Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Branda Nua Seolta ag TG4

01.02.21


 

Tá áthas ar TG4 branda nua an stáisiúin a sheoladh inniu, Lá Fhéile Bríde. Tá cuma nua an bhranda le feiceáil ar gach ardán de chuid TG4 agus tá sé aitheantas nuachoimisiúnaithe mar chuid den bhranda chomh maith. Cuireann na haitheantais le féiniúlacht TG4 i gcónaí agus is léiriú físe iad ar mhana an stáisiúin ‘Súil Eile’.
 
Tar éis próiseas iomaíoch tairisceana, is é an comhlacht cruthaitheach Red Bee a roghnaíodh chun an tsraith aitheantais a chruthú i gcomhar le foireann chruthaitheach inmheánach TG4. D’fhorbair an fhoireann inmheánach grafaicí agus dearadh láithreachais agus ardán chun tacú leis na haitheantais nua.
Léiriú comhaimseartha iad na sé aitheantas ar thírdhreach na hÉireann agus bua scéalaíochta na tíre. Tá imeartas ar nathanna cainte sa Ghaeilge sna haitheantais nua. Cuimsíonn an coincheap tírdhreach na hÉireann le casadh neamhghnách gan choinne. Is iad téamaí na sé aitheantas: Spite Feamainne, Lá na Scolb, Ní hé lá na báistí, Gloine, Cúinne an Ghiorria, agus Léim Sráide.
 
Dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin, “Tá TG4 athruithe ó theilifís líneach go branda ilmheán, ciallaíonn an éabhlóid sin go gcaithfidh na haitheantais nua oibriú i dtimpeallacht il-ardán, ilscáileáin. Iarracht is ea an smaoineamh branda TG4 a shimpliú ar gach scáileán agus ar na meáin cuid de láidreachtaí na féiniúlachta a bhí ag TG4 riamh a choinneáil.”
 
Is gníomhaireacht chruthaitheach í Red Bee atá ag plé le réimse na siamsaíochta. Is iad cruthaitheoirí an bhranda ‘Dave’. Cuireann siad straitéis bhranda, feachtais láidre agus dearadh branda ar fáil dá gcliaint, lena n-áirítear NBCUniversal, Kurt Geiger, Discovery Networks, Oasis, Disney, DreamWorks agus Netflix. http://redbeecreative.com/
 
“Bhí treoir spreagúil againn ó TG4. Tuiscint shoiléir ar an gcainéal, a lucht féachana agus an gá atá le raon leathan lucht féachana a mhealladh ar gach ardán. Thug siad dúshlán dúinn aitheantais a dhearadh don chainéal a cheanglaíonn leis na meáin shóisialta atá acu. Ba iontach an t-eispéireas a bhí ann dúinn tabhairt faoin dúshlán seo. Leis an gcomhoibriú seo leo, tugadh treoir, muinín agus fuinneamh dúinn chun coincheap cruthaitheach nuálach a sholáthar.” Jane Fielder – Stiúrthóir Cruthaitheach, Red Bee Creative.
 

“Is iontach an rud é féiniúlacht a fheiceáil atá fós dílis do nádúr an bhranda, an lógó dí-thógtha agus na carachtair neamhghnácha CGI a chuimsíonn an mothú ‘gan choinne’. Ba mhór an pléisiúr dom a bheith ag obair ar thionscadal ina raibh an dá fhoireann chruthaitheacha comhsheasmhach ón tús. Tá an t-ábhar a chuirtear go haer ag teacht leis an cur síos a cuireadh os a gcomhair an chéad lá riamh agus léiríonn sin fís chruthaitheach chomhaontaithe i ndáiríre.” Christopher Godfree – Ceannasaí Sheirbhísí Cliant, Red Bee Creative.
 

Tá na haitheantais don bhranda nua ar an aer ó inniu agus is féidir iad a fheiceáil anseo ar chainéal YouTube TG4:
 
YouTube Aitheantais TG4

 

 
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: