Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An gradam is mó i gCeol Traidisiúnta na hÉireann le bronnadh ar Angelina Carberry as an Longfort agus Manchain

Buaiteoirí an 24ú Gradam Ceoil fógartha ag TG4

07.09.21


Pic: Sorcha Costello, Ray Morgan, Angelina Carberry, Seán Ó Sé & Niall Hanna – Gradam Ceoil TG4 2021 ag Ollscoil na Banríona
– Press Eye Ltd

 

Tá buaiteoirí Ghradam Ceoil na Bliana 2021 fógartha ag TG4, gradaim trína léirítear urraim do cheoltóirí a bhfuil an ceol traidisiúnta tugtha chun cinn, neartaithe agus caomhnaithe acu in Éirinn. Tá sé 27 bliain ó reáchtáladh searmanas bronnta na ngradam den chéad uair, a chraolfar ar TG4 ar Oíche Shamhna chun 25 bliain ó cuireadh tús le TG4 a cheiliúradh. Is in Whitla Hall in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste a bheidh an searmanas ar siúl.

Bronnfar Ceoltóir na Bliana 2021 ar Angelina Carberry. Rugadh Angelina in Manchain ach tá sí ina cónaí sa Longfort ó na 1990idí, áit ar as a muintir.

Is ar an bhfeadóg stáin a thosaigh Angelina ag seinm ceol traidisiúnta ach ní raibh sé i bhfad gur thosaigh sí ar an mbainseó, mar sheinn a seanathair Kevin roimpi. Tá clú agus cáil ar mhuintir Carberry ina gceoltóirí, seinneann athair Angelina, Peter, an bosca cnaipí, seinneann a seanuncail, Peter, chomh maith lena mhac Noel agus a gharmhic Diarmuid agus Kevin, na píb uilleann. Cé go bhfuil stíl a seanathar, Kevin, a raibh aithne mhaith air ina cheoltóir ag céilithe agus ag damhsaí tí sa Longfort, le brath ar stíl Angelina, tá a stíl mheidhreach bheoga féin freisin aici ar an mbainseó.

Bhí sí ina ball freisin den ghrúpa ar mná ar fad iad na rannpháirtithe, na Bumblebees. I measc cheoltóirí an ghrúpa bhí buaiteoir Ghradam na bliana seo caite, an cruitire Laoise Kelly, an boscadóir Colette O’Leary, agus Angelina ar an mbainseó agus ar an maindilín.
 

Bronnfar Ceoltóir Óg na Bliana ar an bhfidléir Sorcha Costello as Tulach in oirthear chontae an Chláir. Tá oidhreacht shaibhir ceoil i muintir Shorcha; is í Mary MacNamara a máthair, bean atá aitheanta as bheith ag seinm ar an gconsairtín, agus téann ginealach ceoil a seanmháthar Ita i bhfad siar.
 

Bronnfar Cumadóir na Bliana ar Steve Cooney. Rugadh Steve Cooney in Melbourne san Astráil in 1953, tháinig sé go hÉirinn sa bhliain 1980 agus tá ceangal fós aige le cultúr na mBundúchasach ann, a ghlac isteach le Steve féin. Tá ceangal ag a shinsir le Tiobraid Árann, leis an gCabhán agus le Gaillimh. Tá aithne ar Steve Cooney as an stíl tionlacain ar an ngiotár a d’fhorbair sé in Iarthar Chiarraí do cheol damhsa traidisiúnta na hÉireann, stíl a bhfuil an-tionchar aici ar cheoltóirí eile, agus ar bronnadh an Gradam Siamsaíochta Náisiúnta air féin agus ar Shéamus Begley ina leith sa bhliain 1997.
 

Is ar Niall Hanna Thír Eoghain a bhronnfar Amhránaí na Bliana. Tá Niall báite sa cheol ó bhí sé an-óg – rinne a sheanathair Geordie Hanna, deirfiúr Geordie, Sarah Anne O’Neill agus muintir Hanna agus muintir O’Neill cinnte dearfa de sin. Ghlac Niall go fonnmhar le stór amhrán traidisiúnta Uladh i gcoitinne, fad a bhí sé ag cur lena chumas amhráin a chumadh chomh maith. Téann mórtas áite agus mórtas muintire go mór i gcion ar cheol Niall, agus tríd a shaothar aonair agus na tionscadail éagsúla ceoil ina mbíonn sé páirteach, bíonn ceol agus amhránaíocht Uladh á gcur chun cinn aige os comhair lucht féachana agus éisteacha níos leithne in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.
 

Bronnfar Gradam Saoil na bliana seo ar an gCorcaíoch ó dhúchas Seán Ó Sé a bhain cáil amach ar dtús ina amhránaí. Ba é An Poc Ar Buille, a chan sé agus a thaifead sé le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann sna 60idí, an t-amhrán ba cháiliúla dá chuid. Ó shin i leith, glactar leis go bhfuil a ghlór ar cheann de na glórtha is binne in Éirinn, glór nach a bhfuil a shárú le fáil agus é i mbun na fonnadóireachta.
 

Bronnfar Gradam Comaoine na bliana 2021 ar The Glengormley School of Traditional Music. Ní féidir an méid ceoltóirí a cothaíodh sa mhol riachtanach seo le fiche bliain anuas ó bunaíodh é a chomhaireamh, agus d’éirigh le go leor acu dul leis an gceol go gairmiúil. Leis na cúrsaí samhraidh a bhíonn ar siúl i nDún na nGall, tugtar deis do dhaoine óga bualadh lena chéile go sóisialta agus ceangal a dhéanamh tríd an gceol, agus cothaítear dáimh ar leith leis an gceol iontu.
 

Is é seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 na bliana 2021:

  • Ceoltóir na Bliana: Angelina Carberry
  • Ceoltóir Óg na Bliana: Sorcha Costello
  • Cumadóir na Bliana: Steve Cooney
  • Gradam Saoil: Seán Ó Sé
  • Amhránaí na Bliana: Niall Hanna
  • Gradam Comaoine: The Glengormley School of Traditional Music

 
Is é Gradam Ceoil TG4 príomhscéim agus príomhacadamh bliantúil na ngradam ceoil traidisiúnta. Is painéal moltóirí neamhspleách a roghnaíonn na buaiteoirí gach bliain. Ní comórtas é. Bronnfar píosa dealbhóireachta leis an dealbhóir mór le rá, John Coll, a coimisiúnaíodh go speisialta, ar na buaiteoirí chomh maith le suim bheag airgid.

Is le linn Cheolchoirm Ghradam Ceoil TG4, a bheidh ar siúl san Whitla Hall in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus a chraolfar Oíche Shamhna ag 9:30pm, a chuirfear gradaim na bliana seo i láthair.

Ní bheidh an pobal ábalta ticéid a cheannach don cheolchoirm seo de bharr shrianta Covid-19.
 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Beidh Gradam Ceoil TG4 24 bliain ar an bhfód Oíche Shamhna na bliana seo, an oíche chéanna a bheidh TG4 féin 25 bliain ar an bhfód. Léiríonn na gradaim ómós do na daoine sin a bhfuil an oiread déanta acu ar mhaithe leis an gceol traidisiúnta a thabhairt chun cinn agus a neartú anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Is i ndilchuimhne ar Mary McPartland a bheidh searmanas gradam na bliana seo. Ba í Mary a chur tús leis an nGradam Ceoil an chéad lá riamh 24 bliain ó shin. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí ghradaim na bliana seo. Tá ríméad ar TG4 an onóir is mó i gceol na hÉireann a bhronnadh orthu. Is i mBéal Feirste a bheidh Gradam Ceoil TG4 ar siúl arís i mbliana, an ceathrú bliain as a chéile, comhpháirtíocht idir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, ILBF, Red Shoe Productions agus TG4 a bhfuil ag éirí thar cionn léi.”
 

Dúirt Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann: “Bhí an-áthas ar ILBF Scáileán Thuaisceart Éireann tacaíocht a thabhairt do Ghradam Ceoil TG4 le ceithre bliain anuas, ba iontach an rud é an tseoid cheoil seo i sceideal TG4 a bheith á craoladh beo ó Bhéal Feirste. Ní raibh sé i bhfad gur gnáthimeacht a bhí i nGradam Ceoil TG4 anseo, thug an seó beo agus an fhéile fringe ardán den scoth do cheol agus do dhaoine cumasacha an Tuaiscirt. Beimid lánmhuiníneach, fad a bheidh an seó deiridh ar siúl ó Bhéal Feirste, go mbeidh lorg láidir ceoil fágtha ina dhiaidh.”
 

Dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Kate Nicholl: “Is imeacht iontach é seo a cuireann ardán ar fáil do scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe, agus tá ríméad orainn go bhfuilimid arís chun an chónaitheacht seo a óstáil, don bhliain dheireanach i mBéal Feirste. Inár gcáil mar chathair cheoil, tá an-mhórtas orainn as an oidhreacht cheoil atá againn agus is cuid mhór den oidhreacht sin an ceol traidisiúnta. Déantar comóradh iontach ar an seánra ceoil sin leis an searmanas a bhfuil ardmheas air ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Tá an chuma air go mbeidh scoth na dtaibhléirithe beo ar siúl le linn an tsearmanais, ina gcuirfear tallann den chéad scoth ar stáitse anseo i mBéal Feirste. Comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhfuil gradam bronnta orthu.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: