Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cruinniú na nÓg ar TG4

31.05.21


 
Déanfar lá náisiúnta cruthaitheachta na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga a cheiliúradh ar an 12 Meitheamh leis an bhféile bhliantúil Cruinniú na nÓg agus beidh deis ag daoine faoi 18 féith na cruthaitheachta a chur ag obair. YouTube: https://youtu.be/v2GbH82TBfs
 
Déanfaidh TG4 i bpáirt le Clár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ceiliúradh ar Chruinniú na nÓg 2021 le sraith nua Cruthaím agus dráma Gaeilge do dhéagóirí ar Tik Tok. Is léargas ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht an óige a bheidh i gCruinniú na nÓg. Is é an t-aisteoir óg as Conamara Ruarc Ó Confhaola ambasadóir na Gaeltachta don bhliain 2021.
 
Díreoidh Cruthaím aird ar óige na hÉireann agus ar dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe, agus caithfear solas ar a mbeocht agus ar an tallann ar leith atá acu. Taispeánfaidh Gaeilgeoir óg amháin as gach contae chomh maith le duine amháin as an líon mór daoine óga ón diaspóra an cumas cruthaitheachta atá iontu i sraith físeán a chraolfar ar YouTube Cúla 4 ón 2ú Meitheamh go dtí an 12ú Meitheamh. Tabharfar glór agus deis ar leith don óige iad féin a chur i láthair agus an tuiscint atá i gceist leis an gcruthaitheacht dóibh a léiriú.
 
Den chéad uair riamh, léireofar dráma i nGaeilge don ardán Tik Tok do Chruinniú na nÓg. Scéal grá na Debs idir Gillian agus Séamus a léireofar sa dráma seo. Is faoin haishchlib #Fairytale a bhfuil tóir air ar Tik Tok a bheidh an dráma seo. Craolfar an dráma ina míreanna ar Tik Tok bloc_tg4 ón Satharn 12 Meitheamh. Is é an scríbhneoir agus stiúrthóir Philip Doherty, stiúrthóir cruthaitheach Samhlú 2020 a chruthaigh an dráma seo i bpáirt le daoine óga. Iarrfar ar an lucht féachana a bheith páirteach agus a ndrámaí féin a chruthú agus clibeáil a dhéanamh ar @bloc_tg4 agus #Fairytale.
 
Deir Stúirthóir Éire Ildánach, Tania Banotti, “Tá ríméad ar an gClár Éire Ildánach tacú le clár iontach tionscadal TG4 do Chruinniú na hÓg ina ndéantar ceiliúradh ar an gcumas cruthaitheachta atá ag daoine óga ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin agus ina dtugtar léargas ar an gcumas sin. Is mór an spreagadh dúinn chomh tugtha is atá TG4 d’ardán a thabhairt do leanaí agus is léargas bunúsach den scoth air sin é tionscadal iontach TG4 Cruthaím. Tá spraoi mór i gceist leis an scéal grá atá déanta acu don ardán Tik Tok agus léiríonn sin an cur chuige ar leith atá ag TG4 i dtaobh craoltóireacht chruthaitheach agus tá an-áthas orainn a bheith páirteach ann.”
 
Ag labhairt faoi na sraitheanna dúirt Eagarthóir Daoine Óga TG4, Siobhán Ní Bhradaigh, “Tá sé iontach a bheith ag tacú le Cruinniú na nÓg 2021 agus níos iontaí fós go dtaispeánfaidh ionadaí óg as gach Contae sa tír chomh maith le hionadaí óg ó na Gaeil i gcéin na bealaí ina mbíonn siadsan cruthaitheach sa tsraith ‘Cruthaím’. Tá aisteoirí óga agus cruthaitheoirí ábhair ag teacht chun cinn i gcónaí agus tá sé tábhachtach ardán a thabhairt dóibh agus ábhar a chur ar fáil dóibh san áit a bhfuil siad ag féachaint. Tá súil againn go spreagfaidh an tsraith Tik Tok daoine óga na tíre le hábhar a chruthú iad féin agus spraoi a bhaint as an bpróiseas.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin TG4:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: