Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gradam 'Ór' bronnta ar bhrandáil nua TG4 ag Gradaim Promax na hEorpa

28.05.21


 
Bronnadh gradam ‘Ór’ ar athbhrandáil TG4 ag Gradaim Promax na hEorpa aréir. Is é an comhlacht cruthaitheach Red Bee a chruthaigh na haitheantais i gcomhar le foireann chruthaitheach inmheánach TG4. Is léiriú físe iad na haitheantais ar mhana an stáisiúin ‘Súil Eile’. Is féidir iad a fheiceáil ar chainéal YouTube TG4: YouTube Aitheantais TG4
 
Is iad Gradaim Promax na hEorpa príomhghradaim an tionscail do mhargaíocht agus dearadh. Chruinnigh lucht margaíochta agus cruthaitheacha ó phríomhbhrandaí meán na hEorpa le chéile ar líne aréir chun ceiliúradh a dhéanamh ar na feachtais is fearr le bliain anuas a mheall an lucht féachana ar bhealaí cruthaitheacha. Ainmníodh an athbhrandáil sa chatagóir ‘Dearadh Ginearálta Branda: Cainéal, Líonra nó Ardán’.
 
Léiriú comhaimseartha iad na sé aitheantas ar thírdhreach na hÉireann agus bua scéalaíochta na tíre. Tá imeartas ar nathanna cainte sa Ghaeilge sna haitheantais nua. Cuimsíonn an coincheap tírdhreach na hÉireann le casadh neamhghnách gan choinne. Is iad téamaí na sé aitheantas: Spaight Feamainne, Lá na Scolb, Ní hé lá na báistí, Gloine, Cúinne an Ghiorria, agus Léim Sráide. D’fhorbair an fhoireann inmheánach grafaicí agus dearadh láithreachais agus ardán chun tacú leis na haitheantais nua. Tá cuma nua an bhranda le feiceáil ar gach ardán de chuid TG4.
 

Is gníomhaireacht chruthaitheach í Red Bee atá ag plé le réimse na siamsaíochta. Is iad cruthaitheoirí an bhranda ‘Dave’. Cuireann siad straitéis bhranda, feachtais láidre agus dearadh branda ar fáil dá gcliaint, lena n-áirítear NBCUniversal, Kurt Geiger, Discovery Networks, Oasis, Disney, DreamWorks agus Netflix. www.redbeecreative.com
 

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont comhghairdeas leis an bhfoireann ag rá, “Comhghairdeas le gach duine i bhfoireann TG4 as an éacht seo. Is é PROMAX Gold an leibhéal is airde aitheantais a bhaineann le dearadh teilifíse san Eoraip agus tá an duais óir seo bronnta orainn sa chatagóir mhór le rá, ‘Dearadh Branda’, ceann de na catagóirí is iomaíche sa chomórtas ar fad. Domsa, tá réabhlóid curtha ar bun ag lucht deartha TG4 ar dhearadh TG4 ar gach ardán craoltóireachta atá againn. Léiríonn duais PROMAX agus na duaiseanna CIRCOM a fuair muid le deireanas go bhfuil TG4 ag feidhmiú anois mar chraoltóir ag an leibhéal is airde san Eoraip.”
 
Dúirt Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin, “Is mór an onóir dom athbhrandáil TG4 a bheith aitheanta ag ócáid ​​chomh mór le rá le Promax Europe. Ba chomhoibriú cruthaitheach é an athbhrandáil do TG4 idir Red Bee Creative agus foireann deartha agus cruthaitheach inmheánach TG4. Ba phribhléid dom a bheith páirteach ann agus mé ag tabhairt an dá fhoireann iontacha seo le chéile. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann Red Bee as a rannpháirtíocht as an taithí agus an saineolas cruthaitheach a thug siad don phróiseas. Tá lúcháir ar leith orm do fhoireann chruthaitheach TG4 a leanann ag soláthar dearadh ardchaighdeán agus a choinníonn TG4 chun tosaigh i gcónaí i ndearadh meán na hÉireann.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin | TG4:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie


Cuir aithne orainn: