Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ag TG4

18.10.22


 
Fáiltíonn TG4 roimh cheapachán Deirdre Ní Choistín mar Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4. Mí Iúil seo caite, ghlac an rialtas le moladh a rinneadh i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go mbeadh ceannas neamhspleách eagarthóireachta ag TG4 ar a nuacht féin. Fógraíodh an post Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha le tús a chur leis an aidhm sin a bhaint amach.
 
Ag fógairt an ceapachán inniu, deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Mar thoradh ar chinneadh an rialtais go mbeadh ceannas neamhspleách eagarthóireachta ag TG4 ar nuacht féin, cuirim fáilte roimh cheapachán Deirdre Ní Choistín sa ról nua mar Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4. Tá tús le cur ag Deirdre le fís agus straitéis nua a mhúnlú do Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4 ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha. Cinnteoidh ár gcumas neamhspleách eagarthóireachta go mbeidh iolracht níos fearr maidir leis an gclúdach nuachta chun freastal ar lucht féachana TG4 agus pobal na Gaeilge trí chéile. Cuirfear tús le comhráití le RTÉ go luath ionas gur féidir le Nuacht TG4 eagarthóireacht neamhspleách a bhaint amach le infheistíocht chuí le tabhairt faoi.”
 
Bhí Deirdre Ní Choistín ina Bainisteoir Cumarsáide TG4 ó 2019. Roimhe sin, chuir sí tús leis an ardán ar líne MOLSCÉAL in 2017. Tá taithí fhairsing ag Deirdre mar léiritheoir agus stiúrthóir ar feadh ceithre bliana déag ar ‘7 Lá’. Bhí ról lárnach aici i ngach craoladh toghcháin de chuid TG4 ó 2002 ar aghaidh, le foireann Nuacht TG4 agus 7 Lá.
 
Beidh Deirdre ag dul i mbun a cuid cúraimí nua go luath.

 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ni Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: