Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sruth - Sraith Úr Cheoil ar TG4

SRUTH – TG4/BBC ALBA
TG4 21 Feabhra 9.30pm

12.02.21


 

 
Sruth – níl focal níos fearr le cur síos a dhéanamh ar an ghluaiseacht atá ar bun trasna Shruth na Maoile leis na mílte blianta anuas, idir dhaoine, theangacha agus chultúr, an turas farraige is giorra idir Éire agus Albain.
 

Is bríomhar an focal é agus gheobhaidh muid léargas iontach ar an bheocht sin i dtaobh an chultúir i Sruth, sraith úr cheoil de cuid Táin Media a chraolfar ar TG4 agus ar BBC Alba i mí Feabhra.

Tabharfar an deis do chuid de na ceoltóirí óga is fearr as tuaisceart na hÉireann agus as Albain an cumas breá atá iontu a chur os comhair lucht féachana teilifíse astu féin nó ag seinm le cuid de réaltaí seanbhunaithe an cheoil thraidisiúnta ón dá thír.

Is í an t-amhránaí clúiteach, Maighread Ní Dhomhnaill, a bheidh i mbun tráchtaireachta agus buailfimid leis na ceoltóirí óga is cúis leis an dul chun cinn iontach atá á dhéanamh i ndáil le ceol dúchasach sa dá thír le scór bliain anuas.

Léireofar sa tsraith go bhfuil an traidisiún chomh láidir céanna i gcúlsráideanna Bhéal Feirste nó in eastáit tithíochta i nGlaschú agus atá sé faoi scáth na hEaragaile nó ar Eilean Sgítheanach.

Is sraith í Sruth a bhfuil rian lucht an cheoil go mór le brath uirthi, sa mhéid is go léiríonn sé tábhacht an teaghlaigh i gcothú an cheoil agus tábhacht an phobail a chuidíonn leis an gceol a bheith faoi bhláth.

Mar a deir an fidléir as Albain, Duncan Chisholm: “Eascraíonn an ceol as an áit arb as muid, as cé muid féin agus tá an nasc sin idir tuaisceart na hÉireann agus Albain thar a bheith soiléir.”

Athchruthóidh an tsraith an paisean atá ag ochtar ceoltóirí óga dá n-uirlisí agus dá n-oidhreacht agus tá siad uilig chomh deisbhéalach ag caint ar a gcuid ceoil – i nGaeilge, i nGàidhlig nó i mBéarla – agus atá siad i mbun cheoil.
 

Is i nDún Éideann, i nGlaschú i mBéal Feirste, i dTír Chonaill agus in áiteanna eile a rinneadh an scannánú ach bhí dúshláin ar leith roimh lucht a dhéanta mar gheall ar shrianta an Choróinvíris a bhí i réim ag an am, cé gur cloíodh le scaradh sóisialta, chruthaigh an ceol droichead dlúthchaidrimh idir na ceoltóirí.

Beidh idir dhíséid, thríréid agus ghrúpaí le cluinstin in Sruth, ach mar a deir Dónal O’Connor ón chomhlacht léiriúcháin: “Go bunúsach, is é an léiriú aonair croí an cheoil thraidisiúnta agus tugann na ceithre chlár an deis dúinn an draíocht a eascraíonn as an cheol a mhothú go hinstinniúil.

“Níl léamh, scríobh ná inse béil ar an dóigh a dtéann léiriú maorga ceoil thraidisiúnta i bhfeidhm ar an cheoltóir agus ar an éisteoir.”

“Músclaíonn sé mothúcháin dhoimhne ionainn, an lúcháir nó an dobrón” ar sé agus is cinnte go bhfuil taibhléirithe a bhainfidh an anáil díot le cluinstin in Sruth.”

Más pléisiúr mór don chluas é Sruth, meallfaidh tírdhreacha aille na hÉireann agus na hAlban an tsúil, na híomhánna ceaptha go gleoite ag Feilimí O’Connor, ach tá an dá ghné fite fuaite ina chéile mar gur minic a eascraíonn an ceol as an inspioráid a fhaigheann an ceoltóir agus an t-amhránaí ón tírdhreach.

“Thig leis an cheol muid a chur i dteagmháil linn féin ar dhóigh nach féidir le healaín eile a dhéanamh,” arsa Dónal.

“Cuireann sé a mhéar ar chuisle ár sinsir agus ligeann sé dúinn na haislingí atá againn faoi cad is Éireannach nó cad is Albanach ann a fhíorú,” a dúirt sé.

Is sraith ar leith í Sruth ina dtugtar léargas ar an cheol traidisiúnta i gCúige Uladh agus in Albain sa lá atá inniu ann, a thugann ómós do na glúnta a chuaigh romhainn, idir aitheanta agus gan iomrá, agus a chuireann fáilte mhór chroíúil roimh an am atá le teacht.
 

Ag glacadh páirte sa tsraith, beidh:

Clár 1: Méabh Smyth (fidil) agus Innes White (giotár)

Clár 2: Megan Nic Fhionnghaile (fidil) agus Padruig Morrison (bosca ceoil)

Clár 3: Niall Hanna (amhránaí) Brìghde Chambeul (píb)

Clár 4: Lauren O’Neill (cláirseach) agus Ali Levack (píb agus feadóga)
 

Is comhléiriúchán do TG4 & do BBC Alba í an tsraith Sruth idir Táin Media, a bunaíodh le déanaí, agus Beezr Studios agus atá cómhaoinithe ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann. Is iad an Stiúrthóir Feilimí O’Connor & Léiritheoir Feidhmiúcháin Alasdair MacCuish a rinne an beart iontach chun an ceol agus na hamhráin a chur ar scáileán agus beidh an lucht féachana agus éisteachta faoi gheasa ceart ag áilleacht agus maorgacht thírdhreach na hÉireann agus na hAlban, as a dtagann an inspioráid don cheol.
 
Craolfar an chéad chlár den tsraith ag an 9.30pm an 21 Feabhra ar TG4 agus ar fud an domhain ar www.tg4.ie

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa, Eagraí Cumarsáide TG4 | Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: