Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cód Cleachtais Cóirthrádála comhaontaithe ag TG4 agus Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann den chéad uair

16.03.21


 

 
Tá sé fógartha ag TG4 agus ag Léiritheoirí Scáileán na hÉireann inniu go bhfuil Cód Cleachtais Cóirthrádála comhaontaithe idir an dá pháirtí. Faoi Alt 112 (1) den Acht Craolacháin 2009, ceanglaítear ar TG4 Cód Cleachtais Cóirthrádála a bheith aige ina leagtar amach na prionsabail a mbeidh feidhm acu nuair atá bunábhar clár ó léiritheoirí neamhspleácha á choimisiúnú. Is é seo an chéad chomhaontú dá leithéid idir Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann agus TG4.
 

Is ionann branda TG4 agus a rá go bhfuil ábhar láidir cruthaitheach Gaeilge ann. Tá earnáil na léiriúchán neamhspleách a fhorbairt agus a neartú lárnach i straitéis cúig bliana TG4. Trí chomhpháirtíocht leis an earnáil físe agus fuaime, cuireann TG4 ar chumas léiritheoirí ábhar de scoth an domhain a chruthú agus tacú le fás eacnamaíoch in Éirinn. Fáiltíonn TG4 roimh an gcur chuige comhpháirtíochta seo le Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann mar bhealach lena chinntiú go gcuirtear cláracha d’ardchaighdeán ar fáil do lucht féachana TG4 anseo sa bhaile agus thar lear agus lena chinntiú chomh maith go leagtar amach cleachtais trádála ina mbaintear an úsáid is éifeachtaí agus is féidir as airgead poiblí.
 

Tá an Cód Cleachtais Cóirthrádála ceadaithe ag an BAI agus ag Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
 
Áirítear ar na príomhphointí a comhaontaíodh sa Cód Cleachtais Cóirthrádála:

  • Coinneoidh cuideachtaí léiriúcháin an cóipcheart chomh maith leis na cearta dáileacháin maidir le cláracha a léirítear do TG4.
  • Beidh cearta ilardáin ag TG4 i ndáil le cláracha a choimisiúnaítear ar feadh tréimhse 5 bliana.
  • Beidh an chéad rogha ag TG4 ceadúnas a fháil arís maidir leis na cearta Ilardáin go ceann 5 bliana eile nuair a bheidh táille breise íoctha leis an Léiritheoir.
  • Cuirfidh TG4 na cláracha ar fáil ar ardáin éagsúla agus ar sheinnteoir TG4 ar fud an domhain chun aitheantas a thabhairt do ról TG4 mar sheirbhís Ghaeilge dhomhanda.
  • Roinnfear an brabús dáileacháin idir TG4 agus an chuideachta léiriúcháin.

 
Chuir an tAire Catherine Martin fáilte roimh an bhfógra agus dúirt “Soláthróidh an comhaontú seo an bhunchloch don chomhoibriú leanúnach idir TG4 agus an earnáil neamhspleách chlosamhairc lena chinntiú go mbeidh teacht ag lucht féachana na hÉireann ar ábhar Gaeilge d’ardchaighdeán agus go mbeidh tacaíocht leanúnach ann do phoist san earnáil sin go háirithe sna réigiúin.”
 
Is éard a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont, “Tá TG4 tugtha go hiomlán d’oibriú ar bhealach cothrom chun tacú le forbairt agus méid na hearnála closamhairc. Mar Fhoilsitheoir / Craoltóir, creideann TG4 sa chomhluach ollmhór a chruthaítear trína chomhpháirtíocht shiombóisiach leis an earnáil léiriúchán neamhspleách. Is gealltanas atá sa Chód Cleachtais Cóirthrádála seo le Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann oibriú leis an earnáil ar bhealach atá cóir agus ionraic. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do gach páirtí i TG4 agus in SPI i ndáil leis an gcomhaontú seo a chur i bhfeidhm.”
 
Dúirt Susan Kirby, Príomhfheidhmeannach Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann, “Beidh trédhearcacht agus cothromas níos fearr ann i ndáil leis an gcaidreamh atá idir léiritheoirí neamhspleácha Gaeilge agus an craoltóir mar gheall ar na Téarmaí Trádála nua seo idir SPI agus TG4. Rachaidh sin chun leasa cruthú ábhair agus inbhuanaitheacht agus fhorás earnáil na Gaeilge. Cruthaíonn ár gcuid léiritheoirí ábhar ar ardchaighdeán a mbíonn lucht féachana TG4 ag súil leis agus táimidne ag iarraidh tacú leis an méadú leanúnach atá ar a chuid lucht féachana ar gach ardán. Déanfaidh Coiste nuachruthaithe Gaeilge an SPI monatóireacht chomh maith ar chur i bhfeidhm na dTéarmaí Trádála lena chinntiú go bhfuil gach páirtí sásta leis an tslí atáthar ag cur an chóid i bhfeidhm.”

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Teagmháil do na Meáin i Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann:
Anthony Muldoon, Bainisteoir Cumarsáide agus Polasaí Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann | anthony@screenproducersireland.com


Cuir aithne orainn: