Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Méadú Mór ar Lucht Féachana TG4 le linn na Nollag

11.01.22


 

Tháinig méadú 25% ar lucht féachana TG4 thar thréimhse na Nollag 2021 i gcomparáid le aimsir na Nollag 2020. De réir TAM Ireland/Nielsen, bhí sciar laethúil de 2.8% ar an meán ag TG4 idir Oíche Nollag agus Lá Caille, sciar de 2.2% a bhí ag TG4 le linn na Nollag in 2020. Bhí aimsiú laethúil de 632,700 duine ag an stáisiún agus aimsiú iomláin de 1.87m.

Bhí an sciar is airde ag TG4 ar Lá Caille, sciar de 4.3%. Bhí sciar de 3.2% ar an meán ar Oíche Chinn Bliana, 3.3% ar Lá le Stiofáin agus sciar de 2.7% ar Lá Nollag.
 

Ba é Rugbaí Beo ar Lá Caille an clár ba mhó faire. D’fhéach 118,000 duine ar an gcluiche beo nuair a fuair Connachta an lámh in uachtar ar Mhumha. 109,000 duine a d’fhéach ar Seo é Joe Dolan, clár a thug léargas ar shaol agus ar shaothar an amhránaí Joe Dolan ar Oíche Chinn Bliana. 72,000 a bhreathnaigh ar chlár faoi na Saw Doctors The Saw Doctors – Sing a Powerful Song a craoladh ar Lá le Stiofáin agus d’fhéach an líon céanna ar chlár ceiliúrtha Philomena Begley Opry Philomena @ 60 ar an 28ú Nollaig.
 

Léiríodh an-spéis i gcláracha faisnéise nua TG4 thar Nollaig. 70,000 a d’fhéach ar an gclár faisnéise siamsiúil faoin aisteoir Éireannach Peter O’Toole, Peter O’Toole Réalta & Rógaire a craoladh Lá Nollag. Ar Lá Fhéile Stiofáin, 60,000 duine a d’fhéach Doireann Ní Ghlacáin agus í ar triail tuilleadh a fháil amach faoina seanathair Seán Ó Riada, caoga bliain tar éis a bháis i Seán Ó Riada – Mo Sheanathair.
 

D’fhéach 51,000 ar an gclár ómóis do bhainisteoir fhoireann Peile Ban Chorcaí nach maireann, Éamonn Ryan: An Máistir. Ar oíche Lá Nollag, d’fhéadh 54,000 duine ar Joe Burke – Ceiliúradh faoin mboscadóir Joe Burke as Oirthear na Gaillimhe a d’imigh ar shlí na fírinne i bhFeabhra 2021.

Ar Oíche Chinn Bhliana mheall an féasta ceoil as Ráth Chairn Fáilte 2022 a bhí curtha i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Orla Ní Fhinneadha 58,000 duine.
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le foireann TG4, lenár léiritheoirí agus lenár gcomhpháirtithe ar fad a chinntigh go raibh Nollaig mhór mhaith ag lucht féachana TG4 in ainneoin gach dúshlán a chuir Covid-Omicron inár slí i gcaitheamh thréimhse na Féile Nollag. Tá gach slat tomhais atá againn ag léiriú go bhfuil an pobal Éireannach an-cheanúil ar TG4 mar chainéal agus mar bhranda agus is ábhar sástachta dúinn an méadú suntasach bliain ar bhliain seo a chlárú agus muid ag tabhairt faoi 2022 le misneach agus le dóchas.”
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: