Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Aip nua don Teilfís Chliste seolta ag TG4

03.02.21


 

Tá áthas ar TG4 a fhógairt go bhfuil aip nua teilifíse seolta aige do theilifíseáin chliste. Is féidir an aip teilifíse a íoslódáil ón App Store ar theilifíseáin chliste de dhéantús Samsung, Sony agus LG, chomh maith le gairis eile OTT Apple TV (4ú agus 5ú glúin), Amazon Fire, AndroidTV agus Google TV.
 

Is ag TG4 a bhí an chéad seinnteoir teilifíse in Éirinn www.tg4.ie a seoladh in 2002. Rinne foireann inmheánach i TG4 dearadh agus forbairt ar an aip nua don teilifís chliste i gcomhar le 8bytes, comhlacht forbartha gréasáin as Éirinn. Is í an aip seo an fhorbairt is déanaí ó TG4 chun freastal ar lucht féachana teilifíse ar ardáin agus gairis éagsúla.
 
Is féidir chomh maith aip TG4 a íoslódáil ar ghairis soghluaiste iOS agus Android, agus clár a theilg le Google Chromecast agus Apple TV.
 

Tá roghanna eisiacha nua ar fáil ar an aip don teilifís chliste nach bhfuil ar fáil ar sheinnteoirí eile; ar nós ‘Tosaigh ón Tús’ (start over) + 1 agus + 2 nuair atá duine ag breathnú ar an sruth BEO. Tugann sin roghanna nua don lucht féachana agus iad ag úsáid na haipe i ndáil le cathain agus conas ar mhaith leo féachaint ar TG4 ar a dteilifíseáin chliste. Is féidir leis an té atá ag iarraidh fotheidil a chur ar siúl sin a dhéanamh ar an aip nua.
 

Is féidir le lucht féachana taitneamh a bhaint as sceideal reatha TG4 ar an aip nua chomh maith le níos mó ná céad bailiúchán de na cláracha is fearr atá ag TG4 idir cheol, dhrámaíocht, fhaisnéis, fhaisnéis spóirt ar nós Laochra Gael, bailiúcháin siamsaíochta cosúil le Hector agus Paisean Faisean agus réimse leathan cláracha do pháistí. Tá an chuid is mó den ábhar atá ar sheinnteoir TG4 ar fáil ar fud an domhain. Is féidir le múinteoirí agus tuismitheoirí leas a bhaint as an aip nua le teacht ar ábhar Cúla4 ar Scoil chun tacú le páistí atá ag foghlaim sa bhaile mar gheall ar scoileanna a bheith dúnta de bharr srianta Leibhéal 5.
 

Dúirt Bainisteoir Córais Craolacháin TG4, John Higgins, “Táimid i gcónaí ag lorg bealaí nua agus nuálacha chun freastal ar ár lucht féachana. Cuireann an aip is déanaí don teilifís chliste roinnt roghanna nua ar fáil atá eisiach do TG4. Má chaill tú tús aon chlár beo a thaitníonn go mór leat, is féidir leat é a chur siar go dtí an tús arís, é a stopadh nó é a chasadh air arís agus tú ag breathnú ar an sruth BEO. Mar gheall gur baineadh úsáid as teicneolaíocht Cloud agus chomh oilte agus cruthaitheach is atá foireann TG4, tá go leor roghanna ann anois chun féachaint ar ábhar TG4 agus taitneamh a bhaint as.”
 

Dúirt Bainisteoir Ardáin TG4 Peadar Ó Flatharta, “Is céim mhór eile é seoladh na haipe nua don teilifís chliste chun ár misean ‘TG4 Gach Áit’ a bhaint amach. Is féidir teacht ar ábhar TG4 anois ar gach ardán; ar theilifíseáin chliste, OTT, go soghluaiste agus ar an idirlíon. Tháinig méadú 158% ar shruthanna físe ar éileamh ar sheinnteoir TG4 anuraidh. Tugann an aip seo rogha eile don lucht féachana maidir leis an mbealach is mian leo féachaint ar chláracha TG4.”

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: