Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

GO GASTA - Sraith Nua ar TG4

GO GASTA
TG4 Dé Domhnaigh an 21 Feabhra 8.30pm

18.02.21


 

 
I Sraith 2 de chlár siamsaíochta Abú Media a raibh an-tóir air, Go Gasta , téann na meantóirí Máire Treasa Ní Dhubhghaill, Conall Ó Máirtín agus an t-aoi-mheantóir, an t-imreoir Idirnáisiúnta Rugbaí Eimear Considine ar fud na tíre chun meantóireacht a dhéanamh ar a gcuid foirne sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Dhúshlán Go Gasta.
 
Sa dara sraith de GO GASTA, tabharfaidh dhá shráidbhaile, a bhfuil coimhlint mhór eatarthu ar pháirc na himeartha, aghaidh ar a chéile ar chúrsa atá lán de dhúshláin agus constaicí, cúrsa a théann ó bhaile amháin go dtí an baile eile chun an comhar a dhíol faoi dheireadh thiar thall.
 
Caithfidh foireann de sheisear ó bhaile amháin rith i dtreo an bhaile eile ach ní gnáthrás ar bith é seo. Beidh orthu NAOI gcinn de chonstaicí éagsúla a shárú agus iad in aghaidh an chloig.
 
Is í an fhoireann is sciobtha a bhainfidh ceann scríbe amach a thabharfaidh léi an duais.
 

 
Is i gCinn Mhara agus i nDroichead an Chláirín i gContae na Gaillimhe a bheidh muid don chéad chlár. Tá coimhlint mhór idir Droichead an Chláirín agus Cinn Mhara ar pháirc na hiomána le breis is 100 bliain. Bhí an dá chumann CLG ar bhoird Roinne Ghaillimh Theas, rud a d’fhág go raibh ar an dá chumann aghaidh a thabhairt ar a chéile go minic i ngach grád, ó faoi 14 go dtí na foirne sinsearacha. Is minic a thug an dá fhoireann camógaíochta aghaidh ar a chéile agus tá aithne mhaith ag go leor de na himreoirí ar a chéile ós rud é gur fhreastail siad ar Choláiste Seamount i gCinn Mhara.
 
Is i gCo. na Mí a bheifear sa dara clár agus Baile an Shláine in éadan Dhún Uabhair. Is i gCo. na Gaillimhe a bheifear sa tríú clár nuair a thabharfaidh an Gort aghaidh ar Naomh Tomás.
 
Abú Media a léirigh an tsraith. Gach Domhnach ón 21 Feabhra ag 8.30pm agus athchraolfar na cláir gach Céadaoin ag 7.30pm.

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: