Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'ÉIRE AR SON NA hÚCRÁINE' - Tionscnamh Ollmhór Poiblí Bailithe Airgid Seolta

05.04.22

Éire ar Son na hÚcráine - Siobhán McSweeney
 

Téigh chuig www.irelandforukraine.ie chun airgead a thabhairt anois
 
Tá grúpa de phríomheagraíochtaí meán cumarsáide na hÉireann tagtha le chéile chun comhpháirtíocht nach raibh a leithéid ann cheana a dhéanamh, agus feachtas bailithe airgid poiblí a sheoladh, ‘Ireland for Ukraine/Éire ar son na hÚcráine’.
 
Féachtar leis an bhfeachtas seo cistí ríthábhachtacha a bhailiú do dhaoine a bhfuil tionchar ag an gcogadh orthu, chomh maith leis na daoine sin atá curtha as seilbh dá bharr. Tá an feachtas seo bunaithe ar an leibhéal dochreidte tacaíochta poiblí atá tugtha ag muintir na hÉireann don Úcráin go dtí seo.
 
Beidh an feachtas seo le cloisteáil agus le feiceáil ar stáisiúin náisiúnta agus áitiúla raidió, teilifíse agus meán sóisialta priontáilte agus ar líne agus tabharfar an t-airgead go léir a bhailítear don charthanacht chláraithe The Community Foundation for Ireland, a bhfuil taithí 22 bliain acu i mbun an daonchairdis agus ag deonú deontais.
 
Déanfar 50% de na cistí a bhaileofar a roinnt ar Chumann Croise Deirge na hÉireann, Concern, Unicef agus Trócaire. Déanfar an 50% eile a bhailiú le chéile i gciste d’iarratais ar chúnamh deontais a bheidh ar fáil d’eagraíochtaí agus grúpaí áitiúla Éireannacha atá ag cabhrú leis an 200,000 duine a bhfuiltear ag súil leo teacht isteach sa tír agus gan aon rogha acu ach dul ar a dteitheadh as an Úcráin agus iad ag lorg áit shábháilte le fanacht i bpobail s’againne anseo in Éirinn.
 
Is éard a dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin The Community Foundation for Ireland:

“Tá géarchéim dhaonnúil Eorpach ag tarlú a bhfuil freagairt ag teastáil ina leith ar an talamh agus inár bpobail féin araon. ‘Cuireann ‘Éire ar son na hÚcráine’ an fhreagairt sin ar fáil. Bainfear úsáid as an airgead a bheidh tugtha go flaithiúil ag an lucht féachana, ag léitheoirí agus ag éisteoirí chun tacú leis na daoine sin atá sáinnithe sa chogadh chomh maith leis an líon níos mó agus níos mó daoine a bheidh ag lorg tearmainn anseo. Tá neart dúshlán amach romhainn. An chosaint a bheidh ag teastáil ó leanaí atá ag taisteal ina n-aonar, ag cuidiú le lucht iarrtha tearmainn atá faoi mhíchumas, bearta chun troid in aghaidh gáinneáil ar dhaoine agus go leor leor eile. B’fhéidir go bhfuil an chuma ar an scéal nach mbeifear ábalta an ceann is fearr a fháil ar chúrsaí ach trí fhlaithiúlacht mhuintir na hÉireann is cinnte gur dúshláin iad sin a féidir a shárú agus déanfar sin.”
 
Tá fógra teilifíse agus raidió 30 soicind mar chuid den fheachtas arna ghuthú ag an aisteoir Siobhán McSweeney ó Derry Girls agus Holding. Cuirfear tús leis an bhfógra sin inniu agus beidh feachtas taispeántais dhigitigh forleathan leis chomh maith le feachtas tiomnaithe ar na meáin shóisialta. #IrelandForUkraine
 
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.irelandforukraine.ie
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: