Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Leabhar nua seolta ag TG4 chun 25 bliain ar an aer a cheiliúradh

Leabhar Nua TG4 @ 25 seolta ag an Aire Catherine Martin chun ceiliúradh a dhéanamh ar chúig bliana is fiche TG4

03.11.21


 
Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin leabhar nua TG4 @ 25 ag ócáid i mBaile Átha Cliath inniu. Is ceiliúradh ar an éacht atá bainte amach le ceathrú céid atá sa leabhar nua TG4 @ 25. Tá TG4 ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an bhfód ó Oíche Shamhna. Ba é an tUachtarán Micheal D. Ó hUigínn a bhunaigh TG4 sa bhliain 1996 nuair a bhí sé ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.
 

Pictiúir agus cuimhní cinn atá sa leabhar seo, a thugann aitheantas go príomha do lucht léirithe clár le cúig bliana is fiche; na léiritheoirí, láithreoirí agus scríbhneoirí a chruthaigh cláracha do TG4. Tá cuimhní cinn ó Cheannasaithe TG4 mar aon le réamh-mhír leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn istigh ann. Tugtar léargas sa leabhar ar an méid is féidir a bhaint amach le dúthracht agus díograis ainneoin fíorbheagán acmhainní a bheith ar fáil. Is ábhar inspioráide atá sa leabhar agus TG4 ag tabhairt aghaidh ar an gcéad cheathrú céid eile.
 

Is é Micheál Ó Meallaigh, Iar-Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, a scríobh an leabhar faoi stiúir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Comhpháirtíochta TG4. Is é Ignacio Vieaga a dhear an leabhar agus is é an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht, atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, a chuir an leabhar i gcló. €30 an praghas atá ar an leabhar agus is féidir é a fháil ar shuíomh Cló Iar-Chonnacht anseo: https://cic.ie/shop/leabhair/neamhfhicsean/tg4-25/
 

Dúirt an tAire Catherine Martin inniu ag seoladh an leabhair “Cumasaíonn TG4 naisc chumhachtacha ar fud na réimsí atá faoi mo shainchúram i m’Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is mór agam an luach ollmhór a chuireann TG4 ar fáil chun tacú lenár n-oidhreacht teanga agus cultúir. Téann sé chun leasa phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus lucht féachana níos leithne na hÉireann. Bhí an-áthas orm a bheith in ann maoiniú bliantúil breise €4.2m a fháil i mbuiséad 2022, an méadú bliantúil aonair is mó riamh ar mhaoiniú TG4.”
 

Dúirt scríbhneoir TG4 @ 25, Micheál Ó Meallaigh “Tugann an leabhar blaiseadh den réimse leathan ábhair cultúir agus Ghaelaigh atá craolta ag TG4 agus a raibh comhlachtaí neamhspleácha as gach cearn den tír i mbun léirithe air le 25 bliain. Dearbhaíonn sé gur infheistíocht fhiúntach atá déanta ag rialtas na tíre inár bhféiniúlacht mar náisiún gan trácht ar an bhfostaíocht atá curtha ar fáil i réimse na n-ealaíon ar fud na tíre. Guth na ndaoine a bhí i mbun na gclár is mó atá sa leabhar mar aon le pictiúir ghleoite agus tá súil agam go meallfaidh éagsúlacht an ábhair na daoine sin nach raibh ar an eolas faoi thaisce cultúir TG4 roimhe seo i dtreo an stáisiúin.”
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach sa leabhar álainn seo a chur i gcrích. Is iad na hacmhainní cruthaitheacha na hacmhainní is cumhachtaí atá ag an nGaeilge. Creidim go bhfuil stádas ag na meáin atá in ann tionchar a imirt ar an nGaeilge mar theanga labhartha inmharthana i bpobal. Ach teastaíonn gníomh ón Stát a léiríonn creideamh sna pobail sin. Tá sé de chumas ag an gcéad ghlúin eile athshamhlú a dhéanamh ar TG4 agus borradh a chur faoi phobail na Gaeilge. Táimid ag súil le tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus le socrú nua infheistíochta do na meáin seirbhíse poiblí a chinnteoidh nach ceist de minimis a thuilleadh í ceist na Gaeilge in Éirinn.”
 

Pic: Micheal Ó Meallaigh, Alan Esslemont, Siún Ní Raghallaigh & Cathal Goan ag seoladh TG4 @ 25
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: