Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Pleananna don ardú maoinithe €4.2m do 2022 fógartha ag TG4

19.11.21


 
Tá pleananna TG4 maidir leis an ardú maoinithe €4.2m do 2022 fógartha inniu. Cé go raibh ardú idir €9m agus €10m in aghaidh na bliana á lorg ag TG4 ar an maoiniú poiblí reatha, ardú iomlán €37.8m faoin mbliain 2025 chun an Fís Tar Éis Covid a bhaint amach, tá bunchloch á leagan ag TG4 chun tús a chur leis an obair seo sa bhliain amach romhainn. Leis an maoiniú ardaithe agus fócas ar chruthaitheacht, leanfaidh TG4 ag mealladh agus ag sásamh mhianta an lucht féachana.
 
Tá daoine óga a bhfuil Gaeilge acu ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda, ina bhfuil an Béarla in uachtar. Chuige sin, tá sé i gceist ag TG4 cainéal sainiúil Cúla4 a bhunú do leanaí chun teagmháil na n-óg leis an nGaeilge a chothú. Cuirfear tús leis an obair sin in 2022 trí dhlús a chur le láithreachas Cúla4 agus leis an obair chun an cainéal a fhorbairt. Tá post nua, Bainisteoir Cúla4, le fógairt ag TG4 le dul i mbun na hoibre seo. Tá post eile le fógairt chun láithreoir nua ar Cúla4 a aimsiú, a bheidh ina ambasadóir don óige ar TG4. Déanfaidh an láithreoir ionadaíocht ar Cúla4 ag ócáidí agus imeachtaí poiblí, is é an duine sin a bheidh le feiceáil ar an scáileán ar Cúla4 agus is aige a bheidh guth Cúla4 tras-ardáin. Tá sé i gceist freisin cur leis na cláracha a sholáthraíonn an earnáil léiriúcháin chun ábhar drámaíochta réamhscoile a fhorbairt agus cur leis an ábhar nua sa sceideal agus ar na hardáin neamhlíneacha atá dírithe ar pháistí.
 
Tá ábhar Gaeilge níos spreagúla agus dána á lorg do dhaoine idir 15-34 bliana d’aois. Déanfaidh TG4 sraith dhrámaíochta do dhaoine idir 15-34 bliana d’aois a léiriú i gcomhar le Fís Éireann in 2022. Tá conradh ollsoláthair trí bliana le fógairt chun ábhar rialta a léiriú do BLOC, agus beidh léirithe spéise á lorg chun sraitheanna eile idir fhaisnéis agus siamsaíocht a léiriú don aoisghrúpa sin in 2022.
 
Tá sé mar sprioc ag TG4 cur leis na hacmhainní oideachais agus leis an obair comhpháirtíochta atá déanta go dtí seo le heagrais oideachais agus fís oideachais do thograí foghlama TG4 a leagan síos. Beidh an post Comhordaitheoir TG4 Foghlaim á fhógairt chun an fhís sin a stiúradh agus le hábhar eile atá ag TG4 a chur in oiriúint do lucht oideachais.
 

Tá nuacht agus cúrsaí reatha i gcroílár na seirbhíse a chuireann an craoltóir seirbhíse poiblí ar fáil agus tá athshamhlú á dhéanamh ar sheirbhís Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4 chun freastal ar éilimh an phobail féachana. Chuige sin tá léirithe suime á lorg ó chomhlachtaí san earnáil neamhspleách léiriúcháin chun cláir nó sraitheanna cúrsaí reatha a léiriú. Tá TG4 ag tnúth freisin le moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán i leith Nuacht agus Cúrsaí Reatha na Gaeilge agus na deiseanna a thiocfaidh as sin dá réir.
 

Is mian le TG4 leanúint de bheith ina chrann taca maidir le cúrsaí ealaíon, cultúir agus spóirt na hÉireann. Tá TG4 chun drámaíocht teilifíse do dhaoine fásta a fhorbairt i gcomhar le Fís Éireann. Beidh tuilleadh infheistíochta le déanamh sa scéim CINE4 agus buiséad léirithe na scannán le hardú le tacaíocht ó Fís Éireann, an BAI agus Alt 481. Beidh sraith nua ealaíon á léiriú don phríomhsceideal chun tacú leis na healaíona traidisiúnta agus nua-aimseartha, sna ceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre. Beidh TG4 ag cur freisin leis an ábhar neamhlíneach cultúir trí chonradh ollsoláthair trí bliana a fhógairt do MOLSCÉAL.
 

Cuideoidh an t-ardú maoinithe le fás agus forbairt scála na hearnála closamhairc sna réigiúin. Cuideoidh an infheistíocht bhreise cur le líon na bpost cruthaitheach sa Ghaeltacht, le fostaíocht leanúnach agus sheasmhach a choinneáil agus daoine óga a choimeád i gceantair Ghaeltachta. Mar aon leis na babhtaí nua coimisiúnaithe a bheidh le fógairt, oibreoidh TG4 i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta chun infheistíocht agus tacaíochtaí oiliúna agus forbartha a chur ar fáil do chomhlachtaí léiriúcháin agus do dhaoine atá ag iarraidh a ngairm a bhaint amach sa tionscal sin.
 

Fógrófar na babhtaí nua coimisiúnaithe go luath agus beidh deis ag léiritheoirí a gcuid smaointe a phlé le heagarthóirí coimisiúnaithe TG4 ag Lá na Léiritheoirí i dtús Mhí Eanáir. Fógrófar na folúntais foirne ar www.tg4.ie/foluntais
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont inniu, “Tá TG4 an-bhuíoch don Aire agus don Rialtas as an tacaíocht bhreise a fuair TG4 i mBuiséad 2022, an t-ardú is mó atá faighte go dtí seo againn in aon bhuiséad. Cuirfidh an maoiniú breise seo ar ár gcumas tús a chur leis na hocht réimsí straitéiseacha atá i ‘Fís TG4 tar éis Covid’. Tá drámaíocht teilifíse lárnach san Fhís seo agus beidh muid in ann tosú ag léiriú agus ag forbairt cláir dhrámaíochta d’aoisghrúpaí éagsúla. Beidh muid freisin ag iarraidh cur leis an soláthar cúrsaí reatha atá againn agus tá muid ag lorg léirithe suime ó chomhlachtaí ar spéis leo an réimse seo ábhair.

Tá daoine nua agus forbairt tallainne i gcroílár ár bhFíse agus beidh muid ag obair le comhpháirtithe eile chun daoine óga, nó daoine a bhfuil taithí saoil acu agus gur mhaith leo gairm bheatha a bheith acu sna meáin, a mhealladh chuig TG4. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh muid in ann a thaispeáint go bhfuil TG4 ag méadú go leanúnach, mar atá leagtha amach inár bhFís. Tá bearna an-mhór fós idir na hacmhainní atá ag na meáin Ghaeilge agus na hacmhainní atá ag na meáin Bhreatnaise agus beidh muid ag iarraidh a chur ina luí ar an Rialtas go gcaithfear an bhearna sin a dhúnadh thar thréimhse na Físe.”
 
 

Teagmháil do na Meáin:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: