Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Folúntais do thriúr iarrthóir ar Bhord TG4 fógartha ag Stateboards.ie

11.05.22


 

Tá triúr le ceapadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán ar bhord TG4, Cathaoirleach nua san áireamh. Fógraíodh na folúntais ar Stateboards.ie.

Beidh Cathaoirleach Bhord TG4 freagrach as ceannaireacht agus éifeachtúlacht an bhoird. Beidh taithí ghairmiúil ag leibhéal sinsearach sa tionscal closamhairc, nó sa tseirbhís phoiblí, nó in institiúid chultúir/oideachais a bhaineann leis an ábhar céanna ag an té a cheapfar mar Chathaoirleach.

Beidh beirt gnáthchomhaltaí á cheapadh ar an mBord chomh maith a bhfuil taithí acu ag leibhéal sinsearach i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: Airgeadas, Gnó agus Rialachas Corparáide; Forbairt na hEarnála Cruthaithí nó Forbairt Lucht Féachana.

Bunaíodh Bord Theilifís na Gaeilge in Aibreán na bliana 2007 faoi fhoráil den Acht Craolacháin, 2001. Tá an bord comhdhéanta de chathaoirleach agus 11 chomhalta, an tArd-Stiúrthóir san áireamh i gcáil ex-officio chomh maith le comhalta atá ionadaíoch ar an bhfoireann.

Tháinig críoch le téarmaí cúigear comhaltaí ar Bhord TG4 ar an 16 Aibreán, cathaoirleach an bhoird Siún Ní Raghallaigh ina measc. Chaith na comhaltaí Siún Ní Raghallaigh, Des Geraghty, Michelle Ní Chróinín, Mairéad Ní Cheoinín agus Micheál Seoighe dhá théarma cúig bliana ar Bhord TG4. Tá téarmaí na gcomhaltaí seo a leanas – Mairéad Ní Nuadháin, Siobhán Ní Ghadhra, Darach Ó Tuairisg agus an t-ionadaí foirne Seán Ó Domhnaill fós ar bun. Athcheapadh Frank Reidy agus Bríd Ní Fhachtna ar an mbord in 2020.

Is é an dáta deiridh d’iarratas ná 15:00 ar an 31 Bealtaine 2022
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: