Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá Kellogg's GAA Cúl Camps ar ais don dara séasúr ar TG4

15.06.21


 
#KelloggsGAACulCamps
 
Tá áthas ar CLG, i gcomhar le Kellogg agus TG4, a fhógairt go gcraolfar an clár GAA Cúl Camps don dara séasúr ar TG4 ar feadh sé seachtaine an samhradh seo. Tosóidh an tsraith Dé Luain, an 28 Meitheamh ag 7:30pm, an lá céanna ar a mbeidh na campaí féin ag tosú ar fud na tíre. Beidh an tsraith ar fáil ar sheinnteoir TG4, áit a gcuirfear an filleadh ar ghníomhaíochtaí an champa ar fáil beo agus ar éileamh araon do gach duine sa bhaile agus thar lear.
 

Is iad Nemeton TV, atá lonnaithe i bPort Láirge, a léireoidh an tsraith GAA Cúl Camps agus is í Gráinne Bleasdale a chuirfidh an tsraith i láthair. Áireofar scileanna, druileanna agus míreanna ó shaineolaí CLG i sraith na bliana seo, míreanna a mbainfidh an teaghlach ar fad sult astu, le buaiteoir Chraobhchomórtas Pheil na mBan, réalta Bhaile Átha Cliath Sinéad Aherne, seaimpín Camógaíochta Chorcaí Linda Collins, Iománaí Phort Láirge Tadhg de Búrca agus imreoir Thiobraid Árann Séamus Kennedy, mar aon le peileadóir na Gaillimhe Paul Conroy agus peileadóir Dhún na nGall Ryan McHugh. Beidh dhá theaghlach ag glacadh páirt i ngach clár agus bainfidh siad triail as a gcuid scileanna nua. Tá CLG tiomanta deis a thabhairt do leanaí cluichí Gaelacha a imirt an samhradh seo agus táimid ag súil go mór le séasúr nua de leagan craolta Kellogg’s GAA Cúl Camps mar aon le leagan beo.
 
Tá páirt glactha ag 1,460,829 leanbh in GAA Cúl Camps ón mbliain 2006. D’éirigh go hiontach le Kellogg’s GAA Cúl Camps sa bhliain 2020 agus ba mhór an faoiseamh iad do bhreis agus 70,000 leanbh ar fud na tíre ó shrianta Covid-19. Is ionann an bhliain 2021 agus an 10ú bliain d’urraíocht Kellogg’s agus filleadh an chomórtais ar an bpaicéad a bhfuiltear ag súil go mór leis, ina mbeidh deis ag clubanna duaiseanna ar fiú €25,000, €10,000 nó €5,000 iad a bhuachan.
 

Chuir Uachtarán CLG Larry McCarthy fáilte roimh an tsraith nua ag rá “Guím gach rath ar gach duine a bhfuil baint acu le Kellogg’s GAA Cúl Camps sna seachtainí agus míonna atá amach romhainn. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil do Kellogg agus TG4 as an gcruthaitheacht a thaispeáin siad anuraidh chun cuidiú linn teagmháil a dhéanamh leis an méid sin daoine óga tríd an gclár teilifíse. Tá súil agam go mbeidh sé gach pioc chomh rathúil i mbliana.”
 

Dúirt Sarah Ferguson, Ceann Margaidh Kellogg’s in Éirinn “Tá ríméad orainn go bhfuil Kellogg’s GAA Cúl Camps ag filleadh ar TG4 i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh le cláracha na bliana seo caite agus is iontach an bealach é le ceiliúradh a dhéanamh ar 10 mbliana d’urraíocht. Tá Kellogg’s GAA Cúl Camps ina ghné lárnach de shamhradh na hÉireann agus is iontach an rud é go bhfuil an clár GAA Cúl Camps ag cur leis seo gach bliain. Táimid ag súil go mór le breathnú ar an gclár agus na mílte leanaí ar fud na tíre a fheiceáil ag glacadh páirt sna campaí, ag bualadh lena gcairde agus ag baint súp as an saol i dtimpeallacht shláintiúil lasmuigh.”
 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha “Táimid ag súil le sraith nua eile de GAA Cúl Camps ar TG4 a thabharfaidh deis don lucht féachana cuid de réaltaí na gcluíchí Gaelacha agus an chéad ghlúin eile a fheiceáil ag cleachtadh a gcuid scileanna.”
 

Cuireann Kellogg’s GAA Cúl Camps seachtain lán aicsin agus lán spraoi ar fáil do bhuachaillí agus do chailíní idir 6 agus 13 bliana d’aois, seachtain ghníomhaíochta atá dírithe ar shult a bhaint as a bheith ag imirt cluichí Gaelacha. Tá na campaí á reáchtáil ag cóitseálaithe cáilithe agus is féidir le gach leanbh páirt a ghlacadh iontu, bíodh taithí aige i gcluichí Gaelacha cheana nó ná bíodh. Tá áit curtha in áirithe ag níos mó ná 100,000 leanbh cheana féin, ach tá áiteanna fós ar fáil in go leor ceantar.
Féach ar do champa áitiúil ar www.gaa.ie/kelloggsculcamps.
 

 
 

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:

TG4
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

CLG
Alan Milton, Stiúrthóir Cumarsáide CLG | alan.milton@gaa.ie

Kellogg’s
Seamus Clancy, PR maidir le Branda & Bainisteoir Cúnta Cumarsáide Kellogg’s | Seamus.Clancy@kellogg.com


Cuir aithne orainn: