoltóirí móra le rá Paul Simon, Liam Neeson, PJ Harvey, Bono, Ruth, Negga, Iarla Ó Lionáird agus Paul Brady síos ar na heachtraí tábhachtacha a tharla i saol cruthaitheach an fhile i Paul Muldoon Laoithe ‘s Liricí a chraolfar ar an 28 Nollaig.

 
Cé gur mhó aithne a bhí ar Percy French mar gheall ar na hamhráin ghrinn a scríobh sé, ba shiamsóir mór le rá, údar cumasach, file, seinnteoir bainseó agus péintéir tírdhreacha den scoth a bhí ann freisin a thaistil an domhain. Tabharfar léargas air sa chlár Percy French: Siúlach Scéalach ar Lá Caille. Déanfar ceiliúradh ar shaol Willie Clancy agus ar 50 bliain de Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir i Willie Clancy: 50 Bliain den Cheol ar an 30ú Nollaig.

Beidh cuimhne agus ceiliúradh ar laoch spóirt Bhaile Átha Cliath sa chlár Anton O’Toole – Finscéal de Shaol GAA ar an 29 Nollaig, a thabharfaidh léargas ar shaol Anton O’Toole nó an Blue Panther mar a thugtaí air agus an ról tábhachtach a bhí aige ar fhoireann cháiliúil Átha Cliath a spreag athbheochan na peile Gaelaí.

 
Ar Oíche Chinn Bliana, cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin fáilte roimh an mbliain nua ón Muileann i mBaile Bhuirne le John Spillane, Muireann Nic Amhlaoibh, Cór Chúil Aodha agus an Raw Bar Collective ar Fáilte 2023.
 
Beidh an chéad chraoladh teilfíse den scannán Foscadh ar an 2ú Eanair. Is iad Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Flaherty, Cillian Ó Gairbhí agus Macdara Ó Flatharta aisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Seán Breathnach.
 
Leanfaidh Craobh Rugbaí Aontaithe ar Rugbaí Beo ar aghaidh thar Nollaig chomh maith agus beidh craoladh beo Lá Fhéile Stiofáin ar Mhumha v Laighin ó Pháirc Thomond agus ar Lá Caille, tabharfaidh Uladh aghaidh ar Mhumha ó Staid Kingspan.
 
Do na leanaí an Nollaig seo, beidh leaganacha Gaeilge de na scannáin Abominable ar Lá Nollag, Hotel Transylvania ar Lá Fhéile Stiofáin agus Smurfs: The Lost Village ar an 2ú Eanáir.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: