Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deireadh tagtha le téarmaí cúigear comhaltaí ar Bhord TG4, Cathaoirleach an Bhoird san áireamh

26.04.22


 

Tháinig críoch le téarmaí cúigear comhaltaí ar Bhord TG4 ar an 16 Aibreán. Is iad Cathaoirleach Bhord TG4 Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe an cúigear a bhfuil deireadh tagtha lena dtéarmaí. Chaith na comhaltaí dhá théarma cúig bliana ar Bhord TG4.
 
Ghabh Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont buíochas leis na comhaltaí boird atá ag críochnú, “Thar ceann TG4, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na comhaltaí boird a chaith dhá théarma cúig bliana ar Bhord TG4. Tá go leor bainte amach ag TG4 ó cuireadh tús le tréimhse an bhoird seo agus táimid an-mhórálach as an dul chun cinn atá déanta ag TG4 chun muinín an rialtais ionainn a mhéadú lenár straitéis lucht féachana agus fáis. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghlacadh leis an gCathaoirleach Siún Ní Raghallaigh as a tiomantas leanúnach do TG4 agus as an obair dhian atá déanta aici do TG4. Guím gach rath ar an mbord nua a bheidh le ceapadh ag an rialtas go luath.”
 
Is as Dún na nGall Siún Ní Raghallaigh. Bhí sí ar dhuine de bhainisteoirí bunaithe TG4, ina Stiúrthóir Airgeadais & Gnó agus ina dhiaidh sin ina Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4. Tá aitheantas bainte amach ag Siún ina ceannasaí in Earnáil na Cruthaitheachta. Ba í an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin in Ardmore Studios agus in Troy Studios go dtí 2021. Bhí sí ina Bainisteoir Stiúrtha le Tyrone Productions, ina Ceannasaí Airgeadais le Tribune Newspaper Group agus bhí a comhlacht neamhspleách teilifíse féin aici, Ikandi Productions. Tá Siún Ní Raghallaigh ar Bhord Fhleadh Scannán na Gaillimhe agus ar bhord Acadamh an Atlantaigh.
 
Ar chríochnú dóibh, ghabh na comhaltaí boird buíochas le foireann TG4 agus le hearnáil na léiriúchán neamhspleách as a ndúthracht agus as gcuid oibre. Thréaslaigh siad leis an Ard-Stiúrthóir an straitéis, fuinneamh, agus dearcadh fadradharcach atá aige do TG4. Guíodh gach rath ar na comhaltaí boird nua atá le ceapadh.
 
Bunaíodh Bord Theilifís na Gaeilge in Aibreán na bliana 2007 faoi fhoráil den Acht Craolacháin, 2001. Tá an bord comhdhéanta de chathaoirleach agus 11 chomhalta, an tArd-Stiúrthóir san áireamh i gcáil ex-officio chomh maith le comhalta atá ionadaíoch ar an bhfoireann. An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann na ceapacháin. Athcheapadh na comhaltaí Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020 agus tá téarmaí na gcomhaltaí seo a leanas – Mairéad Ní Nuadháin, Siobhán Ní Ghadhra, Darach Ó Tuairisg agus an t-ionadaí foirne Seán Ó Domhnaill fós ar bun.
 
Beidh na folúntais Boird seo le fógairt ar Stateboards.ie gan mhoill.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: