Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Soláthar nuachta níos mó agus níos leithne á lorg ag pobal na Gaeilge

21.06.21

Léirítear sa tuarascáil taighde Nuacht agus Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge a foilsíodh inniu go bhfuil leibhéal sástachta ard i leith chaighdeán na nuachta i nGaeilge, ach go bhfuil soláthar níos mó agus níos leithne á lorg ag an bpobal.
 

 
Éilíonn pobal na Gaeilge go mbeadh a thuilleadh clúdach ar nuacht agus cúrsaí reatha, agus go ndéanfaí infheistiú i soláthar nuachta ar líne agus san iriseoireachta iniúchta. Luaitear gur mian leis an bpobal go mbeadh nuacht atá difriúil ó nuacht an bhéarla ar fáil, agus go mbeadh dearcadh eile á thabhairt ar scéalta náisiúnta & idirnáisiúnta. Tá moladh tugtha don chlúdach a thugtar do scéalta áitiúla, ach ba mhaith leis an bpobal go dtógfaí ar an soláthar sin.
 
Is é TG4 a choimisiúnaigh an taighde le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an taighde le comhairle ón áisíneacht taighde, Red C. Ba é aidhm an taighde ná iniúchadh a dhéanamh ar cá bhfaigheann pobal na Gaeilge a chuid nuachta. Bhí trí ghné ag baint leis an staidéar; grúpaí fócais, ceisteanna ar phainéal taighde Fios Físe agus suirbhé oscailte. Fuarathas 819 freagra ar an suirbhé oscailte.
 
Is ar líne a fhaigheann formhór na ndaoine i ngach aoisghrúpa a bhí páirteach sa taighde a gcuid nuachta. Mar sin féin tá tóir fós ar na meáin thraidisiúnta mar fhoinsí nuachta go háirithe sna aoisghrúpaí níos sine. Dúirt 73% de dhaoine gur ón raidió a fhaigheann siad a nuacht agus 68% ag rá gur ón teilifís a fhaigheann siad an nuacht. Breathnaíonn 84% de na daoine a bhí páirteach sa taighde ar Nuacht TG4. I measc daoine idir 18-35 áfach, is ar líne nó ar na meáin shóisialta a fhaigheann siad an nuacht, chun tosaigh ar raidió agus teilifís. Aithnítear dá bharr go bhfuil gá le láithreacht láidir dhigiteach le freastal ar dhaoine níos óige.
 
Ba mhaith leis na rannpháirtithe a ceistíodh go mbeadh iriseoirí agus cláir nuachta ag briseadh scéalta ar na meáin shóisialta, ar twitter ach go háirithe. De réir an taighde, tá tuairisc.ie ag freastal go maith ar an gcroíphobal teanga, agus tá aoisghrúpaí níos óige ag triail ar fhoinsí neamhthraidisiúnta eile ar líne chun a gcuid nuachta a fháil.
 
Tá éileamh suntasach ann d’iriseoireacht iniúchta ceangailte le breis forbartha a dhéanamh ar chláir cúrsaí reatha cosúil le 7 Lá. Moltar an clúdach ar an nuacht áitiúil atá ag TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is mian le pobal na Gaeilge áfach, go dtógfaí air seo agus go bhfeicfidís agus go gcloisidís níos mó faoina bpobal féin.
 
Léiríonn an taighde go bhfuil soláthar nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge ag teastáil ón bpobal atá difriúil ón soláthar atá ar fáil dóibh i mBéarla agus atá dírithe ar riachtanais chomhaimseartha an phobail teanga.
 
Dúirt Aodh Ó Coileáin, Ceann Aonad Léann na Cumarsáide, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, “Trasna gach aoisghrúpa a ceistíodh, is léir gur foinsí móréilimh iad ardáin nuachta ar líne agus na meáin shóisialta. Tá pobal labhartha na Gaeilge ag dul i muinín an tsaoil dhigití níos mó agus níos mó chun rochtain a fháil ar na soláthróirí traidisiúnta nuachta. Maidir leis an ábhar nuachta agus cúrsaí reatha atá ar fáil sna foinsí seo, tá éileamh ag teacht chun cinn ar thairiscint nua, difriúil, níos cuimsithí, éagsúil ón soláthair nuachta Béarla. Léiríonn gnéithe dearfacha an taighde go bhfuil deiseanna forbartha spéisiúla iomadúla ann do na meáin Ghaeilge.”
 
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, “Tugann an taighde tábhachtach seo léargas ar thábhacht na seirbhíse Nuachta agus Cúrsaí Reatha do phobal labhartha na Gaeilge. Tá eolas luachmhar ar fáil dúinn maidir le dearcadh an lucht féachana, a léiríonn go bhfuil gá le níos mó infheistíochta ón gciste poiblí chun freastal ar na héilimh atá ag an bpobal. Tá rún ag TG4 i gcomhar le RTÉ athshamhlú a dhéanamh ar Straitéis na Nuachta agus Cúrsaí Reatha Gaeilge, agus deimhniú a thabhairt go mbeidh na hacmhainní ann le tacú le branda nuachta sainiúil, neamhspleách agus ar ardchaighdeán a sholáthar ar TG4 agus ar líne.”
 
Tá an tuarascáil taighde Nuacht agus Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar fáil anseo:

Tuarascáil – Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge
 
 

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: