Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

'Spongebob an Scannán: Rith Spúinse Rith' ar fáil i nGaeilge ar Netflix

Bain Spraoi as bheith ag Foghlaim Gaeilge sa Dianghlasáil le SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith i nGaeilge ar Netflix

10.02.21


 

Beidh tuismitheoirí atá ag streachailt leis an scolaíocht bhaile an-sásta a chloisteáil go bhfuil scannán Spongebob le fáil i nGaeilge anois ar Netflix. Is é SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith arna chruthú ag Macalla Teo, le tacaíocht ó TG4 agus Paramount Pictures, an chéad leagan Gaeilge de scannán ar Netflix.
 

Tá SpongeBob SquarePants, an cara is fearr atá aige Patrick Star agus an chuid eile de gheaing Bikini Bottom ar fad sa chéad scannán iomlán CGI SpongeBob riamh seo. Nuair a fhuadaítear peata dil SpongeBob, Gary an seilide, tugann SpongeBob agus Patrick faoi eachtra mór go dtí an Lost City of Atlantic City chun Gary a thabhairt abhaile arís. Taispeánann SpongeBob agus a chuid cairde dúinn nach bhfuil dada níos láidre ná an cairdeas fad is a bhíonn siad ag tabhairt aghaidh ar na hiontais agus na contúirtí go léir ar an misean tarrthála dainséarach agus an-bharrúil go deo seo. Is iad Tom Kenny (SpongeBob), Keanu Reeves (Sage) agus Matt Berry (Poseidon) a dhéanann na guthanna sa leagan Béarla den scannán agus is iad Marcus Lamb, Lochlainn Ó Mearáin, Brian Thunder, Carmel Stephens agus an láithreoir teilifíse Dáithí Ó Sé na haisteoirí mór le rá as Éirinn atá i mbun leagan Gaeilge an scannáin.
 

D’oibrigh Paramount Animation agus Nickelodeon Movies i gcomhpháirtíocht le TG4 agus Macalla chun an leagan Gaeilge den scannán a eisíodh le gairid The SpongeBob Movie: Sponge on The Run a chruthú. Is éard a dúirt Cúán Mac Conghail, Léiritheoir Feidhmiúcháin ó Macalla “Is pléisiúr do Macalla a bheith ag obair ar SpongeBob, carachtar a bhfuilimid ag déanamh athghuthaithe air do TG4 ón mbliain 2006. Bhí sceitimíní orainn dul ag obair le TG4 agus Paramount Pictures chun an leagan Gaeilge den scannán, ‘SpongeBob an Scannán: Rith, Spúinse, Rith a chruthú. Is iontach an rud é go bhfuil an leagan Gaeilge den scannán ar fáil ar Netflix anois agus go mbeidh teacht ag óg agus aosta air i nGaeilge.”
 

Is é an láithreoir teilifíse Dáithí Ó Sé a dhéanann guth Rí Poseidon i nGaeilge agus dúirt seisean “Carachtar gáifeach é Rí Poseidon agus fear é atá lán de féin. Buíochas le Dia nílim cosúil leis in aon chor agus chaith mé dul ag aisteoireacht! Carachtar iontach atá ann agus bhí an-chraic agam á dhéanamh. Toisc Covid 19, rinne mé an taifeadadh ón mbaile agus bhí an fear óg liom i gcomhair cuid de. Tá seisean an-sásta go bhfuil Daidí sa scannán seo!”
 

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, “Tá áthas ar TG4 a bheith i bpáirt le Paramount Pictures agus Macalla chun an leagan Gaeilge den scannán ‘Rith Spúinse Rith’ a chruthú. Tá TG4 tiomanta don mhana go mbeadh ‘Gaeilge Gach Áit’ don lucht féachana, cibé scáileán ar a bhfuil siad ag breathnú. Tá éacht bainte amach ag SpongeBob ó thaobh na Gaeilge de. Ba é SpongeBob Spúinse as Uisce an chéad scannán Gaeilge do pháistí ó dháileoir idirnáisiúnta a eisíodh sna pictiúrlanna in 2015 agus anois is é Rith Spúinse Rith an chéad scannán Gaeilge do pháistí a bheidh ar fáil ar Netflix.”
 

Maidir leis na tuismitheoirí sin nach bhfuil ach ‘cúpla focal’ acu agus a bhfuil cúrsa athnuachana uathu, is féidir féachaint ar SpongeBob an Scannán: Rith Spúinse Rith le guthanna i nGaeilge agus fotheidil Bhéarla chun cuidiú leis an aistriúchán, nó le guthanna i nGaeilge agus fotheidil Ghaeilge. Is féidir na socruithe sin a athrú go héasca sna socruithe fuaime agus fotheidil ar Netflix.

 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: