Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraitheanna nua á lorg ag TG4 do chainéal nua Cúla4

14.11.22


 
Ag Lá na Léiritheoirí inniu, ócáid a d’eagraigh TG4 don earnáil neamhspleách léiriúchán, fógraíodh babhtaí coimisiúnaithe nua don mhaoiniú breise €7.3m a cheadaigh an Rialtas do TG4 i mBuiséad 2023. D’fhreastail suas le ceithre scór ionadaí ón earnáil léiriúcháin ar an ócáid a bhí ar siúl i mBaile Átha Luain.

Tá babhtaí nua coimisiúnaithe fógartha do chainéal Cúla4 agus caithfear os cionn €2m ar chláracha agus ábhar nua do pháistí. Tá iarratais á lorg ar ollsoláthar ceithre bliana d’ábhar siamsaíochta do pháistí idir 8 agus 12 bhliain d’aois ina mbeidh páistí nó tallann óg láithreoirí a mheallfaidh an lucht féachana ar an scáileán. Tá iarratais á lorg chomh maith ar ollsoláthar do mhíreanna láithreachais le láithreoir dírithe ar pháistí faoi dhá bhliain déag d’aois don chainéal.

Ba mhaith le Cúla4 sraith staire do dhaoine óga a choimisiúnú a thabharfaidh léargas don lucht féachana ar stair na hÉireann ar bhealach spéisiúil agus siamsúil agus tá smaointe á lorg do sheó cluichí ina mbeidh scoileanna, clubanna nó grúpaí cairde in iomaíocht lena chéile.

Tá scéimeanna eile forbartha fógartha do thograí drámaíochta réamhscoile agus drámaíocht do pháistí níos sine idir 8-12 bhliain d’aois, togra beochana do pháistí idir 8-12 bhliain d’aois agus formáid siamsaíochta do pháistí i ngach aoisghrúpa.

Chun cur le hacmhainní foghlama do mhúinteoirí agus daltaí, tá maoiniú forbartha ar fáil chun tograí oideachais uaillmhianacha a léiriú in 2024 atá dírithe ar an nGaeilge a chur cun cinn i scoileanna. Beifear ag díriú ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna, agus beidh béim ar leith ar thacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna nach Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta iad. Tá iarratais á lorg chomh maith ar ábhar oideachais gearrfhoirme dírithe ar pháistí bunscoile a bheadh feiliúnach don suíomh TG4 Foghlaim nó le craoladh ar chainéal Cúla4.

Tá iarratais á lorg chomh maith ag TG4 ón earnáil léiriúchán neamhspleách chun cláir aonair nó sraitheanna a fhorbairt sna réimsí seo a leanas – cláracha faisnéise nó fíorasacha a chraolfar sa phríomhsceideal, cláracha fíorasacha nó siamsúla a chraolfar don chroílucht féachana, siamsaíocht fhíorasach don teaghlach, ceol tradisiúnta agus siamsaíocht cheol nach ceol traidisiúnta nó ceol tíre é, ábhar do dhaoine faoi 35 bliana agus formáidí ginearálta.

Tá tuilleadh eolais faoi na babhtaí le fáil ar tg4.ie/coimisiuin

 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: