Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Turas Clainne - sraith faoi an turas ón bhroinn go dtí an saol

Sraith faisnéise ceithre chlár is ea Turas Clainne ina dtugtar léargas pearsanta ar bhreith clainne agus ar an saol le páiste nuabheirthe

02.02.21


 

Ag tosú: 18/02/2021 8pm ar TG4

#TurasClainne @AniarTV
 

 

Gach bliain in Éirinn tagann os cionn 60,000 leanbh ar an saol. Is é an turas ón bhroinn go dtí an saol seo ceann de na turas is iontaí dá bhfuil ann, lán le grá, áthas, imní agus deora. Sa tsraith Turas Clainne fiosróimid an turas speisialta seo trí shúile na mban atá ag iompar clainne agus caithfimid am in éineacht le tuismitheoirí ar iomaí cor agus casadh a bhí i gceist leis an turas sin dóibhsean.
 
Sraith faisnéise ceithre chlár is ea Turas Clainne ina dtugtar léargas pearsanta ar bhreith clainne agus ar an saol le páiste nuabheirthe. Tríd an tsraith, pléifear ábhair chorraitheacha atá coitianta go leor ar an turas seo, ábhair ar nós breith anabaí, dúlagar iar-bhreithe agus neamhthorthúlacht. Inseoidh mná a bhfuil taithí phearsanta acu ar na hábhair bhrónacha agus uaigneacha a scéalta féin dúinn.
 
I gCeantar na nOileán i gConamara cuirfimid eolas ar Prisscilla De Búrca atá ag fáil faoi réir le fáilte a chur roimh a tríú páiste. Ní raibh breith a dara leanbh éasca uirthi dhá bhliain ó shin agus tá sé go fóill ar a hintinn. Gheobhaidh sí comhairle ó doula chun go mbeidh sí ar a suaimhneas nuair a bheidh sé in am an páiste a thabhairt ar an saol. An mbeidh an bhreith seo níos éasca uirthi?
 
In Earrach 2020, bhí scaipeadh an choróinvíris ag cur imní mhór ar mhná a bhí ag iompar clainne. In Iúir Chinn Trá tá Louise Smith réidh lena tríú leanbh a bheith aici i lár na paindéime agus gan fhios aici céard atá amach roimpi don bhreith. An mbeidh uirthi na pleananna a bhí leagtha amach aici a athrú mar gheall ar na srianta nua Covid -19?
 
Ní bhíonn aon toircheas ná aon turas le páiste a bheith agat riamh mar a chéile. Faraor ní dea-scéala a bhíonn i ndán do gach duine. Meastar go mbíonn 14,000 breith anabaí in Éirinn gach bliain agus tuigeann muintir Uí Adhmaill go maith an fhulaingt agus an briseadh croí a bhaineann leis seo. Inseoidh Tara Uí Adhmaill a scéal tochtmhar féin faoin mbreith anabaí a bhí aici.
 
Is iomaí cor agus casadh sa saol agus is minic a mbíonn deacrachtaí ag lánúineacha leanbh a bheith acu. Tuigeann an grianghrafadóir Marilyn McGivern na mothúcháin a théann le neamhthorthúlacht. Nuair a theip ar chóireáil neamhthorthúlachta IVF agus IUI bhí Marilyn agus a fear céile Wayne scriosta agus in ísle brí.
 
I nGaillimh tá leanbh mhuintir Mhic Dhonnacha tagtha ar an saol i ndiaidh breith chasta, imníoch. Is iomaí plean breithe nach dtarlaíonn mar is eol dóibh. Déanfaidh Sinéad cur síos ar an gcéad oíche a bhí sa mbaile acu lena páistín óg Eve agus ar bhreith thar a bheith eachtrúil.
 
Bíonn an turas seo casta agus do thuismitheoirí áirithe, is é an t-aon bhealach atá acu chun páiste a bheith acu ná trí mháthairionadaíocht. I gCo. na Mí, d’iompar Becky Loftus Dore páiste a cairde. Tráchtfaidh Becky ar an aistear ón mbroinn go dtí an saol seo.
 
Is féidir leis an saol le leanbh óg a bheith dúshlánach, mar is eol do Nicola Fallon. Bhí breith a mic Louis thar a bheith trámach uirthi. Diagnóisíodh go raibh dúlagar iar-bhreithe uirthi, ach fuair rudaí i bhfad níos measa nuair a d’iompaigh an dúlagar iar-bhreithe isteach i síocóis. Socraíodh í a chur faoi chúram Aonad síciatrach in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus chaith sí míonna fada scartha óna mic. Insíonn Nicola a scéal goilliúnach féin chun cúnamh agus faoiseamh a thabhairt do mhná agus teaghlaigh eile atá ag fulaingt mar gheall ar dhúlagar iar-bhreithe. Meastar go bhfulaingíonn os cionn 18,000 ban le dúlagar iar-bhreithe gach bliain in Éirinn.
 
Tá rannpháirtithe na sraithe ar fáil i gcomhair agallaimh.

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: