Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

3 scannán de chuid TG4 le taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2021, an scannán is déanaí Cine4 ina measc

12.07.21


 
Tá 3 scannán arna gcoimisiúnú ag TG4 le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe na bliana seo, an fadscannán is déanaí ó Cine4 san áireamh.
 
Déanfar Foscadh, an fadscannán Gaeilge is déanaí ó Cine4, a thaispeáint lasmuigh Dé hAoine, an 23 Iúil. Magamedia a léirigh an scannán agus tá sé bunaithe ar an leabhar ‘The Thing About December’ le Donal Ryan. Is é seo an tríú scannán a chuir Cine4 i láthair, i ndiaidh Finky (2019) agus Arracht (2020).
 
Taispeánfar an dráma faisnéise lánfhada The Queen v Patrick O’Donnell, ar líne ar an 22 Iúil. Fíorscéal atá ann, arna léiriú ag Rosg, a dhíríonn ar Chonallach a mharaigh ball den scuad feallmharaithe The Invincibles amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883. Taispeánfar Doineann, scannán arna mhaoiniú ag TG4 / Scáileán Thuaisceart Éireann, den chéad uair ar líne ar an 25 Iúil. Déanfar an scannán beochana Gaeilge Sol a thaispeáint ag an bhFleadh Scannán freisin, a bhaineann le buachaill óg agus é ag dul i ngleic leis an dobrón. Déanfaidh TG4 urraíocht ar ghradaim na nGearrscannán don dara bliain, catagóir a chuireann daoine cumasacha nua atá ag teacht chun cinn i dtionscal na scannán os comhair an phobail, agus a chuireann chun cinn iad.
 
Is éard a dúirt Deirbhile Ní Churraighín, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, agus í ag labhairt faoi Fleadh Scannán na Gaillimhe na bliana seo, “Tá lúcháir ar TG4 trí scannán a thaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na bliana seo, lena n-áirítear an tríú scannán ó Cine4, ar comhpháirtíocht é idir TG4, Fís Éireann agus an BAI, fadscannáin bhunaidh i nGaeilge a fhorbairt, agus drámaíocht Ghaeilge a thabhairt chuig lucht féachana na pictiúrlainne in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá bród ar TG4 freisin a bheith ag déanamh urraíochta ar an gcatagóir Gradaim na nGearrscannán a thugann aitheantas do dhaoine cumasacha atá ag teacht chun cinn i dtionscal na Scannán.”
 
Is féidir áit a chur in áirithe do thaispeáintí trí oifig áirithintí Fhleadh Scannán na Gaillimhe: https://galwayfilmfleadh.eventive.org/films
 
 

Taispeánfar FOSCADH, fadscannán de chuid CINE4, den chéad uair ag an 33ú Fleadh Scannán na Gaillimhe ar an 23 Iúil 2021.

Suite i sléibhte fíoráille fiáine Chonamara Thuaidh, is scéal é FOSCADH (a chiallaíonn dídean) a bhaineann le teacht in aois a raibh moill air, agus is cinnte go mbeidh an lucht féachana uilig taobh thiar den laoch mí-ámharach mar a nglacann sé a chéad chéimeanna faiteacha thar thairseach na haosachta.

Is é Seán Breathnach a scríobh agus a stiúir FOSCADH, atá bunaithe ar charachtair ón leabhar The Thing About December leis an úrscéalaí Donal Ryan, a bhfuil go leor gradam buaite aige. Scéal John Cunliffe atá ann, díthreabhach saonta a bhrúitear in aois fir gan choinne nuair nach raibh ach 28 bliain slánaithe aige. Nuair a bhásaíonn a thuismitheoirí róchosantach, fágtar talamh sléibhe ag John bocht nach bhfuil cara aige, talamh atá sa bhealach ar fhorbraíocht bhrabúsach feirme gaoithe, agus níl an dara rogha aige ach dul i ngleic le cora agus castaí na hiontaoibhe, an díoltais, agus an rómáns den chéad uair. Rinneadh taifeadadh ar an fadscannán 90 nóiméad seo i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe agus tá páirt ag Dónall Ó Héalaí (Arracht), Fionnuala Flaherty (Out of Innocence) agus Cillian Ó Gairbhí (Blood) ann, arna léiriú ag Paddy Hayes (Corp + Anam). Beidh fuaimriain galánta an scannáin leis an gcumadóir Íoslannach Sin Fang á sheoladh i gcomhthráth leis an taispeáint ar an 23 Iúil ag an 33ú Fleadh Scannán na Gaillimhe. Is ar lipéad ceoil INNI a eiseofar an t-albam.

Is cuid den scéim Cine4, arna mhaoiniú ag Fís Éireann, TG4 agus an BAI, é FOSCADH, atá léirithe go bródúil ag Magamedia, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe i nGaillimh.
 
 

Taispeánfar The Queen v Patrick O’Donnell den chéad uair ar an 22 Iúil ag fleadh na bliana seo.

Is dráma faisnéise lánfhada é The Queen v Patrick O’Donnell arna léiriú ag ROSG, ina nochtfar den chéad uair ar an scáileán an fíorscéal taobh thiar de cheann de na comhchealga dúnmharaithe is spéisiúla i stair na hÉireann, scéal an-chorraitheach a bhaineann le foréigean, drámaíocht sa chúirt, rómáns agus scéiméireacht polaitíochta. Le fianaise ó chomhaid Oifig Gnóthaí Baile na Breataine a coinníodh faoi rún le 100 bliain, déantar faisnéis ghránna nua a nochtadh maidir le cinniúint an Chonallaigh chiúinbhriathraigh a mharaigh an brathadóir míchlúiteach James Carey ar bord loinge amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883. Aisteoirí mór le rá atá i bpáirt na bpríomhcharachtar sa dhráma faisnéise lánfhada; Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell. Is é Tomás Seoige stiúrthóir an dráma faisnéise, le Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh & Seán Ó Cuirreáin ina léiritheoirí do ROSG, le maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus an BAI. Blaisín: https://youtu.be/6zlJwZvX-pc
 
 

Taispeánfar Doineann ar an 25 Iúil.

Is léiritheoir teilifíse é Tomás a bhfuil rath air. De bharr iriseoireacht iniúchta a bheith mar shainábhar aige, tá go leor naimhde déanta aige i ndomhan na coireachta i mBaile Átha Cliath thar na blianta. Agus iad ar thóir síthe agus socrachta, imíonn sé in éineacht lena bhean Siobhan agus lena mbuachaill beag Oisín go dtí an teach saoire atá acu ar oileán iargúlta amach ó chósta thiar thuaidh na hÉireann. Coinníonn siad chucu féin ann, agus seachnaíonn siad cuideachta na n-oileánach.

Go moch ar maidin lá, faigheann Tomás glao práinneach ón obair, agus ní mór dó filleadh ar an mórthír, ag fágáil Siobhan agus Oisín ina dhiaidh ar an oileán. Filleann sé níos déanaí an lá sin, agus faigheann sé amach go bhfuil an bheirt acu ar iarraidh, agus le teann éadóchais, iarrann sé cúnamh ar Labhaoise, garda an oileáin atá ar scor. In ainneoin na rabhadh go bhfuil doineann ar an mbealach, eagraíonn Labhaoise buíon chuardaigh de mhuintir an oileáin. Tá aimsiú gránna ag fanacht orthu an mhaidin dar gcionn – ach is aimsiú é nach raibh aon choinne acu leis. Lena linn sin, tá an stoirm ag teannadh leis an oileán. Is iad Peter Coonan (Tomás), Bríd Brennan (Labhaoise), Seán T. Ó Meallaigh (Macdara) agus Clare Monnelly (Siobhán) atá sna príomhpháirteanna. Is í an chuideachta Doubleband Films a léirigh an scannán seo le maoiniú ó TG4 agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, BBC Gaeilge agus Yellowmoon.
Blaisín: https://youtu.be/15XYWfECZRY
 
 

Taispeánfar Sol – scéal spreagúil faoi bhuachaill óg atá ag dul i ngleic leis an dobrón – ar an 25 Iúil.

Tá sé mar aidhm ag an scannán beochana seo, a mhaireann 28 nóiméad, só agus suaimhneas a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil leanaí óga iontu agus an bhliain is gruama i gcuimhne na ndaoine ag druidim chun críche. Is é an comhlacht léiriúcháin teilifíse Paper Owl Films, atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a chuireann ábhar do pháistí ar fáil, a chruthaigh agus a léirigh Sol. Rinne na craoltóirí Ceilteacha TG4, S4C agus BBC ALBA comhchoimisiúnú ar Sol agus is é Aardman a rinne é a dháileadh. Rinneadh maoiniú ar Sol le Ciste an Ábhair Féachana do Dhaoine Óga de chuid Institiúid Scannán na Breataine in éineacht le Ciste Craoltóireachta Gaeilge agus Ciste Scáileáin de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Tá glór Fionnula Flanagan, aisteoir Éireannach a bhfuil duais Emmy bainte amach aici, le cloisteáil mar sheanmháthair Sol agus is í Myra Zepf (údar agus buaiteoir dhuais Leabhar na Bliana do Leanaí) a thugann glór do mháthair Sol. Is é Zana Akkoç, atá dhá bhliain déag d’aois, atá le cloisteáil i bpáirt Sol féin. Tá amhrán an scannáin taifeadta ag Moya Brennan, atá ina ball den bhanna ceoil tíre Cheiltigh, Clannad.
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: