Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

€4.2m breise ceadaithe do TG4 i gcáinaisnéis 2022

Fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an rialtais sa cháinaisnéis go mbeidh €4.2m de mhaoiniú breise do TG4 in 2022

12.10.21


 

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an rialtais sa chaináisnéis inniu go mbeidh maoiniú breise de €4.2m do TG4 in 2022. Is é seo an dara bliain as a chéile a bhfuil méadú suntasach, tuairim is 10% tugtha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do TG4. €44.9m an maoiniú a bheidh ag TG4 ón státchiste sa bhliain 2022.
 
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá muid an-bhuíoch den Aire Catherine Martin, den Rialtas ar fad agus d’Ard-Rúnaí agus d’oifigigh na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as tacaíocht an-suntasach bhreise a chur ar fáil do TG4 don dara bliain as a chéile. Léiríonn na moltaí a chuir TG4 ar aghaidh inár gcáipéis, ‘Fís tar éis Covid’, go bhfuil fís uaillmhianach ag Bord TG4 do na meáin Ghaeilge. Tá muid ag súil go mór le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a fheiceáil maidir leis an fhorbairt a chaithfear déanamh ar na meáin Ghaeilge.
Agus TG4 ar tí ár 25ú lá breithe a cheiliúradh, is cúis áthais dúinn go bhfuil glúin nua de dhaoine óga tallannacha ag teacht isteach arís sa tionscal seo. Tugann tacaíocht leanúnach an Rialtais an deis do na comhlachtaí léiriúcháin slí bheatha tharraingteach i saol na teilifíse a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge tríd na scéimeanna forbartha a bhfuil TG4 bainteach leo.
Tá dhá bhliain an-chrua caite againn agus glacaim buíochas le mo chomhghleacaithe ag TG4 agus san earnáil chruthaitheach as an ndíograis agus a dtiomantas don lucht féachana i gcaitheamh na paindéime. Tugann fógra an Aire Catherine Martin dóchas dúinn ar fad do 2022.”

 

Bhí TG4 ar an 6ú cainéal is mó lucht féachana in Éirinn in 2020 don dara bliain as a chéile. Ba é 1.83% an meán-sciar féachana in 2020 agus bhí méadú 3% ar an sciar go dtí 1.92% le linn an phríomhama féachana ó 2019. Rinne TG4 infheistíocht de €25.26m san earnáil na léiriúchán neamhspleách anuraidh. Caitheadh breis is 77% den chaiteachas bliantúil ar ábhar nua Gaeilge a chruthú in 2020.