Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Babhtaí Nua Coimisiúnaithe Fógartha ag TG4 don Earnáil Neamhspleách Léiriúcháin

18.01.22


 

Fógraíodh babhtaí coimisiúnaithe nua don mhaoiniú breise a tugadh do TG4 i mBuiséad 2022 ag ócáid bhliantúil TG4, Lá na Léiritheoirí, inniu. Reáchtáladh an ócáid ar zúm ar maidin inniu agus d’fhreastail suas le 130 ionadaí ón earnáil léiriúcháin air. Tugadh €4.2m sa mbreis do TG4 i gcáinaisnéis 2022, a thug buiséad reatha TG4 go dtí €44.9m. Fógraíodh réimse leathan babhtaí coimisiúnaithe inniu a thacóidh le haidhmeanna an stáisiúin ina straitéis Fís Tar Éis Covid. Tá béim ar leith sna babhtaí nua ar an óige agus ar lucht féachana faoi 35 a mhealladh chuig TG4. Tá sé mar sprioc ag TG4 in 2022 tacú le forbairt na hearnála léiriúcháin chun deiseanna a chruthú do dhaoine cumasacha nua atá ag teacht chun cinn san earnáil.
 
Tá coimisiúin fógartha chun lucht féachana óg a mhealladh chuig TG4. Tá smaointe á lorg maidir le cláracha nó sraitheanna siamsúla agus nuálacha a léiriú do lucht féachana idir 25 – 35 bliana do theilifís agus d’ardáin TG4. Táthar ar thóir smaointe chomh maith do shraitheanna ceoil nua agus comhaimseartha atá dírithe go príomha ar lucht féachana faoi 35. Anuas ar sin, tá infheistiú suntasach le déanamh ar ábhair do na hardáin neamhlíneacha. Fógraíodh conarthaí ollsoláthair trí bliana do na brandaí neamhlíneacha BLOC agus Molscéal ar fiú €525,000 iad thar trí bliana.
 
Tá TG4 ag iarraidh tógáil ar an rogha cláracha atá sa sceideal do pháistí agus cainéal sainiúil nua Cúla4 á fhorbairt. Fógraíodh inniu gur mian le TG4 sraith drámaíochta do pháistí réamhscoile a fhorbairt. Tá clár nuachta seachtainiúil á lorg freisin atá dírithe ar pháistí. Tá €50,000 d’airgead forbartha á thairiscint chun cláir phíolótacha leathuair an chloig a léiriú a thabharfadh léargas do dhaoine óga ar scéalta nuachta reatha, agus ina mbeadh béim ar scéalta pobail, scéalta Gaeltachta agus dearcadh phobal na Gaeilge. Tá seó cluichí á lorg ag TG4 don aoisghrúpa idir 7 agus 12 bliain d’aois. Tá conradh ollsoláthair trí bliana neamhlíneach fógartha inniu freisin chun míreanna Láithreachais rialta a léiriú a bheidh le feiceáil idir cláracha ar theilifís agus ar ardáin neamhlíneacha Cúla4.
 
Tá nuacht agus cúrsaí reatha i gcroílár sceideal TG4, agus tá léirithe spéise á lorg ó chomhlachtaí do sholáthar Cúrsaí Reatha a bheadh mar acmhainn bhreise ar an tseirbhís nuachta a chuireann RTÉ ar fáil do TG4.
 
Tá dhá chonradh breise ollsoláthair ceithre bliana á lorg do shraitheanna nua don sceideal. Tá ollsoláthair á lorg do Fhaisnéis Náisiúnta, agus Siamsaíocht don Teaghlach nó Siamsaíocht don Chroí-Lucht Féachana. Leis an dá chonradh breise seo, beidh cúig chonradh déag ollsoláthair ceithre bliana ag TG4 leis an earnáil léiriúcháin ar fiú €1.8m an ceann iad. Fógraíodh conradh ollsoláthair eile do sholáthar siamsaíochta agus cultúir ceithre bliana ó Fhleadh Cheol na hÉireann, lena n-áirítear na Fleadha Cúige.
 
Tá iarratais eile á lorg sa mhéid atá fógartha inniu do chláracha faisnéise staire, ceol traidisiúnta agus ceol tíre.
 
Cuideoidh an t-ardú maoinithe le cumas TG4 an teagmháil atá ag an stáisiún le lucht féachana níos óige a mhéadú; freastal níos fearr a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta agus ar lucht labhartha na Gaeilge; agus a thuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil neamhspleách léiriúcháin go háirithe sna réigiúin.
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont inniu, “Mar chraoltóir-foilsitheoir, is as éagsúlacht, fuinneamh agus cruthaitheacht earnáil léiriúcháin neamhspleách na hÉireann a eascraíonn ‘súil eile’ TG4. Tá lúcháir orainn a bheith in ann sraith coimisiúin nua a fhógairt do léiritheoirí neamhspleácha na hÉireann, mar thoradh ar an €4.2M breise inár mbuiséad 2022 a cheadaigh an t-Aire Catherine Martin. Ar an lá seo ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár gcomhchraoltóir-foilsitheoir sa Bhreatain Bheag, S4C, freisin, ar bronnadh £7.5M breise orthu ó Aibreán 2022, comhartha soiléir ar an uaillmhian mharthanach atá le sonrú sa Bhreatain Bheag maidir le dul chun cinn phobal na Breatnaise agus meáin na Breatnaise.”
 

Tá gach eolas faoi na babhtaí coimisiúnaithe ar fáil anseo: tg4.ie/coimisiuin
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: