Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ceiliúradh ar Naomh Colmcille ar TG4 agus BBC Alba cothrom an lae a rugadh é 1500 bliain ó shin

Colmcille - An Naomh Dána
Ag ceiliúradh Naomh Colmcille, a rugadh 1500 bliain ó shin ar TG4 agus ar BBC ALBA

29.11.21


 

 
Gaiscíoch, file, fear cráifeach: scéal faoin saol iontach a chaith duine de naoimh is tábhachtaí na hÉireann agus na hAlban. Ag ceiliúradh Colmcille, a rugadh 1,500 bliain ó shin – 7 Nollaig 521A.D.
 

Craolfar clár faisnéise nua ar TG4 ar an 7 Nollaig ag 9.30pm chun naomh na hÉireann agus na hAlban a rugadh 1,500 bliain ó shin a cheiliúradh. Sa chlár faisnéise seo, tabharfar an breathnóir ó Dhún na nGall go hÍ sa tóir ar an bhfírinne laistigh de na miotais a bhaineann le mac gaisce, scabhaitéir, sáraitheoir cóipchirt, gaiscíoch agus deoraí Dhún na nGall, ach atá ar dhuine de naoimh na hÉireann a bhfuil ardmheas air mar sin féin – Colmcille.
 

Cé gur fearr aithne air do go leor daoine mar cholm na síochána, bhíodh sé i gcroílár cathanna fuilteacha, sular bhunaigh sé mainistir ar Í, beart a leag an bhunchloch a dhéanfadh eiseamláir na sibhialtachta den oileán sa Ré Dhorcha – deirtear go ndeachaigh sé chun catha le hOllphéist Loch Nis fiú!
 

Ach cérbh é Colmcille, an t-ab as Éirinn, ar a dtugtaí Naomh Columba air in Albain? Bhí cáil mhór ar a chuid gaiscí ina fhile, scríobhaí, polaiteoir, gaiscíoch agus fear cráifeach ar fud na hÉireann agus na hAlban. Fiosraítear an fear, an miotas agus a oidhreacht sa lá atá inniu ann sa chlár faisnéise nua iontach seo.
 

Is i nGartán, gar do Loch Ghartáin i gCo. Dhún na nGall a rugadh é sa bhliain 521 A.D., agus is cosúil go leanfadh an trioblóid é. Nuair a tharla achrann idir é féin agus Finnian faoi lámhscríbhinn a chóipeáil, d’imigh sé ar deoraíocht agus bhunaigh mainistir ar Í a mbeadh cáil uirthi ina dhiaidh sin ina ionad spioradáltachta agus foghlama. Meastar Colmcille sa lá atá inniu ann a bheith ar dhuine de naoimh mhóra na hÉireann agus na hAlban agus is cúnamh tábhachtach iad na téacsanna a scríobhadh faoi chun cur leis an eolas atá againn ar an saol a bhí ann ag an am sin.
 

Tá athchruthú drámatúil fite fuaite le cuntais ó shaineolaithe agus muid ag fáil amach arís faoi éachtaí an naoimh neamhghéilliúil seo.
 

Abú Media a léirigh Colmcille – An Naomh Dána le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus MG ALBA.
 

Craolfar an clár faisnéise seo Dé Máirt an 7 Nollaig ag 9.30pm ar TG4 agus ar BBC ALBA in Albain araon lena n-áirítear an BBC iPlayer sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain ar sheinnteoir TG4.
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Ag labhairt dó i bParlaimint na hAlban in 2016, rinne an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn machnamh ar an gcaidreamh idir Éire agus Albain, “mar gheall ar ár stair chomhroinnte agus chasta, ba mhinic a bhí sé deacair a rá cá gcríochnaíonn an chuid Éireannach agus cá dtosaíonn an chuid Albanach. Nó an bealach eile thart.” Bhí Colmcille, trodaí-cléireach-polaiteoir, ar thús cadhnaíochta maidir le coilíniú agus plandáil chomhfhiosach na hÉireann in Albain, ag scaipeadh Críostaíocht na hÉireann ar fud na hAlban agus ag úsáid ainmneacha a dtíre, Éire, Fódhla, Banbha, Ealg mar shiombail ghabhála agus úinéireachta ar áiteanna tábhachtacha in Albain, Strathearn (Srath Éireann), Glenelg (Gleann na hÉireann) Atholl (Éire Nua), Banff (Éire) agus Elgin (Éire Bheag). Tá lúcháir orm, chun comóradh 1500 bliain a bhreithe a cheiliúradh, go bhfuil TG4 agus ár gcomhchainéal Albanach, BBC ALBA, ag tabhairt clár faisnéise úr agus láidir chun scáileáin sa dá thír ar shaol Cholmcille, an Gael ceanndána agus ceannródaíoch seo a d’fhág a lorg buan ar Éirinn agus ar Albain.”
 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann Áine Walsh “Tá Colmcille aitheanta mar naomh na hÉireann agus naomh na hAlban agus a rian fágtha aige ar bhéaloideas agus tírdhreach an dá thír agus dá bharr sin bhí an Ciste Craoltóireachta Gaeilge thar a bheith sásta gur tháinig an togra seo faoinár mbráid agus 1500 bliain ó rugadh an naomh á comóradh. Ní hamháin gur thug sé deis iniúchadh a dhéanamh ar shaol an naoimh dhána seo ach thug sé deis eile na nascanna idir Éire agus Albain a neartú ar chlár suntasach a bheidh le craoladh ar TG4 agus ar BBC Alba. Tá páirtnéireachtaí ar nós seo iontach tábhachtach agus muid ag iarraidh ábhar tarraingteach agus ábhar ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus is cinnte go gcomhlíonann an clár seo na critéir sin.”
 
Is éard a dúirt Margaret Cameron, Eagarthóir Coimisiúnaithe & Ceann na gComhfhiontar Ildánacha “Is clár é seo a bhí feiliúnach don chomhléiriú agus tá ríméad orainn go bhfuil ábhar d’ardchaighdeán mar thoradh ar an léiriúchán seo agus ar an gcomhfhiontar craolta do lucht féachana agus éisteachta BBC ALBA.
Tá naisc chruthaitheacha láidre idir Éire agus Alba agus bhí an-áthas ar BBC ALBA an togra a choimisiúnú chun 1500 bliain ó rugadh Colm Cille a cheiliúradh agus chun cur leis na naisc chruthaitheacha sin.”

 

Beidh Athbheatha: Colmcille ildánach 2021 á chraoladh ar TG4 ar an 7 Nollaig mar chuid den cheiliúradh ilghnéitheach ar 1500 ó rugadh Colmcille. Tá seacht saothar nua ealaíne coimisiúnaithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) i réimsí na n-amharc-ealaíon, ceoil agus litríochta le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Labhraítear leis na healaíontóirí a bhí páirteach i ngach saothar coimisiúnaithe in Ag Ceiliúradh Colmcille agus faightear amach cá bhfuair siad an spreagadh agus ceardúlacht ata taobh thiar de na saothair ealaíne ar leith seo. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh páirteach sa chlár beidh an callagrafaí Timothy O Neill, an t-ealaíontóir gloine Róisín de Buitléar, na fillí Biddy Jenkinson, Sandy Nic Dhòmhnaill Jones, Simon Ó Faoláin, an scríbhneoir Proinsias Mac a’ Bhaird agus na ceoltóirí Zoe Conway, Julie Fowlis, Éamonn Doorley agus John McIntyre.
 

Craolfar sraith ar líne eile, Seanchas Colmcille, ar líne ar www.colmcille.org agus ar ardáin meán sóisialta MOLSCÉAL. Léirigh an scéalaí iomráiteach Gearóidín Breathnach agus Ligid Productions sraith físeán i gceantair i nDún na nGall a bhaineann le Naomh Colmcille mar chuid de Cholm Cille 1500.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: