Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deich nAinmniúchán don scannán Gaeilge 'An Cailín Ciúin' ag Gradaim IFTA 2022

13 Ainmniúchán ar fad faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA 2022

22.02.22


 
Tá trí ainmniúchán déag do Ghradaim IFTA 2022 faighte ag scannáin atá maoinithe ag TG4. Fógraíodh na hainmniúcháin inniu.
 
Deich n-ainmniúchán atá luaite do An Cailín Ciúin agus tá dhá ainmniúchán ag Foscadh agus ainmniúchán amháin ag Doineann.
 
Scannáin Cine4 iad An Cailín Ciúin agus Foscadh tionscnamh idir TG4, Fís Éireann agus an BAI, chun fadscannáin úrnua Ghaeilge a fhorbairt. Is scannán é Doineann ón scéim Gealán arna mhaoiniú ag TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
 

Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin. Tá an scannán ainmnithe do deich ghradam IFTA, An Scannán is Fearr, an Ban-Aisteoir is Fearr do Chatherine Clinch agus An Ban-Aisteoir Tánaisteach is Fearr do Charrie Crowley ina measc.
Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
 

Taispeánadh An Cailín Ciúin den chéad uair Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín Berlinale an mhí seo agus bhain sé Duais an Grand Prix of the Generation 14plus International Jury don Scannán Is Fearr amach. Osclóidh An Cailín Ciúin Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media tráthnóna amárach. Beidh an scannán á thaispeáint ag Féile Scannán Ghlaschú an mhí seo chugainn. Tá ard-mholadh tugtha ag léirmheastóirí don scannán go dtí seo. Is é seo an ceathrú scannán a chuir Cine4 i láthair, i ndiaidh Finky (2019), Arracht (2020) agus Foscadh (2021).
 

Beidh an scannán Foscadh le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ar an gcéad lá de Seachtain na Gaeilge ar an an 1ú Márta agus i roinnt pictiúrlanna ón 11ú Márta. Magamedia a léirigh an scannán agus tá sé bunaithe ar an leabhar The Thing About December le Donal Ryan. Suite i sléibhte fíoráille fiáine Chonamara Thuaidh, is scéal é Foscadh a bhaineann le teacht in aois a raibh moill air, agus is cinnte go mbeidh an lucht féachana uilig taobh thiar den laoch mí-ámharach mar a nglacann sé a chéad chéimeanna faiteacha thar thairseach na haosachta. Ainmníodh Dónall Ó Héalaí don Aisteoir is Fearr agus Cillian Ó Gairbhí don Aisteoir Tánaisteach is fearr. https://youtu.be/eWkA2BgjaLU
 

Ainmniúchán amháin atá ag Doineann, don Aisteoir is Fearr do Peter Coonan Scéal é faoi bhean agus a mac beag a théann ar iarraidh ar oileán iargúlta in Éirinn. Caithfidh a fear céile Tomás (Peter Coonan) a muinín a chur i ngarda an oileáin atá éirithe as. Doubleband Films a léirigh Doineann agus is é an chéad scannán ó Damian McCann agus an script scríofa ag Aislinn Clarke. https://youtu.be/bEvKxjkEkIg
 

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas leis na léiritheoirí agus dúirt, “Comhghairdeas ó chroí arís le foireann Inscéal; Cleona Ní Chrualaoi agus Colm Bairéad agus leis an bhfoireann ar fad a léirigh ‘An Cailín Ciúin’. Is aitheantas é an deich n-ainmniúchán seo as an gcaighdeán atá sa scannán idir aisteoireacht, agus scannánaíocht. Déanaim comhghairdeas freisin le Magamedia as an dá ainmniúchán do Foscadh agus le Doubleband Films don ainmniúchán do Doineann. Beidh scannáin Ghaeilge d’ardchaighdeán le feiceáil i bpictiúrlanna agus ag féilte scannáin go rialta in 2022 agus is iontach an rud é go bhfuil TG4 agus CINE4 lárnach san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.”
 

Tá an liosta ainmniúcháin ar fáil anseo: https://www.ifta.ie/awards/nominees_2022/

 
 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: