Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sléacht, Sceitheadh agus Scéinséirí i Sceideal an Fhómhair ar TG4

#Fómhar21
tg4.ie/fómhar21

23.08.21


 

Agus TG4 ag druidim le 25 bliain ar an aer i mí Dheireadh Fómhair, is léiriú oiriúnach é sceideal nua an fhómhair ar aois agus ar fhís TG4.
 

Leanann TG4 de chláracha faisnéise nua agus sainiúla chomh maith le siamsaíocht Ghaelach ar leith a chur ar fáil don lucht féachana, tallann nua a chur chun cinn, a bheith i láthair ag ócáidí cultúir ceoil, spóirt agus Gaeltachta agus clúdach suntasach a dhéanamh orthu.
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ag Seoladh an Fhómhair inniu: “Beidh TG4 ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana ar an 31 Deireadh Fómhair agus is féidir linn a bheith sásta go bhfuil ‘súil eile’ anois ag earnáil na craoltóireachta in Éirinn de bharr chláracha TG4 agus go raibh ról ríthábhachtach ag branda TG4 i dtaobh an dearcadh atá ag daoine i leith na Gaeilge a athrú. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh lenár gcuid comhpháirtithe go léir atá ag obair sa tionscal neamhspleách closamhairc agus comhghairdeas a dhéanamh leo. Bhí an tsamhlaíocht agus an chruthaitheacht a bhí acu ina bhonn taca leis an rath atá ar TG4 le cúig bliana fichead agus a bhfuil an saothar is déanaí leo á cheiliúradh againn ag Seoladh an Fhómhair.

Mar sin fhéin, nuair a dhéantar comparáid leis an mbealach a dtacaítear leis an mBreatnais sa Bhreatain Bheag, is léir nach bhfuil aon uaillmhian ag Stát na hÉireann i leith phobail labhartha na Gaeilge ná i leith meán cumarsáide na Gaeilge. Tá struchtúr monailiteach ar na Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn. Ní mór d’eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí na hÉireann a bheith níos inbhuanaithe i ndiaidh na paindéime ach níor mhór dóibh freisin a bheith níos iléagsúla agus beidh gá lena thuilleadh iolrachta. Leagtar amach sa cháipéis ‘Fís TG4 tar éis Covid’ straitéis ina dtacaítear leis na gníomhaireachtaí closamhairc ar fad atá státmhaoinithe, is iad sin RTÉ, TG4, Fís Éireann agus an BAI, ar bhealach níos córa agus níos cothroime agus, trí sin, éiceachóras meán poiblí níos iléagsúla agus nach bhfuil chomh láraithe a bhrú chun cinn.”
 

Sa tsraith faisnéise nua Misneach, cuirfear aithne ar dhaoine cróga ar caitheadh go dona leo de bharr gur labhair siad amach i gcoinne éagóir san ionad oibre. Tabharfar léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta in Éirinn – Cuan Bhaile Átha Cliath sa tsraith nua faisnéise An Cuan.
 

Idir mhagadh agus dháiríre atá sa chlár Go mBeirimid Beo ina gcaitear súil ar eachtraí móra a tharla cosúil leis an bpaindéim Covid-19, agus an t-ullmhúchán a bhí déanta, nó nach raibh déanta ag muintir na hÉireann ina leith. Bliain chiúin a bhí ann do na Bádóirí gan rásaí ar bith ar siúl de bharr Covid. Beimid i dteannta na Jimmies as an gCeathrú Rua i gConamara agus iad ag dul i ngleic leis an bpaindéim.
 

Déanfar ceiliúradh ar shaol Cholm Cille, duine de na naoimh ba mhó urraim in Éirinn a rugadh 1,500 bliain ó shin san fhadchlár faisnéise Colm Cille – An Naomh Dána. Scéal bheirt bhan shuntasacha a bheidh faoi chaibidil sa chlár faisnéise staire Áille ar Airgead. Cur síos ar Mary Cunningham a rugadh in Éirinn agus ar úsáideadh a híomhá ar Dollar Óir Mheiriceá agus ar Hazel Lavery a rugadh in Meiriceá agus a raibh a híomhá féin ar an gcéad nóta bainc in Éirinn.
 

Beidh blaiseadh den réimse saibhir ealaíon agus cultúir atá ar fáil sna ceantair éagsúla Ghaeltachta ar Oíche Chultúir 2021. Craolfar clár nualéirithe freisin le linn Oireachtas na Samhna 2021.
 

Buailfidh Hector leis na daoine éagsúla iontacha atá tagtha ó thíortha thar lear le cur fúthu in Éirinn sa tsraith Hector Éire Nua. Cuirfear dúshlán roimh cheathrar atá an-tógtha go deo le faisean a gcuid éadaí a athúsáid agus a athchúrsáil sa tsraith nua Éadaí SOS á cur i láthair ag Caoimhe Ní Chathail agus Proinsias Ó Coinn. Is iad na mná a bheidh páirteach in Underdogs na bliana seo. Beidh amhránaithe óga in iomaíocht lena chéile le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Junior Eurovision a bheidh ar siúl i bPáras i mbliana. Is í Louise Cantillon a chuirfidh an tsraith i láthair.
 

Fógrófar buaiteoirí Gradam Ceoil TG4 ag tús Mhí Mheán Fómhair agus bronnfar na gradaim ag ócáid i mBéal Feirste chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá TG4. Beidh Daniel O’Donnell ar ais le Opry le Daniel as Caisleán an Bharraigh agus beidh clár speisialta aige freisin in ómós do Philomena Begley atá i mbun an cheoil tíre anois le seasca bliain.
 

Taispeánfar 26 cluiche ón gCraobh Rugbaí Aontaithe nua ar Rugbaí Beo a thosóidh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Den chéad uair riamh, beidh clúdach beo ag TG4 ar Shraith Vodafone Rugbaí Idirchúige na mBan ar Rugbaí na mBan Beo. Leanfaidh GAA BEO lena chlúdach ó Chraobhchomórtais Peile agus Iomána Clubanna na gContaetha CLG agus ó Chraobhchomórtais Idirchúige na gClubanna AIB.
 

Beidh sraitheanna drámaíochta cumhachtacha eile sa sceideal an fómhar seo ina measc, Stateless faoi cheathrar strainséirí a chastar ar a chéile in ionad coinneála inimirce i gcroílár ghaineamhlach na hAstráile. Beidh an chéad togra teilifíse ó Steve Mc Queen Small Axe, fear a bhfuil duais an Acadaimh agus BAFTA buaite aige, faoi phobal de chuid na nIndiacha Thiar i Notting Hill, Londain ar TG4 an fómhar seo agus an dara sraith de Why Women Kill le Marc Cherry, an fear a chruthaigh Desperate Housewives. Tabharfar an lucht féachana siar ar bhóithrín na smaointe le sraitheanna ó na 80idí agus 90idí, The Golden Girls, The Wonder Years agus Dr. Quinn Medicine Woman.
 

I measc na sraitheanna nua do pháistí an fómhar seo tá sraith innealtóireachta Na hInnealtóirí, sraith siamsaíochta Mo Shaol, do Shaol ina mbeidh beirt pháistí éagsúla i ngach clár ag babhtáil a gcaitheamh aimsire lena chéile. Do lucht féachana níos óige, craolfar sraith nua dúlra agus timpeallachta Timpeall Orainn le Póilín Nic Géidigh agus Peadar Ó Goill, agus An bhfuil a Fhios agat? le Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a fhreagróidh ceisteanna faoi mar a oibríonn rudaí.
 

Ba é TG4 a thug Nordic Noir go hÉirinn, agus i mbliana beidh bailiúcháin drámaíochta The Killing, Borgen agus The Bridge ar an seinnteoir chomh maith le flúirse sraitheanna agus bailiúcháin eile ó chartlann TG4 sna réimsí ceoil, faisnéise, drámaíochta agus go leor eile. Tá Seinnteoir TG4 ar fáil ar fud an domhain tríd Aip ar IOS, Android nó ar Theilifís Cliste. Tá ábhar neamhlíneach ag dul ó neart go neart le BLOC an branda meán sóisialta do lucht féachana óg agus MOLSCÉAL ar a bhfuil scéalta ó chroílár na Gaeltachta do phobal na Gaeilge.
 

Beidh an scannán Arracht de chuid Cine4, a ainmníodh do ghradam Oscar, i bpictiúrlanna ar fud na tíre an fómhar seo. Taispeánfar fadscannáin Ghaeilge eile ó TG4 Foscadh scannán eile ó CINE4, an chéad fadscannán Gaeilge a taifeadadh i dTuaisceart Éireann Doineann agus an scannán faisnéise The Queen v Patrick O’Donnell ag féilte scannán náisiúnta agus idirnáisiúnta.
 

Tá gach eolas faoi sceideal an fhómhair ar fáil anseo: tg4.ie/fómhar21

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: