Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

€7.3m do mhaoiniú breise ón rialtas do TG4 in 2023

€7.3m breise do TG4 i gCáinaisnéis 2023

27.09.22


 
Cuireann TG4 fáilte roimh fhógra an rialtais sa cháinaisnéis inniu go mbeidh €7.3m de mhaoiniú breise do TG4 in 2023.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Tá mé an-bhuíoch den Aire Catherine Martin as a ceannaireacht fhadbhreathnaíoch mar Aire. Tá mé go mór faoi chomaoin ag Ard-Rúnaí agus oifigigh na Roinne as a dtacaíocht leanúnach do straitéis TG4, straitéis ‘Fís tar éis Covid’ a chum Bord TG4 faoi stiúir stuama iar-Chathaoirligh TG4, Siún Ní Raghallaigh.

Léiríonn an t-ardú suntasach seo i mBuiséad TG4 muinín an Rialtais as bainistíocht agus as foireann TG4 agus as an earnáil neamhspleách chruthaitheach a chuireann ábhar den scoth ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Tá tionchar mór ag na meáin ar theangacha mionlaigh ar fud an domhain mar go mbronnan siad stádas ar na teangacha sin. Is í fís straitéiseach TG4 ná teacht ar acmhainní atá ar chomhcheim le acmhainní S4C sa Bhreatainn Bheag agus EITB i dTír na mBascach. Leanfar anois leis an obair chun an sprioc sin a bhaint amach.”
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: