Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

LGFA Peil na mBan Beo ar TG4

Deimhnithe ag LGFA agus TG4 go ndéanfar craoladh BEO ar gach ceann den 63 cluiche i gCraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan 2021

07.07.21

13 cluiche socraithe le craoladh ar TG4; 50 cluiche le sruthú ar ardán tiomnaithe Craobhchomórtais LFGA agus TG4
 

 

Tá sceideal ollmhór d’aicsean beo an samhraidh fógartha inniu ag Cumann Pheil na mBan agus ag urraitheoirí an Chraobhchomórtais TG4.

Tá sé deimhnithe go mbeidh gach ceann den 63 cluiche i gCraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 2021 ar fáil le féachaint orthu BEO – agus go bhfuil peil oíche Dé hAoine ar ais!
 

 
Craolfaidh TG4 13 cluiche ar an iomlán – lena n-áirítear trí Chluiche Ceannais na hÉireann ó Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh an 5 Meán Fómhair nuair a ainmneofar seaimpíní na Sóisear, na craoibhe Idirmheánaí agus na Sóisear.

An Aoine beag seo, an 9 Iúil, a chuirfear tús le clúdach eisiach TG4 nuair a bheidh Gaillimh le Ciarraí i nGrúpa D i gCraobhchomórtas na Seaimpíní (ag tosú ag 7.30pm).

Leanfar le cluichí oíche Dé hAoine le cluiche cinniúnach Uladh idir Ard Mhacha agus an Cabhán Dé hAoine an 16 Iúil, agus tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar chontae na Mí i gcluiche mór eile oíche Aoine ar an 23 Iúil.

Beidh an cluiche cinniúnach i nGrúpa 4 idir Ciarraí agus Dún na nGall le craoladh beo Dé Sathairn an 24 Iúil agus craolfaidh TG4 na ceithre chluiche ceathrú ceannais i gCraobhchomórtas na Sinsear le linn dheireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa, chomh maith le cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas na Sinsear Dé Sathairn an 14 Lúnasa.

Ina theannta sin, beidh teacht ar an 50 cluiche eile a bheidh le himirt i gCraobhchomórtas na Sóisear, sa Chraobhchomórtas Idirmheánach agus i gCraobhchomórtas na Sinsear le féachaint orthu beo ar thairseach ar líne tiomnaithe Craobhchomórtais LGFA agus TG4: https://page.inplayer.com/peilnamban

Tá an fógra seo á dhéanamh an tráth céanna a bhfuiltear ag comóradh 21 séasúr d’urraíocht TG4 ar Chraobhchomórtais Uile-Éireann Pheil na mBan – agus 21ú bliain de chlúdach beo teilifíse ar Chluichí Ceannais na hÉireann.

Cuirfidh 31 contae tús lena bhfeachtas i dtreo dhuais mhór na craoibhe a bhaint agus beidh 13 foireann san iomaíocht i gCraobhchomórtas na Sinsear, 13 foireann san iomaíocht sa ghrád idirmheánach agus cúig fhoireann san iomaíocht i gCraobhchomórtas na Sóisear.

Beidh teacht ag lucht féachana ar fud an domhain ar Peil na mBan Beo ar Sheinnteoir TG4 ag www.tg4.ie/beo agus ar Aip Shoghluaiste agus Theilifís Chliste TG4.

Beidh aicsean eisiach ón gcúlra ag Spórt TG4 ón gcraobhchomórtas ar a chuid cainéal meán sóisialta.

Is éard a bhí le rá ag Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, chun ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh Chraobhchomórtais TG4 2021: “Le 21 bliain anois, tá mórtas ar TG4 a bheith ag déanamh urraíochta ar Chraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan. Le linn an ama sin is muide craoltóir eisiach an spóirt sin agus is muide comhpháirtí paiseanta Pheil na mBan/LGFA.”

“Tá ríméad ar TG4 leanúint de bheith ag ceann an tslua, ag cinntiú go mbeidh ardán ag spórt na mban do lucht féachana na teilifíse. Cheana féin i mbliana, tá 150% níos mó cluichí craolta againn ó Shraitheanna Náisiúnta Pheil na mBan Lidl 2021; leanfaimid de thuilleadh cluichí a chur ar fáil don phobal, saorchraolta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar na hardáin chraolacháin go léir atá againn.”

“Thar aon ní eile, táim ag súil leis an aicsean spóirt go léir a bheidh ar siúl i rith an tsamhraidh agus gáir an tslua a chloisteáil (cibé cén slua a bheidh ann) ag Cluichí Ceannais Uile-Éireann TG4 i bPáirc an Chrócaigh i mí Mheán Fómhair.”

Is éard a dúirt Mícheál Naughton, Uachtarán Chumann Pheil na mBan:

“Táimid ag súil le séasúr eile den scoth de Pheil i gCraobhchomórtais Uile-Éireann TG4, atá ag tosú go gairid i ndiaidh fheachtas Shraith Náisiúnta Lidl nach ndéanfar aon dearmad air.

“Is í seo an 21ú bliain againn den chomhpháirtíocht sheanbhunaithe atá againn le TG4, comhpháirtíocht atá ag dul ó neart go neart i gcónaí. Táimid buíoch d’urraitheoirí agus do chomhpháirtí oifigiúil craolacháin an Chraobhchomórtais as an infheistíocht agus urraíocht leanúnach a dhéanann siad sna Craobhchomórtais seo.”

“Táimid ag staid anois, inar féidir fáilte a chur roimh lucht féachana arís ag na cluichí, cé go bhfuil srian ar na huimhreacha faoi láthair, ach cuirfidh an lucht féachana sin leis na cluichí agus táimid ag súil go mór le fáilte ar ais a chur roimh an lucht leanúna isteach ag na páirceanna.”

“Tá an chuma air gur séasúr iontach eile den Chraobhchomórtas a bheidh ann suas go dtí an Domhnach an 5 Meán Fómhair nuair a bhronnfar na coirn ar Sheaimpíní na Sóisear, na craoibhe Idirmheánaí agus na Sinsear don bhliain 2021.”

“Is féidir leat an t-aicsean go léir a leanúint ar TG4 agus ar an tairseach nua atá againn atá tiomnaithe don Chraobhchomórtas – ar a mbeidh fáil ar na 63 cluiche go léir le féachaint orthu beo. Maidir leis an #ProperFan atá i do shaol, is iontach an deis a bheidh anseo agus is cinnte go bhfeicfear neart imirt bhreá sula mbronnfar Corn an West County Hotel, Corn Cuimhneacháin Mary Quinn agus Corn Brendan Martin.”
 
Tá sé deimhnithe ag TG4 chomh maith gurb í Máire Ní Bhraonáin, iar-pheileadóir mór le rá na Gaillimhe a bheidh i mbun chlúdach Pheil na mBan beo an chraoltóra Gaeilge a chur i láthair arís an séasúr seo amach romhainn.

Beidh anailísithe den scoth in éindí le Máire ar na cláracha beo. Beidh Rena Buckley, laoch Chorcaí agus bean a bhfuil 11 bonn buaite aici i gCraobhchomórtas Sinsear Uile-Éireann TG4, linn arís i mbliana i gcuideachta Shorcha Furlong Átha Cliath, bean a raibh tionchar mór aici ar bhua breá na foirne sin sa bhliain 2010.

Cuirfidh Vikki Wall, buaiteoir Chraobhchomórtas Idirmheánach Uile-Éireann TG4 2020 agus Imreoir na Bliana na nImreoirí saineolas ar fáil chomh maith – agus tá sí ina cuid thábhachtach anois d’fhoireann na Mí atá ag ullmhú do Chraobhchomórtas na Sinsear. Is iad Michelle Ryan, iar-réalta Phort Láirge, Sinéad Finneagan, sár-imreoir Átha Cliath, agus Rhóna Ní Bhuachalla Chorcaí, a d’aimsigh cúil chinniúnacha i gCluichí Ceannais Uile-Éireann Sinsear TG4 in 2014 agus in 2016, an chuid eile d’fhoireann bhreá TG4.

Bhí roinnt réaltaí mór le rá idirchontae i dteannta Mháire ag Eas Liath álainn i gCo. Mhaigh Eo, atá gar don Líonán, chun seoladh Chraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 2021 a cheiliúradh.

I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí réalta fadbhunaithe Átha Cliath Lyndsey Davey a bhfuil bonn buaite cúig huaire aici i gCraobhchomórtas Uile-Éireann Sinsear TG4, Blaithin Mackin Ard Mhacha, réalta mhór Mhaigh Eo, Niamh Kelly agus Aishling O’Connell Chiarraí.

In éineacht leis na himreoirí sinsir ag Eas Liath bhí na himreoirí Idirmheánacha Sinéad Kenny (Ros Comáin) agus Fiona Claffey (An Iarmhí) chomh maith leis na himreoirí Sóisir Gráinne McLoughlin (Aontroim) agus Niamh McCarthy (Luimneach)

Maidir le Craobhchomórtas Sinsear TG4 2021, is iad Áth Cliath an fhoireann is mó a mbeifear ag iarraidh an ceann is fearr a fháil orthu, foireann a bhuaigh Roinn 1 sa tSraith Náisiúnta Lidl le gairid, mar go mbeidh siadsan ag iarraidh Corn Brendan Martin a thabhairt leo don chúigiú huair as a chéile.

Déanfar céad chluiche Átha Cliath i gCraobhchomórtas Uile-Éireann Sinsear TG4 2021 a shruthú beo Dé Sathairn seo chugainn an 10 Iúil.

Tabharfaidh foireann Chorcaí a cloíodh i gCluiche Ceannais na bliana anuraidh, agus a bhfuair foireann Mick Bohan an ceann is fearr orthu i gCluiche Ceannais NFL Lidl 2021, a dóthain le déanamh d’Áth Cliath.

Is iad foirne na Gaillimhe agus Ard Mhacha, a d’imir i gcluichí leathcheannais na bliana 2020, an dá fhoireann eile a mbeidh súil ghéar le coinneáil orthu i ngrád na Sinsear, chomh maith le Maigh Eo a bhfuil an iar-réalta contae, Michael Moyles, anois ina bhainisteoir orthu.

Beidh an Iarmhí ag iarraidh dul céim amháin eile chun cinn sa Chraobhchomórtas Idirmheánach, tar éis don Mhí an ceann is fearr a fháil orthu i bPáirc an Chrócaigh an Nollaig seo caite.

Agus i ngrád na sóisear, tá cúig fhoireann san áireamh chun an chraobh a thabhairt leo, is iad sin Aontroim, Ceatharlach, Doire, Luimneach agus Cill Mhantáin, a tháinig sa dara háit anuraidh.
 

#ProperFan
 
Craobhchomórtais Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan 2021- Gach cluiche ag 2pm mura bhfuil am eile luaite leis

Dé hAoine 9 Iúil 2021

Craobhchomórtas na Sinsear Pheil na mBan TG4- Grúpa 4 – Babtha 1 – Beo ar TG4
Gaillimh v Ciarraí – Páirc Uí Chíosóg, Inis, 7.30pm
 

Dé Sathairn 10 Iúil 2021

Craobhchomórtas na Sinsear Pheil na mBan TG4- Grúpa 1 – Babtha 1
Ard Mhacha v Muineachán – Páirc Lúthchleasaíochta Ard Mhacha
Cabhán v Maigh Eo – Páirc Markievicz

Craobhchomórtas na Sinsear Pheil na mBan TG4- Grúpa 2 – Babtha 1
Corcaigh v An Mhí – Páirc Naomh Breandán, Biorra

Craobhchomórtas na Sinsear Pheil na mBan TG4- Grúpa 3– Babtha 1
Áth Cliath v Tír Eoghain – Páirc Kingspan Bhréifne

Craobhchomórtas Idirmheánach Pheil na mBan TG4 – Grúpa 2 – Babtha 1
Liatrom v Fear Manach – Bhéal an Átha Móir/Seán O’ Heslins

Craobhchomórtas na Sóisear Pheil na mBan TG4 – Babtha 1
Aontroim v Doire- Páirc Uí Chorragáin, Béal Feirste
 

Dé Domhnaigh 11 Iúil 2021

Craobhchomórtas Idirmheánach Pheil na mBan TG4 – Grúpa 1 – Babtha 1
An Iar Mhí v Longford- Páirc Uí Chíosóig TEG, An Muileann gCearr
Loch Garman v Sligeach, An Féar Bán

Craobhchomórtas Idirmheánach Pheil na mBan TG4 – Grúpa 3 – Babtha 1
Ros Comáin v Cill Dara- Páirc Uí Dhugáin, Béal Átha na Sluaighe

Craobhchomórtas Idirmheánach Pheil na mBan TG4 – Grúpa 4 – Babtha 1
An Dún v Uíbh Fhailí Lann Léire, Dún Léire 1pm.

Craobhchomórtas na Sóisear Pheil na mBan TG4 – Babtha 1
Luimneach v Cill Mhantáin – Páirc Sheáin Locke, Callain
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: