Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bliain dúshlánach ach maith a bhí in 2020 do TG4 de réir Tuarascáil Bhliantúil 2020 an staisiúin

D’fheidhmigh TG4 go maith ó thaobh a spriocanna de in 2020 in ainneoin na ndúshlán a bhain leis an mbliain.

20.10.21


 
Ní raibh 2020 cosúil le haon bhliain eile, agus bhí tionchar as cuimse ag paindéim an choróinvíris ar an ngnáthshaol. Bliain chrua a bhí inti do ghnólachtaí agus don gheilleagar, agus bliain freisin ar bhain brón agus cruatan léi do go leor teaghlach agus daoine aonair.

Le linn na géarchéime, choinnigh TG4 an fócas ar an lucht féachana, le nuacht, eolas agus an tsiamsaíocht is déanaí a chur ar fáil. D’fhorbair TG4 straitéis Covid-19 chun a chinntiú go mbeadh daoine sábhailte agus go mbeadh leanúnachas fostaíochta san earnáil.

Choimisiúnaigh TG4 sraith nua oideachais Cúla4 ar Scoil do theaghlaigh agus do mhúinteoirí a bhí ag foghlaim sa bhaile de bharr na paindéime. Thug clúdach Nuacht TG4 léargas an tsúil eile ar phobail na Gaeilge sa bhaile agus ar fud an domhain. Chuir sceideal TG4 siamsaíocht agus faoiseamh ó Covid-19 ar fáil lena mana Sona sa Bhaile, le sraitheanna ar nós An Bhoirinn, turas álainn ar cheantar álainn ann féin thar thréimhse bliana. Dúiseacht, sraith faisnéise faoi phobal Chorca Dhuibhne agus iad ag teacht amach as an gcéad thréimhse dianghlasála in 2020, Slí na mBeaglaíoch, turas ceoil ar chósta thiar na tíre le Breanndán & Cormac Ó Beaglaíoch agus Le Ceangal, sraith drámaíochta rómánsúil nó ‘zoomcom’ do lucht féachana ar líne. Rinneadh ceiliúradh ar an bhFleadh Ceoil i mí Lúnasa agus chríochnaigh an bhliain le ceiliúradh ar na healaíona agus ar chultúr leis an gclár ealaíona atá gradaim bronnta air ó shin, Samhlú 2020.

Tá áit ar leith ag TG4 ó thaobh na meán in Éirinn, tráth a bhfuil an domhandú ag dul i méid i margadh na meán agus a bhfuil iomaíocht ghéar ann. In 2020, choinnigh TG4 an rangú a bhí aige mar an 6ú cainéal teilifíse ba mhó féachana in Éirinn. Bhí TG4 tar éis bogadh suas ón 7ú háit in 2019, mar a raibh sé rangaithe ó 2014. D’fhéach 3.66m duine nó 83% den daonra ar TG4 ag am éigin le linn 2020 agus ba é 1.83% an meánscála féachana. Tá sé suntasach, i bhfianaise na dianiomaíochta atá i margadh na meán in Éirinn, go raibh méadú 3% ar sciar phríomhlucht féachana TG4 agus é ardaithe go dtí 1.92%. Ba éacht suntasach é an sciar agus an rangú cainéil seo in 2020 ós rud é gur chuir an phaindéim isteach go mór ar aschur TG4 nuair a cuireadh léiriúcháin ar athló nó cuireadh moill orthu, agus go raibh an oiread imeachtaí spóirt agus cultúir curtha ar ceal.

Bhí dlús mór sna meáin dhigiteacha neamhlíneacha in 2020. Tháinig méadú 158% ar shruthanna TG4 ar Sheinnteoir TG4 in 2020 agus tháinig méadú 38% ar shruthanna TG4 ar Sheinnteoir RTÉ. Tháinig ardú 34% ar na sruthanna ar Sheinnteoir Cúla4, agus tháinig fás 60% in 2020 ar an líon uaireanta a féachadh ar ardáin meán sóisialta TG4.

Lean TG4 leis an infheistíocht in 2020 le Cine4, tionscnamh comhchistiúcháin ceithre bliana i bpáirt le BAI agus Fís Éireann, chun tacú le forbairt agus léiriú scannáin lánfhada i nGaeilge agus chun drámaíocht Ghaeilge ar ardchaighdeán a thabhairt chuig na scáileáin. Mar léiriú ar an ardchaighdeán sin, roghnaíodh Arracht i gcatagóir na Scannán lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr ag gradaim Oscars.

Le linn 2020, chuir TG4 ábhar nua ar fáil chun ceangal a dhéanamh leis an lucht féachana sa Ghaeltacht agus le lucht labhartha na Gaeilge. Bhí teagmháil le lucht pleanála agus forbartha na Gaeilge in 2020, lena n-áirítear feachtas nua fógraíochta teilifíse a chruthú chun aird a tharraingt ar obair na Pleanála Teanga chomh maith le Straitéis nua Gaeltachta a fhorbairt. In 2020, bhí an-phlé ag TG4 freisin le heagraíochtaí ar nós Ealaín na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus an tOireachtas chun ábhar cláracha a chur le chéile a thacódh lena bhféilire imeachtaí a raibh ciorrú déanta orthu mar gheall ar Covid.

Tá TG4 tiomanta don úsáid is fearr a bhaint as an maoiniú poiblí a fhaigheann sé. Gach bliain, déantar sciar chomh hard agus is féidir dár maoiniú reatha poiblí a infheistiú in ábhar Gaeilge. In 2020 infheistíodh 77% de mhaoiniú poiblí TG4 in ábhar Gaeilge. Chaith TG4 €25.8m ar sheirbhísí cruthaitheacha in Éirinn agus caitheadh €21.3m de sin ar chomhlachtaí cruthaitheacha atá lonnaithe sna réigiúin. Ar an mbealach seo, thacaigh TG4 le fás agus le cruthú post i dtionscail chruthaitheacha sna réigiúin, ag cuidiú le geilleagar cruthaitheach réigiúnach na hÉireann a chothú agus a fhorbairt. Den chéad uair riamh, sáraíodh buiséad oibriúcháin TG4 faoi €1.9m mar gheall ar Covid-19. Bhí TG4 an-bhuíoch forlíonadh aon uaire a fháil sa cheathrú deireanach de 2020 chun dul i ngleic leis na costais bhreise a tabhaíodh i rith na bliana. Le cabhair ón maoiniú breise seo, bhí TG4 ábalta buiséid oibriúcháin a chomhlíonadh faoi dheireadh na bliana.

Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4, Siún Ní Raghallaigh, “Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire nua atá againn, Catherine Martin TD, agus leis an Ard-Rúnaí Katherine Licken agus lena cuid oifigeach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin. Táimid thar a bheith buíoch as an méadú ar mhaoiniú do TG4 don bhliain 2021. Is é seo an méid is mó a leithroinneadh ar TG4 ón mbliain 2008 agus creidimid go léiríonn an maoiniú breise sin an muinín atá ag an Rialtas i TG4, agus sa straitéis atá againn d’earnáil léiriúchán neamhspleách réigiúnach na hÉireann. Tá ról bunriachtanach ag PSM sa tsochaí i dtaobh ionadaíocht a dhéanamh ar chultúir tíre, teangacha na tíre a chur chun cinn agus tacú le tionscail chruthaitheacha tíre.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont “Is mian liom buíochas a ghlacadh le mo chomhghleacaithe i TG4 agus le Bord TG4. Chuir an obair chrua a rinne siad i mbliain a bhí deacair dóibh go pearsanta agus go gairmiúil, ar ár gcumas coinneáil orainn ag obair go héifeachtach mar fhoireann, cé gur ag obair go cianda a bhíomar, agus is léiriú sin ar a ndúthracht fhial fhlaithiúil do TG4. Bliain thábhachtach is ea 2021 do TG4 agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer. Cé go raibh daoine i gcoinne bhunú “Teilifís na Gaeilge” 25 bliain ó shin, ó shin i leith tá TG4 tagtha chun cinn mar chumhacht dílis don nuálaíocht mar a bhaineann le hábhar closamhairc i nGaeilge. Leanfaidh Bord, bainistíocht agus foireann TG4, in éineacht lenár gcomhpháirtithe, orthu lena n-iarrachtaí ról TG4 agus stádas na Gaeilge agus na Gaeltachta i sochaí na hÉireann a athshamhlú.”

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2020 TG4 ar fáil anseo: TG4 Tuarascáil 2020

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: