Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seacht lá de rásaíocht capall beo ar TG4 le linn Mí an Mhárta agus Mí Aibreáin

Rásaí BEO ar TG4
7 lá de rásaíocht capall curtha le Sceideal TG4 i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin

19.02.21


 
D’fhógair Horse Racing Ireland agus TG4 go gcraolfar seacht lá de rásaíocht capall beo ar TG4 ag tosú Dé Domhnaigh 7 Márta. Leanfaidh an clúdach beo seachtainiúil ar TG4 gach deireadh seachtaine suas go dtí an 18 Aibreán agus ina mbeidh rásaíocht bheo ó Bhaile na Lobhar, Luimneach, An Nás, An Curragh, Fairyhouse, Corcaigh, an Trá Mhór agus Dún Dealgan.
 

Beidh ceamaraí TG4 i mBaile na Lobhar Dé Domhnaigh 7 Márta don phríomh rás ‘The TRI Equestrian Handicap Steeplechase (Grád B)’ ag 4:30 in.
 
Tar éis chruinniú Bhaile na Lobhar, craolfaidh TG4 rásaío beo ó Nás agus ó Luimneach Dé Domhnaigh 14 Márta. Craolfar gach gach rás ón dá ionad ar an lá lena n-áirítear rás 3:05pm ó Nás ‘The BARONERACING.com Leinster National Handicap Steeplechase’ agus ‘The Charleville Cheese Irish EBF Mares Novice Steeplechase’ ag 4:25pm ó Luimneach.
 

Cuirfidh Seán Bán Breathnach agus Mánus Ó Conghaile Rásaí Beo i láthair ar TG4. Beidh Daragh Ó Conchúir ag tuairisciú ag na rásaí agus beidh agallaimh aige le na traenálaithe agus na marcaigh lasmuigh de fháinne na paráide.
 

Beidh clúdach beo freisin ar thús Fhéile na Cásta ó Fairyhouse ar an Satharn 3 Aibreán.
 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha “Is mian le TG4 buíochas a ghabháil le Horse Racing Ireland as an deis iontach seo a thabhairt do TG4 rásaíocht bheo a thaispeáint agus a chraoladh ó ionaid éagsúla ar fud na tíre.”
 

Dátaí craolta agus Ráschúrsaí

  • Dé Domhnaigh 7 Márta – Baile na Lobhar
  • Dé Domhnaigh 14 Márta – Luimneach & An Nás
  • Dé Domhnaigh 21 Márta – Curragh
  • Dé Domhnaigh 28 Márta – Luimneach / Nás
  • Dé Sathairn 3 Aibreán – Fairyhouse & Corcaigh
  • Dé Domhnaigh 11 Aibreán – Baile na Lobhar
  • Dé Domhnaigh 18 Aibreán – An Trá Mhór & Dún Dealgan

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: