Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Sé Mo Laoch - scéalta agus ceol ó laochra mhór an cheoil traidisiúnta in Éirinn

’Sé Mo Laoch
Ón 12 Meán Fómhair, 2021
Dé Domhnaigh, 9.30pm ar TG4

03.09.21

 

 

‘Sé mo Laoch, mórshraith ceoil thraidisiúnta TG4, ar ais don 12ú sraith, sraith ina mbeidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach ann. Leagfar béim sa tsraith seo ar an traidisiún ar leith a bhaineann leis an bportaireacht béil. Faoi chaibidil sa tsraith dhomhain cúig chlár seo beidh an portaire béil Séamus Fay as an gCabhán, na ceoltóirí orgáin béil John & Pip Murphy as Loch Garman , na hamhránaithe Áine Uí Cheallaigh as Port Láirge, Mairéad Ní Mhaonaigh as Dún na Gall agus Kevin Conneff na Chieftains sna cláracha uair an chloig faisnéise ina n-inseoidh na ceoltóirí seo a scéal féin.
 
Le saol agus saothar Mhairéid Ní Mhaonaigh, an t-amhránaí traidisiúnta agus fidléir, as Tír Chonaill a chuirfear tús leis an tsraith. Bhí Mairéad ar dhuine de bhunaitheoirí Altan, an banna mór ceoil a chuir ceol Dhún na nGall ar stáitse ar fud an domhain mhóir. Is ball freisin í de na grúpaí Na Mooneys, String Sisters agus Sí Fiddlers. Idir a stíl fhuinniúil fidléireachta agus a guth uaibhreach, is cinnte go bhfuil fuaim ar leith tugtha chun cinn ag Mairéad sa 30 bliain a bhfuil sí i mbun ceoil agus tá sí gan amhras ar dhuine de na hamhránaithe is aitheanta i gceol nua-aimseartha na hÉireann. I measc na rannpháirtithe agus na gceoltóirí sa gclár seo tá Mark Kelly; Martin Tourish; Ciarán Curran; Steve Cooney; Tara Bingham; Dermy Diamond; Manus Lunny; Nia Byrne; Ann Mooney; Gearóid Ó Maonaigh; Paul O’Shaughnessy; Paddy Glackin & Maighread Ní Dhomhnaill.
 
Go Loch Garman linn ina dhiaidh sin chun eolas a chur ar John & Pip Murphy. Ag éirí aníos i mBaile Gabha gar don Charraig a d’fhoghlaim John agus Pip leis an armónach a chasadh óna n-athair Phil Murphy agus casann siad fós na ríleanna agus cornphíopaí a chum sé – Ríl Bhaile Gabha agus Turas go Baile Chuilinn ina measc. Ar ndóigh is mó atá ar Loch Garman ó thaobh na hiománaíochta ná an ceol agus is minic go ndéantar neamhaird ar an gcontae sa bplé faoin gceol traidisiúnta. Cé is fearr chun sin a chur ina cheart ná John & Pip, trína scéal féin a roinnt i dteannta Benny McCarthy, Des Dillon, Jim Murray, Áine Hensey, Philip King, Rick Epping & Seán Óg Potts.
 
Beidh aithne ag lucht an cheoil thraidisiúnta ar Kevin Conneff, amhránaí agus ceoltóir bodhráin as Baile Átha Cliath. É ar dhuine de bhanna aitheanta The Chieftains agus ar dhuine de bhunaitheoirí The Tradition Club i dteach ósta Slattery sna 70idí, tá greim ag Kevin Conneff ar an gceol traidisiúnta nach bhfuil ag aon duine eile. Clár pearsanta ar leith an clár seo ina gcaitear súil ar shaol agus ar cheol Kevin agus i measc na n-aíonna ina theannta beidh Mary Bergin, Matt Molloy, Tony Byrne, Joe McKenna, Ella Conneff, Doireann Ní Bhriain, John Banville, Gay McKeon & Tara Breen.
 
‘Portaire béil an Chabháin’ a bheidh againn ina dhiaidh sin – Séamus Fay as Druim Chonnmhaic i mBaile an Chabháin. Tugadh aitheantas dó as an mbua atá aige nuair a bhuaigh sé gradam na portaireachta béil ceithre uaire ag Fleadh Ceoil na hÉireann sa bhliain 1959, 1960, 1961 and 1969. Mar a tharlaíonn sé níor chuir sé isteach ar aon chomórtas eile riamh ach iad – nach iad na hiomaitheoirí eile a bhí buíoch. Is cinnte go bhfuil bua ceart ar an bhfear umhal seo agus inseoidh sé a scéal féin i dteannta Martin Donohoe, Neansaí Ní Choisdealbha, Michael Harding, Eoghan Ó Ceannabháin, Aoife Murray, Antóin MacGabhann, Richie Lyons, Fintan McManus, Marion Crowe, Cathal Lynch, Zoran Donohoe, Claire McDermott & Áine McDermott.
 
Sa gclár deiridh den tsraith, roinnfidh Áine Uí Cheallaigh, duine de na hamhránaithe is tábhachtaí in Éirinn, a scéal linn. Is i mBéal Feirste a rugadh Áine ach go bhfuil ceangal rímhór aici le ceantar Gaeltachta na Rinne i bPort Láirge. Is mó cáil Áine dá páirt sa chéad seó Riverdance agus ina dhiaidh sin sa seó ceoil ‘The Pirate Queen’ ar Broadway. Tá Corn Uí Riada buaite faoi dhó aici agus bhí sí ar dhuine de na chéad daoine nach de thraidisiún amhránaíochta Chonamara iad leis an ngradam mór sin a thabhairt léi. Inseoidh sí a scéal féin dúinn sa gclár seo i dteannta Irial Ó Ceallaigh, Bill Whelan, Seán Bán Breathnach, Liam Ó Maoladha, Ann Mulqueen, Caoimhín Ó Feargháil, Seán Ó Feargháil, Macdara Ó Faoláin, Pax Ó Faoláin, Cárthach Ó Faoláin & Cormac De Barra.
 
Arna stiúradh ag Ciarán Ó Maonaigh agus arna léiriú ag Dónal O’Connor, is í Niamh Ní Bhaoill an Léiritheoir Feidhmiúcháin. ‘Sé mo Laoch arna léiriú ag Aniar TV.
 
 
 

Chun tuilleadh eolais agus agallaimh a fháil déan teagmháil le:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: