Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An Lucht Féachana is Mó ag TG4 ar Lá Nollag ó 2009

05.01.21


 

Bhí an lucht féachana is mó ag TG4 ar Lá Nollag 2020 ó bhí Lá Nollag 2009 ann. Bhí sciar lucht féachana de 3.6% ag TG4 Lá Nollag, an sciar is airde ó 2010.

Is é an cheolchoirm The Dubliners – The Parting Glass an clár is mó faire ar TG4 thar Nollaig. D’fhéach 156,600 duine ar an taifead deiridh a rinneadh de Barney McKenna le The Dubliners oíche Lá Nollag, agus bhí sciar lucht féachana de 11.25% ag an gclár. D’fhéach 73,300 duine ar an gclár faisnéise Maureen O’Hara – Banríon Hollywood, a raibh sciar de 5.03% aige.

 

 

Bhí aimsiú de 1.89m ag TG4 thar thréimhse na Nollag ar fad agus aimsiú de 1.27m idir Oíche Nollag agus Lá ‘le Stiofáin.

Ba é ceolchoirm eile, Come all you Dreamers – Christy Moore an dara clár is mó féachana sa tréimhse. D’fhéach 85,5000 ar an gceolchoirm ar an Domhnach 27ú Nollaig agus bhí sciar lucht féachana de 11.2% ag an gclár. 61,100 a d’fhéach ar athchraoladh den fhadscannán faisnéise faoi mháistir na bpíob, Liam O’Flynn – Píobaire ar Lá le Stiofáin.

Ba é Into The West an scannán is mó spéise an Nollaig seo ar TG4. Craoladh é ar Lá le Stiofáin agus d’fhéach 68,200 duine air agus bhí lucht féachana mór ag na scannáin Dirty Dancing (67,100), Mystic River (59,800) agus When Harry met Sally (46,800) freisin.

Chuir Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh críoch cheolmhar le 2020 agus tús spleodrach leis an mbliain nua ó Óstán na Sceilige sa Daingean sa chlár Fáilte 2021. D’fhéach 46,200 ar an gclár agus bhí sciar de 4% aige.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: