Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradaim bronnta ar An Cailín Ciúin agus Róise & Frank ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media

06.03.22


 
Bronnadh gradaim ar dhá scannán ó scéim CINE4 TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann inniu ag gradaim Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath (DFCC) ar oíche dheireanach na Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media. Bronnadh gradam don SCANNÁN ÉIREANNACH IS FEARR ar An Cailín Ciúin, agus gradam don CLIAR IS FEARR ar an scannán Róise & Frank.
 
Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
 
Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
 
Taispeánadh An Cailín Ciúin den chéad uair Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín Berlinale an mhí seo agus bhain sé Duais an Grand Prix of the Generation 14plus International Jury don Scannán Is Fearr amach. D’oscail An Cailín Ciúin Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus bhí sé á thaispeáint ag Féile Scannán Ghlaschú thar an deireadh seachtaine. Tá ard-mholadh tugtha ag léirmheastóirí don scannán go dtí seo
 
Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal. Bronnadh Gradam Aimsithe Aer Lingus ar Cholm Bairéad níos luaithe an tseachtain seo.
 
Bronnadh gradam don chliar is fearr ar an scannán gleoite Róise & Frank. Léirítear sa scannán Róise (Bríd Ní Neachtain) a chaill a fear céile Frank dhá bhliain roimh réidh. Tá sí fós faoi bhrón agus í scoite amach óna teaghlach agus ón bpobal. Tagann madra mistéireach chuici agus is léir go bhfuil an madra an-mhór léi. Is breá leis an madra spórt agus feoil, agus tá cathaoir ar leith gur fearr leis sa teach. Samhlaítear do Róise gurb é an madra a fear chéile Frank tagtha chun beatha arís. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí imithe as a meabhair ar fad, ach glacann an pobal leis go bhfuil Frank tar éis filleadh.

Is iad Rachael Moriarty agus Peter Murphy a stiúraigh Róise & Frank, agus Cúán Mac Conghail ó Macalla Teo a léirigh. Ba iad Macalla Teo a léirigh an scannán Gaeilge Arracht freisin.
 

Dúirt Cleona Ní Chrualaoi, Léiritheoir An Cailín Ciúin, “Is mór an onóir é dúinn gur bronnadh an gradam don Scannán Éireannach is Fearr orainn i mbliana. Tháinig an oiread sin scannáin Éireannacha iontacha ar an bhfód le déanaí gur cúis bhróid nach beag é gur roghnaíodh ár scannán óna measc. Is moladh mór é seo don scéim Cine4, faoinar leíríodh An Cailín Ciúin, agus do fhís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt agus a mhaoiniú. Míle buíochas leis na maoinitheoirí seo, lenár sár-cliar agus criú, le Ciorcal Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath agus le Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath Virgin Media a chreid inár scannán agus a chuir é faoi bhráid lucht féachana Éireannach don chéad uair.”
 

Dúirt Rachael Moriarty, Stiúrthóir Róise & Frank, “Tá ríméad an domhain orm gur thaitin Róise & Frank thar cionn leis an lucht féachana ag DIFF! Foireann aisteoirí den scoth a thug chuig an scáileán mór é agus aitheantas tuillte acu gan aon agó. Scéal mealltacht é Róise & Frank le féith grinn agus croí mór leis. Tá an scannán á thaispeáint faoi láthair i bhFéile Scannánaíochta Santa Barbara, i gCalifornia S.A. agus tá an lucht féachana anseo ag baint taitneamh iontach as – agus ag gáire!

Do go leor anseo is é seo an chéad uair dóíbh Gaeilge a chloisteáil agus iománaíocht a fheiceáil!”
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Tréaslaíonn TG4 le Inscéal agus le Macalla as na gradaim atá faighte ag An Cailín Ciúin agus Róise & Frank ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath. Tá ábhar Gaeilge a sholáthar don lucht féachana ar gach ardán i gcroílár fhís TG4 agus táimid riméadach faoin réimse scannán Ghaeilge den chéad scoth atá ann anois de bharr scéim CINE4. Tugann na gradaim seo aitheantas do chaighdeán na foirne léiriúcháin agus cliar ag leibhéal idirnáisiúnta.”
 

Beidh an dá scannán i bpictiúrlanna ar fud na tíre níos déanaí i mbliana.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: