Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith Nua Faoin Rásaíocht Seilge Náisiúnta

LAOCHRA NA RÁSAÍOCHTA
AG TOSÚ DÉARDAOIN AN 18 FEABHRA AR TG4 AG 9.30pm

09.02.21

Arkle
 

 

 

Tá ríméad ar TG4 agus ar Touchline Media a fhógairt go bhfuil sraith nua faoi rásaíocht chapall,‘Laochra Na Rásaíochta’, ar a mbeidh cur síos ar roinnt de na capaill Seilge Náisiúnta is fearr in Éireann, coimisiúnaithe go speisialta ag TG4 agus cuirfear tús leis Déardaoin an 18 Feabhra le clár faisnéise uair a chloig ina n-inseofar scéal Arkle, a bhuaigh an Corn Óir ag Cheltenham trí gheábh sna 1960idí. Is athchraoladh atá sa chlár seo, clár a bhua Gradam IFTA don Chlár Faisnéise Spóirt is Fearr, agus a craoladh den chéad uair ar TG4 i Márta 2014.
 
Craolfar an Dara Clár de ‘Laochra Na Rásaíochta’ an 25 Feabhra, clár ina n-inseofar scéal: L’Escargot – a bhuaigh an Corn Óir i 1970 agus i 1971 agus an Grand National i 1975. Captain Christy – a bhuaigh an Corn Óir i 1974. Brown Lad – an t-aon chapall riamh a bhuaigh Grand National na hÉireann trí gheábh. Monksfield – a bhuaigh an Champion Hurdle dhá bhliain as a chéile i 1978 agus i 1979. Agus Istabraq – an capall cliathrásaíochta ab fhearr riamh dar le daoine, a bhuaigh trí Champion Hurdle as a chéile. Beidh Aidan O’Brien, JP McManus, Charlie Swan, Arthur Moore, Ted Walsh, Tom Taaffe, Jim Dreaper, Des McDonogh, Jonjo O’Neill, Sandra Hughes, Paul Carberry agus Nina Carberry páirteach sa chlár.
 
Craolfar an Tríú Clár de ‘Laochra Na Rásaíochta’ an 4 Márta, ina ndéanfar cur síos ar scéal cheithre chapall a bhfuil an-ghean ag lucht spéise rásaíochta capall na hÉireann orthu: Limestone Lad – a mba le muintir Bowe as an nGeata Bán i gContae Chill Chainnigh í, agus ba ann a tógadh agus a traenáladh freisin í. Danoli – ‘Curadh na nDaoine ’ dar le go leor – ba é Tom Foley a thraenáil í ina aice le Muine Bheag i gContae Cheatharlach. Agus Dorans Pride agus Beef Or Salmon – dhá chapall a tharraing clú agus cáil ollmhór ar a dtraenálaí, Michael Hourigan as Luimneach i saol na rásaíochta capall. Beidh Michael and John Bowe, Tom Foley, Tommy agus Jim Treacy, Michael Hourigan, Kay Hourigan, Charlie Swan, Aidan O’Brien agus Ted Walsh páirteach sa chlár.
 
Craolfar an Ceathrú Clár de ‘Laochra Na Rásaíochta’ an 11 Márta, clár ina n-inseofar scéal: Florida Pearl – an capall a tharraing cáil ar an traenálaí Willie Mullins agus a bhuaigh Corn Óir Hennessy ceithre huaire. Hardy Eustace – a bhuaigh an Champion Hurdle ag Cheltenham dhá bhliain as a chéile in 2004 & 2005, le linn ré órga do lucht na gcapall cliathrásaíochta as Éirinn. Agus Moscow Flyer – a thraenáil Jessica Harrington agus a raibh Barry Geraghty ag marcaíocht uirthi – capall a bhuaigh roinnt rásaí den Chéad Ghrád, lena n-áirítear an Queen Mother Champion Chase a bhuachan faoi dhó ag Féile Cheltenham. Beidh Willie Mullins, Jessica Harrington, Barry Geraghty, Conor O’Dwyer, Davy Russell, David Casey, Sandra Hughes agus Eamonn Leigh páirteach sa chlár.
 
Beidh na príomhcharachtair ar fad páirteach sa chlár faisnéise speisialta seo faoi Dawn Run, (an cúigiú clár) agus an clár deiridh de ‘Laochra Na Rásaíochta’, ina n-inseofar scéal atá deacair le creidiúint agus an dóchas agus an gaisce, an díomá agus an gradam agus, ar deireadh thiar, an tubaiste i gcoimhlint lena chéile. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa chlár seo beidh Paddy Mullins, nach maireann, a bhean Maureen, agus a gclann mhac Tony, Tom agus Willie Mullins. Feicfear chomh maith an t-úinéir Charmian Hill, nach maireann, agus a mac Jeremy Hill agus tabharfaidh an marcach Jonjo O’Neill a léargas sainiúil féin ar cheann de na scéalta is iontaí ó thaobh na rásaíochta de. Mar chuid den chlár faisnéise seo faoi Dawn Run, taispeánfar freisin an choimhlint nach ndéanfar dearmad choíche air a bhí ann i 1986 idir Dawn Run agus Buck House ag Baile Phúinse agus déanfaidh an traenálaí, Mouse Morris, agus an marcach Tommy Carmody cur síos ar na cuimhní cinn atá acu féin ar an lá speisialta sin.
 
Is é Stephen Cullinane a stiúir ‘Laochra na Rásaíochta’ , is iad Denis Kirwan agus Dave Keena léiritheoirí na sraithe, agus is é Peter Moffett an stiúrthóir fótagrafaíochta.
 
“Cé is moite den éacht ollmhór a rinne Arkle sna 60aidí, agus an gaisce mór atá déanta ag capaill na hÉireann leis na deicheanna de bhlianta, bhí blianta áirithe ann nach raibh thar mholadh beirte ach amháin go mbíodh, anois agus arís, capall éigin buacach ag na himeachtaí móra a d’ardódh croí duine. Cuireann ‘Laochra na Rásaíochta’ beocht i gcuid mhaith de na himeachtaí iontacha seo. Tá lúcháir ar Touchline Media gur choimisiúnaigh TG4 go speisialta iad leis an tsraith de chláir faisnéise thábhachtacha seo a léiriú, sraith a ndeineadh scannánaíocht agus eagarthóireacht uirthi le roinnt míonna anuas, in ainneoin na srianta a bhaineann le paindéim an choróinvíris. Táimid cinnte go mbainfidh lucht spéise na rásaíochta capall sult as an gcuimhne siar bhríomhar seo. Tá sé beagán cosúil le sraith eile de chuid TG4, ‘Laochra Gael’ , a raibh an-tóir uirthi, agus tá súil againn go mbainfidh idir óg agus sean sult as” a dúirt Denis Kirwan, Léiritheoir, Touchline Media.
 
Tá dea-theist cheana féin ar Touchline Media ó thaobh cláir faisnéise rásaíochta a léiriú; Bhuaigh ‘Arkle – The Legend Lives On’, duais IFTA do Chlár Spóirt na Bliana in 2015 chomh maith leis an gcéad áit a bhaint amach arís i gComórtas na Meán Ceilteach in 2015 sa chatagóir céanna. In 2012 léirigh an fhoireann chéanna seo ‘Jump Boys’, clár faisnéise spóirt a fuair ainmniúchán le haghaidh gradam IFTA agus, i mí Feabhra 2019, ‘Jump Girls’ a bhain dea-cháil amach. Is iad Touchline Media freisin a léirigh an tsraith ceithre chuid faoi Rásaí na Gaillimhe – ‘Seachtain na Rásaí’ chomh maith le cláir réamhléirithe, le breis agus deich mbliana anuas, d’Fhéilte Cheltenham agus Bhaile Phúinse.

 
 
 

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: