Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ceithre chluiche ó Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan le craoladh ar TG4

14.09.21


 

Ní bheidh sé i bhfad anois go mbeidh ceamaraí TG4 dírithe ar staideanna Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan ó tharla margadh a bheith comhaontaithe ag an stáisiún le Cumann Peile na hÉireann cluichí beo a craoladh.
 

 
Den chéad uair riamh ó bunaíodh an tSraith sa bhliain 2011 craolfaidh craoltóir náisiúnta ceithre chluiche Sraithe saorchraolta sna seachtainí amach romhainn agus beidh na cluichí sin ar fáil ar fud an domhain ar an Aip Seinnteoir TG4.
 
Tá an nuacht seo á fógairt an tráth céanna a bhfuil Peamount United, Shelbourne agus Wexford Youths i gcoimhlint lena chéile chun an chraobh a bhaint amach, agus DLR Waves, Galway WFC agus Bohemians ag iarraidh a bheith i measc na gcúig fhoireann ar bharr na sraithe, agus beidh sárchoimhlint idir Cork City, Treaty United agus Athlone Town chomh maith.
 
Is í an craoltóir spóirt as Gaillimh, Máire Treasa Ní Cheallaigh, a chuirfidh Sacar Beo i láthair, agus beidh foireann de shainanailísithe sacair ina teannta. Fogarty Fenwick Services a léireoidh an tsraith.
 
Cuirfear tús leis an gcraoladh leis an gcluiche idir Shelbourne agus DLR Waves Dé Sathairn an 2 Deireadh Fómhair ag 5pm as Páirc na Tulchann.
 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha: “Tá ríméad ar TG4 go mbeifear ag craoladh sacar ar an stáisiún arís agus táimid ag súil le séasúr lánaicsin ó Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan. Táimid mórtasach leanúint de bheith ag ceann an tslua i dtaobh spórt na mban in Éirinn a chraoladh agus i dtaobh an aicsin spóirt is fearr a chur faoi bhráid ár lucht féachana agus éisteachta.”
“Is ionann an fógra seo agus athdhearbhú ar thiomantas TG4 do chraoladh spórt na mban in Éirinn. Chuir TG4 Sraith Pheil Astrálach na mBan agus Craobh Rugbaí Idirchúige Vodafone na mBan os comhair lucht féachana teilifíse na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2021, agus mhéadaigh an stáisiún a chlúdach ar Shraitheanna LGFA Lidl 150%.”

 
Ag cur fáilte roimh an bhfógra dúirt Stiúrthóir Shraith na hÉireann, Mark Scanlon: “Is iontach a bheith ábalta próifíl Shraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan a ardú tuilleadh trí bheith ag obair i gcomhar le TG4 ionas go mbeidh na himreoirí níos feiceálaí fós agus na cluichí beo a gcraoladh.”
“Tá éirithe thar cionn ar fad linn le LOITV an séasúr seo, rath nach bhfacthas riamh cheana, ó tharla gach cluiche a bheith ar fáil le sruthú saor in aisce. Ach is cloch mhíle cheart í craoltóir náisiúnta a bheith i bpáirt linn chun an tSraith a chur chun cinn.”
“Tá sé tábhachtach go leanfaimis d’fheabhas a chur ar gach réimse den chluiche a chur chun cinn. Tá fíor-ríméad orainn a bheith ag obair le TG4 agus tá súil againn go dtarraingeoidh an chomhpháirtíocht seo daoine nua chuig an tSraith.”

 
Fógrófar sonraí maidir leis na cluichí eile a bheidh á gcraoladh beo ar TG4 go ríghairid.
 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: