Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fleadhfest '21 ar TG4

Leanfar le buille na Fleidhe Ceoil ar TG4...

26.07.21


 

Go dlúth sna sála ar chláracha TG4 ina ndearnadh ceiliúradh ar 70 bliain de Fhleadh Cheoil na hÉireann i ngach ceann de na ceithre chúige, beidh craoltóir Bhaile na hAbhann ina lárionad don Fhleadh Cheoil arís nuair a chuirfear ceolchoirmeacha taifeadta ar siúl ar dheireadh seachtaine an 6, 7 agus 8 Lúnasa, an tráth céanna a mbeadh an deireadh seachtaine mór faoi lán seoil ag an bhFleadh go hiondúil!

Beidh scoth an cheoil thraidisiúnta ar fáil don lucht féachana trí oíche as a chéile, i dteannta na láithreoirí Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin.

Is in áiteanna éagsúla i gContae Shligigh a rinneadh taifeadadh ar an bhféasta ceoil seo, Teach Lissadell ina measc, agus beidh saibhreas breá ceoil le cloisteáil ó gach cearn den tír ann… agus níos faide i gcéin. I measc na gceoltóirí a bheidh ar an gclár beidh Iarla Ó Lionáird, Dervish, Moxie, Declan O’Rourke, Sean Ó Sé, Laoise Kelly, Liam Ó Maonlaí, JigJam, Joanie Madden, Máirtín O’Connor, Cathal Hayden, Seamie O’Dowd, West Ocean String Quartet agus go leor eile, amhail is dá mbeadh Fleadh Cheoil de do chuid féin ar siúl…agus tú ar do chompord i do theach féin!
 

 

Beidh Fleadhfest ‘21 fréamhaithe go mór i dtraidisiún na Fleidhe, lán amhrán, damhsa, ceoil agus scéalta, agus is cinnte go mbeidh sé ina shiamsaíochta nár cheart a chailleadh… go háirithe dóibhsean a bheadh i láthair ag an imeacht bliain ar bith eile!

Taispeánfar an tsraith, arna léiriú ag Power Pictures, ón 9.30pm – 11pm ar TG4, ar an 6, 7 agus 8 Lúnasa.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: