Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ar ais i mBaile an Bhriotaigh

Clúdach Beo Teilifíse ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe deimhnithe ag TG4 Dé hAoine agus Dé Sathairn an 30 agus 31 Iúil

28.06.21


 

 
Tá sé deimhnithe ag TG4 go gcraolfaidh an stáisiún dhá lá den rásaíocht ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe na bliana seo beo Dé hAoine agus Dé Sathairn an 30 agus an 31 Iúil.
 
Áireofar mar chuid den chlúdach beo ar TG4 sceideal ollmhór rásaíochta ina dtaispeánfar 15 rás le linn an dá lá do lucht féachana saor go haer.
 
Tá ríméad ar an gcraoltóir Gaeilge a bheith ag craoladh beo arís as ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh. 2006 an bhliain dheireanach a chraol TG4 na rásaí seo.
 
Tháinig ardú suntasach ar chlúdach rásaíochta capall na hÉireann in 2021 ar TG4, agus cuireadh rásaíocht bheo ar fáil don lucht leanta le linn deich seachtaine ó ionaid amhail Baile na Lobhar, Baile Phuinse, An Nás, Corcaigh, Luimneach, Dún Dealgan, An Uaimh agus Sligeach.
 
Áiríodh ar na buaicphointí oscailt an tséasúir réidh ar ais sa áit is dual dó sa Churrach; Féile na Cásca i dTigh na Sióg agus filleadh caithréimeach an traenálaí Henry de Bromhead agus a chuid capall buacach ar Thrá Mhór (Minella Times, Honeysuckle, Put the Kettle On, Minella Indo agus Balko Des Flos) a cuireadh ar paráid beo don lucht leanúna ar TG4.
 
Seán Bán Breathnach a chuirfidh Rásaí Beo i láthair, agus is iad Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais a bheidh i mbun tráchtaireachta. Gheobhaidh an t-iriseoir Daragh Ó Conchúir tuairimí na dtraenálaithe, na n-úinéirí agus na marcaithe lasmuigh den fháinne paráide agus is é Cárthach Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí. Cuirfidh an fhoireann clúdach cuimsitheach ón ráschúrsa ar fáil do lucht féachana TG4 agus beidh neart spraoi agus spóirt againn as Baile an Bhriotaigh chomh maith.
 
An comhlacht Nemeton TV atá lonnaithe i bPort Láirge a léiríonn Rásaí Beo. Is í an fhoireann seo i nGaeltacht na Rinne a léiríonn Laochra Gael, GAA Cúl Camps agus GAA Beo do TG4 chomh maith.
 
Beifear ábalta breathnú ar Rásaí Beo freisin ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip Shoghluaiste agus Aip Theilifís Chliste TG4. Beidh aicsean eisiach ón gcúlra as Baile an Bhriotaigh ag Spórt TG4 ar a chuid cainéal meán sóisialta.
 
Dúirt Michael Moloney, Príomhfheidhmeannach Ráschúrsa na Gaillimhe:
“Tá ríméad orainn go mbeidh foireann TG4 ag craoladh beo ó Ráschúrsa na Gaillimhe ar an Aoine agus ar an Satharn le linn Fhéile Samhraidh na bliana seo. San am i láthair, airímid uainn go mór an lucht tacaíochta dílis atá againn i mBaile an Bhriotaigh a thagann chugainn bliain i ndiaidh bliana, agus a chruthaíonn atmaisféar álainn draíochta ag ár n-imeacht, agus mar sin cuirimid fáilte mhór roimh an scéala go mbeidh siad ábalta a bheith níos cóngaraí don aicsean an Samhradh seo. Is imeacht ó ghlúin go glúin é Rásaí na Gaillimhe agus is cuid mhór é de thraidisiún an tSamhraidh agus de chultúr na hÉireann.”
 
Ar an iomlán, beidh deis ag an lucht féachana sa bhaile ar fud na hÉireann a bheidh ag féachaint ar TG4 cúig rás déag a fheiceáil beo ar an teilifís. Beidh The Guinness Galway Tribes Handicap Hurdle, The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase, agus The Galway Shopping Centre Handicap a bhfuil duaischiste breis is €500,000 ag dul leo i measc na rásaí a thaispeánfar ar an dá lá. Bhí an fhoireann i TG4 forásach riamh agus tacaíonn siad go mór le rásaíocht Éireannach agus lenár bhFéile féin. Thar ceann an lucht leanta atá againn agus thar ceann Choiste Rásaí na Gaillimhe, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an gcraoladh seo a dhéanamh. Táimid ag súil le dul i mbun oibre leis an bhfoireann i TG4 roimh sheachtain na rásaí agus le linn sheachtain na Rásaí araon.
 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha:
“Tá an-áthas orainn go mbeimid ag taispeáint féile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe. Tá rásaíocht chapall ina cuid lárnach d’ábhar spóirt an stáisiúin i mbliana, agus táimid ag súil leanúint den ábhar sin a chur ar fáil le clúdach saor go haer TG4 as tionól rásaíochta capall is mó na hÉireann. Táimid thar a bheith sásta a bheith ar ais i mBaile an Bhriotaigh den chéad uair le 15 bliain, agus go mbeimid ábalta na sceitimíní go léir a théann leis an bhféile aitheanta seo a chothú don lucht féachana sa bhaile.”
 
 
Seo a leanas sceideal iomlán Rásaí na Gaillimhe TG4:
 
DÉ hAOINE an 30 IÚIL
Cuirfear tús leis an gclúdach beo ar TG4 ag 3.45pm

1ú rás, 4pm: The James’s Gate Maiden Hurdle
2ú rás, 4.30pm: The Adare Manor Opportunity Handicap Hurdle
3ú rás, 5pm: The Guinness Galway Tribes Handicap Hurdle
4ú rás, 5.30pm: The Guinness Handicap Hurdle
5ú rás, 6.05pm: The Guinness Beginners Steeplechase
6ú rás, 6.40pm: The Arthur Guinness Steeplechase
7ú rás, 7.10pm: The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase
 

DÉ SATHAIRN AN 31 IÚIL
Cuirfear tús leis an gclúdach beo ar TG4 ag 12.30pm

1ú rás, 12.50pm: The Irish Stallion Farms EBF Maiden
2ú rás, 1.22pm: The Galway Shopping Centre Maiden
3ú rás, 1.57pm: The O’Leary Insurances Handicap
4ú rás, 2.32pm: The Galway Shopping Centre Maiden
5ú rás, 3.10pm: The Irish EBF Auction Series Maiden
6ú rás, 3.45pm: The Irish Stallion Farms EBF Nursery Handicap
7ú rás, 4.20pm: The Galway Shopping Centre Handicap
8ú rás, 4.50pm: The McDonogh Capital Investments Handicap
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: