Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Samhlú Croí Cruthaitheach' - Sraith de ghearrscannán ealaíne le craoladh ar Sheinnteoir TG4 ón Domhnach seo

08.01.21


 

Comhpháirtíocht nua é Samhlú idir TG4 agus Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Seoladh Samhlú i mí na Nollag 2020 chun gaiscí agus cruthaitheacht ealaíonta atá tagtha chun cinn ar fud na hÉireann a cheiliúradh, cé gur bliain thar a bheith dúshlánach a bhí in 2020.
 

Ardán ealaíon iontach é Samhlú 2020 a craoladh i mí na Nollag, 90 nóiméad de cheol, amharclannaíocht agus de dhamhsa agus é curtha i láthair ag Tommy Tiernan.
Craolfar an dara céim den tionscadal cruthaitheach seo ar sheinnteoir TG4 www.tg4.ie/Samhlú ón 10ú Eanáir.
 

 

 

Is sraith de dhá ghearrscannán déag teibí é Samhlú Croí Cruthaitheach ina bhfuil ealaíontóirí agus lucht cruthaitheacha rannpháirteach. Is ionann na gearrscannáin seo agus eispéireas d’íomhánna agus d’fhuaimeanna ina dtugtar léargas ar an bpróiseas ealaíne atá ag cuid d’aos dána cheilte na hÉireann. Is iad seo ealaíontóirí, déantóirí agus gníomhaithe ar leith agus bríomhara na hÉireann, daoine atá lonnaithe i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Tríd na scannáin seo, gheobhaidh an lucht féachana léargas nua agus mionsonraithe ar mar a ullmhaíonn an t-ealaíontóir é féin agus mar a dhéanann sé a chuid saothair a fhorbairt i bhfoirm stílithe dhílis.
 

Heavy Man Films, atá bunaithe i nGaillimh, a léiríonn scannáin Samhlú Croí Cruthaitheach. Scéalta saincheaptha a chur faoi bhráid an lucht féachana is ea réimse speisialtóireachta na cuideachta atá imithe ó neart go neart le 10 mbliana anuas, ag cur ábhar iontach ar leith ar fáil do chraoltóirí Náisiúnta teilifíse chomh maith le fógraí teilifíse a dhearadh agus a léiriú mar aon le hábhar ar líne, cláir faisnéise agus scannáin ficsin a dhéanamh.
 

Cuir aithne ar na hEalaíontoirí

File Gaeilge í Ceaití Ní Bheildiúin a bhfuil gradaim buaite aici. Tá raon ollmhór, scil agus cumas cruthaitheachta le brath go mór ar a cuid saothar ina bhfuil léargas tugtha ar théamaí áitiúla agus uilíocha. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Cheaití atá anois ina cónaí ar Leithinis Chorca Dhuibhne.
 

James Mary agus Neill Kelly. Is ina gceárta faoi scáth Chaisleán Chill Chainnigh a dtugann na Sainghaibhne Óir seo faoina gceird ag déanamh seodra saindeartha trí ghaibhniú fuar le lámh. Is é a rinne corn Chraobh Iomána na hÉireann chomh maith.
 

Helen Comerford – Tá 20 bliain caite ag Helen i mbun péintéireacht dhathdhóite. Tá sí lonnaithe i gCill Chainnigh agus de thoradh ar an gcaoi ar leith a dtugann sí faoina cuid saothar, cuireadh ar taispeáint iad i ngailearaithe lena n-áirítear IMMA, Gailearaí Bardasach Butler i gCill Chainnigh, Dánlann an Hugh Lane agus bailiúchán bardasach na Gaillimhe.
 

Ian Joyce ag cur faoi, ag smaointeoireacht agus ag obair i ndomhan ársa na gcloch, ina bhfuil foinsí nádúrtha uisce agus feirmeacha atá scuabtha ag an ngaoth sa cheantar is faide ó bhaile in oirthear na hEorpa. Is faoi mhaireachtáil a chuid saothar agus faoi na coinníollacha a bhaineann le léiriú agus le comóradh oifigiúil a shárú.
 

Idir ceol íostach agus ceol leictreonach é saothar Anna Mullarkey. Tá a cuid taibhléirithe bríomhara fisiciúla chomh tarraingteach céanna lena ceol. Tógadh Anna i nGaillimh agus is ón fharraige a tharraingíonn sí inspioráid dá cuid saothar ceoil.
 

Willzee páirteach i ngluaiseacht ceoil a chuireann a bhaile dúchais, Luimneach, go mór chun cinn maidir le rapcheol na hÉireann.
 

Cruthaíonn Tatiana Dobos saothair ealaíon cheirmeacha a bhaineann le mothúcháin daoine. Féachann sí leis na meicníochtaí a bhaineann leis an gcoimhlint inmheánach a chur i láthair ina cuid saothar, fad agus a dhéanann sí an toradh a bhíonn air sin a scrúdú.
 

Cruthaíonn an tAmharc-Ealaíontóir Eoin Turner in éindí lena bhean, an t-ealaíontóir Lorraine Mullins; dearaí & píosaí dealbhóireachta saincheaptha inaitheanta iontacha as gloine, saothar a bhfuil ceiliúradh déanta orthu ar fud na cruinne.
 

Is ealaíontóir Éireannach é Andrew Duggan a dhéanann an caidreamh casta idir duine agus áit a scrúdú ina chuid saothar físeáin, suiteálacha agus tograí. Baineann sé leas as na gnéithe is láidre ina chuid saothar maidir le heaspa, athrá agus aistriú chun ceangal a chur i gceann daoine le háiteanna tógtha nó le háiteanna atá samhlaithe agus stair a aimsiú.
 

Is Amharc-Ealaíontóir as an bPolainn í Anna Matykiewicz atá anois lonnaithe sna Clocha Liatha, arb iad portráidí péinteáilte sochorraithe de mhná iad a réimse speisialtóireachta.
 

Tá ceol Mhánus Lunny fite fuaite i saol an cheoil in Éirinn. Tá an-tóir ar Mhánus mar gheall ar chomh cumasach is atá sé ar uirlisí éagsúla ceoil chomh maith leis an taithí atá aige ar ardáin, ar scáileáin agus ar an raidió anseo in Éirinn agus thar lear le breis is 30 bliain anuas.
 

Is ó fhochultúr graifítí bríomhar na hÉireann a tháinig Shane O’Malley chun cinn. Tá Shane, ar as an Uaimh ó dhúchas é, anois ina chónaí i nGaillimh. Tá spéis aige sna téamaí a bhaineann le haitheantas, le meabharshláinte agus folláine mothúchán chomh maith le haistear agus féineacht daoine. Tá teanga fhísiúil dá chuid féin forbartha aige ag baint úsáid as dath láidir agus as pátrúin gheoiméadracha shimplí.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: