Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sciar TG4 sa Phríomh-am Féachana méadaithe in 2021

Mhéadaigh sciar TG4 le linn Príomh-am Féachana in 2021 go dtí os cionn 2% den chéad uair ón mbliain 2013

17.01.22


 

D’fhéach 3.6m duine nó 81% den daonra ar TG4 am éigin le linn 2021. Ba ionann an meánsciar féachana a bhí aige in 2021 agus 1.89%, méadú ó 1.83% in 2020, agus bhí méadú ar sciar an phríomh-ama féachana ó 1.92% in 2020 go 2.05% in 2021. Is é seo an chéad uair a raibh sciar os cionn 2% ag TG4 le linn príomh-ama ó 2013 i leith.
 

Ba í mí Bealtaine an mhí ab fhearr do TG4 ó thaobh sciar den lucht féachana de. Bhí sciar 2.74% san iomlán ag an stáisiún in aghaidh an lae i rith na míosa. Ba é 829,000 duine ar an 23 Bealtaine an lucht féachana laethúil ab airde le linn chluichí sraithe Allianz.
 

Bhí craoladh spóirt chun tosaigh sna figiúirí féachana arís in 2021. Ba é Rugbaí Beo an clár is mó faire sa bhliain, an Cluiche Ceannais Pro-14 idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan Dé Sathairn an 27 Márta. D’fhéach 545,000 duine ar an gcluiche agus 229,000 lucht féachana ar an meán agus sciar 21.5% den lucht féachana ag an am. Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan Beo idir an Mhí agus Áth Cliath ar an 5 Meán Fómhair an dara clár is mó ar breathnaíodh air anuraidh. Bhí meán lucht féachana de 227,000 aige agus bhí sciar 29.9% ag an gcluiche.
 

D’fhéach 118,000 duine ar chlár speisialta ceoil, amhránaíochta, agus ealaíne ar bhreithlá an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn, Ómós Michael D @ 80. Bhí sciar 9.1% den lucht féachana ag an gclár ceiliúrtha. Léiríodh suim láidir i gcláracha faisnéise TG4 arís in 2021. Ba é an clár faisnéise is mó ar breathnaíodh air in 2021 ná Martin McGuinness, clár a rinne scagadh ar shaol agus ar oidhreacht Martin McGuinness nach maireann. Bhí meán lucht féachana de 75,000 ag an gclár faisnéise. Bhí an-tóir ag an lucht féachana ar chlár faisnéise faoi Pheig Sayers chomh maith. Sa chlár PEIG, bhí Sinéad Ní Uallacháin ar a dícheall ag iarraidh cuimhne na ndaoine ar Pheig a athrú. D’fhéach 74,000 duine ar an gclár faisnéise agus bhí meánsciar 6.1% aige.
 

Bhí os cionn 3 milliún amharc ar Sheinnteoir TG4 anuraidh idir amhairc bheo agus VoD, méadú 15% ar 2020. Tháinig méadú 33% ar an am iomlán a breathnaíodh ar VoD in 2021 i gcomparáid leis an mbliain 2020. Ba é an clár faisnéise is mó a rabhthas ag faire air ar sheinnteoir TG4 ná clár faisnéise Laochra Gael faoi pheileadóir Dhún na nGall Kevin Cassidy. Bhí Síle Seoige: Deireadh Tochta, clár faisnéise faoi leanbh a chailleadh sa mbroinn, ar an dara clár is mó féachana ar an seinnteoir in 2021.
 

Tháinig méadú 20 milliún ar radhairc ar na meáin shóisialta in 2021, le 58 milliún amharc físe san iomlán don bhliain.
 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 “D’éirigh le TG4 an lucht féachana a fhás sa phríomh-am féachana in 2021 den chéad uair ó 2013. Is éacht ann fhéin é seo a bhaint amach don fhoireann ar fad idir léiritheoirí na gclár san earnáil neamhspleách agus foireann TG4. Cé gur lean na dúshláin a bhain leis an bpaindéim ar aghaidh in 2021, táimid thar a bheith bródúil as an sceideal clár a mheall lucht féachana láidir chugainn. Is léir go bhfuil gean ag an bpobal féachana ar TG4 agus an luach atá linn mar chraoltóir seirbhíse poiblí. Táimid buíoch den Rialtas as an tacaíocht a léirigh siad do TG4 arís in 2022 agus táimid ag súil leis an mbliain amach romhainn.”
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: