Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sraith Nua Cheoil ar TG4

Comhluadar Ceoil
Sraith nua cheoil ag tosú ar TG4 an 14/03/21 ag 8.30pm

05.03.21


 

 
Sraith nua cheoil arna léiriú ag Tyrone Productions do TG4 ina mbuailfidh Dáithí Ó Sé le cuid de bhannaí agus teaghlaigh na tíre a bhfuil cáil an cheoil orthu.
 
Cloisfear an-chuid comhrá chomh maith ceol den chéad scoth sa tsraith seo. Beidh Sharon Shannon agus a muintir, Altan, Hothouse Flowers, Clann Mhic Ruairí, Téada, Danú, The Kilfenora Céilí Band agus neart eile i measc na mbannaí a bheidh páirteach sa tsraith. Craolfar an tsraith ar TG4 gach Domhnach ag 20:30 ón 14ú de mhí an Mhárta ar aghaidh.
 
Beidh Dáithí ag comhrá le Clann O’Connor sa chéad chlár den tsraith – Gerry agus a chlann Dónal, Feilimí, Siubhán agus Finnian. Is as Gleann na bhFiach i gcontae an Lú don teaghlach mór ceoil seo. Mar chuid den chlár, cloisfear faoi chúlra an teaghlaigh ó thaobh an cheoil de, mar aon le scéal a máthar, Eithne Ní Uallacháin, a cailleadh i 1999. Seinnfidh an teaghlach ceol óna gceantar dúchais mar aon le píosaí ceoil a bhí taifeadta ag Gerry, Eithne agus an grúpa ceoil Lá Lúgh.
 
Buailfidh Dáithí le The Kilfenora Céilí Band sa dara clár den tsraith. Beidh neart cainte idir é agus John Lynch, Garry Shannon agus Sharon Howley ón ngrúpa ceoil iontach seo, grúpa atá ar an bhfód ó 1909. Ansin an 28 Márta 2021 buailfidh Dáithí le Téada – banna a bhfuil an domhan mór siúlta acu le fiche bliain anuas. Labhróidh Oisín Mac Diarmada, Tristan Rosenstock agus Séamus Ó Beaglaoich le Dáithí faoin gceol agus faoin taisteal atá déanta acu, idir Mheiriceá agus an tSeapáin. Beidh ceol agus comhrá ansin ó The Bonnymen ar Dhomhnach Cásca. Labhróidh Maitiú Ó Casaide agus Natalie Ní Chasaide faoin mbanna agus faoin tionchar a bhí ag a muintir féin ar a gcuid ceoil. Sa chúigiú clár, caithfidh Hothouse Flowers súil siar ar a scéal féin – ó na chéad laethanta agus iad i gColáiste Eoin go dtí gur thug siad aghaidh ar Wembley Arena. Beidh Danú i dteannta Dáithí an 18 Márta 2021 – inseoidh Benny McCarthy agus Nell Ní Chróinín scéal an bhanna agus faoin saol ar an mbóthar. Buailfidh Dáithí le Sharon Shannon agus a muintir sa chéad chlár eile agus beidh sé ag comhrá le Clann Mhic Ruairí ó Rann na Feirste chomh maith. Is iad Cherish the Ladies a bheidh ag seinm agus ag comhrá le Dáithí an 9 Bealtaine 2021 agus beidh Altan ina theannta don chlár deireanach an 16 Bealtaine 2021.
 
Cloisfear neart ceoil agus gabháil fhoinn ó aíonna speisialta le linn na sraithe, Moya Ní Bhraonáin, Clare Sands, Róisín Chambers, Don Stiffe, Kate Purcell agus Ciarán Ó Maonaigh ina measc.

 
 
 

Eolas Breise:
Linda Ní Ghríofa, Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: