Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuairt na nUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Uachtarán na Gearmáine Frank-Walter Steinmeier ar Ros na Rún ar maidin

Thug Uachtarán na hÉireann Michael D. Ó hUigínn agus Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine Frank-Walter Steinmeier in éineacht lena mná céile Sabina Uí Uigínn agus Elke Büdenbender cuairt ar stiúideo Ros na Rún ar an Spidéal inniu mar chuid de chuairt stáit trí lá Uachtarán na Gearmáine ar Éirinn.

29.10.21


 
Thug na hUachtaráin cuairt ar Ros na Rún le haitheantas a thabhairt do TG4 atá ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar aer Oíche Shamhna. Ba é an tUachtarán Ó hUigínn, a bhí ina Aire Ealaíon ag an am, a bhunaigh TG4. Sa cheathrú céid ó bunaíodh TnaG, is í fís an stáisiúin an teanga agus an cultúr a chur chun cinn i bpobal na hÉireann agus ar fud an domhain. Cuimsítear fís TG4 sa mana, “Súil Eile” a thugann dearcadh difriúil ar an saol. Tugadh blaiseadh do na hUachtaráin ar thábhacht cultúir, teanga agus eacnamaíochta TG4 sna ceantair Ghaeltachta agus sna réigiúin.
 

Bhí Feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta i láthair inniu chomh maith mar gheall ar an ról atá ag an Údarás oiliúint a chur ar fáil agus an earnáil a fhorbairt ó bunaíodh TG4. Tá Údarás na Gaeltachta fós ag obair go dlúth le TG4 chun tacú le forbairt agus le fostaíocht leanúnach san earnáil neamhspleách léiriúcháin agus san earnáil chruthaitheach sna ceantair Ghaeltachta.
 

Bhí ball reatha den Chomhairle Stáit Seán Ó Cuirreáin agus an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, iar-bhall den Chomhairle Stáit agus Mícheál Ó Conghaile, bunaitheoir Cló Iar-Chonnacht i láthair freisin.
 

Chuir cliar Ros na Rún taispeántas ar siúl do na hUachtaráin agus bhí léiriú ceoil ón mboscadóir Johnny Óg Connolly agus ón amhránaí sean-nóis Pól Ó Ceannabháin. Tá clú agus cáil ar Johnny Óg Connolly ar fud na hÉireann ina cheoltóir agus ina chumadóir. Bhuaigh Pól Ó Ceannabháin an comórtas amhránaíochta sean-nóis, Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge in 2012. Bronnadh an gradam d’Amhránaí na Bliana air ag Gradam Ceoil TG4 in 2016 agus bhí sé ina Ambasadóir ar Oíche Chultúir 2020.
 
Labhair Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord TG4 faoi cheiliúradh TG4 agus pleananna an stáisiúin don todhchaí, “Ó seoladh TG4 i 1996, tá muid ag cur an chultúir, na cruthaitheachta agus na nuálaíochta chun cinn agus ag cur leis an lucht féachana sa bhaile agus ar fud an domhain tríd Seinnteoir TG4. Is bliain thábhachtach í 2021 do TG4 agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer agus táimid ag tnúth le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san earnáil neamhspleách chruthaitheach a chinnteoidh go bhfanfaidh TG4 agus an Ghaeilge lárnach agus tábhachtach sa saol agus sna Meáin Seirbhíse Poiblí.”
 
Ag tagairt don ócáid dúirt Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá an earnáil chlosamhairc ríthábhachtach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus is cúis bróid d’Údarás na Gaeltachta an ról lárnach a bhí againn i bhfás agus spreagadh na hearnála le ceathracha bliain agus go háirithe ag teacht do bhunú Theilifís na Gaeilge nó TG4 mar atá anois ceathrú céid ó shin. Tá comhlachtaí closamhairc, ar cliaint de chuid Údarás na Gaeltachta iad, tar éis gradaim a fháil ar fud na cruinne ar aitheantas iad ar an soláthar cruthaitheach nuálach atá dhá tháirgeadh anseo sa nGaeltacht. Ba mhór againn an deis a bheith againn inniu na gnéithe sin de thraidisiún agus nuálaíocht na Gaeltachta a bheith fite fuaite ina chéile a léiriú don dá Uachtarán.”
 

 

Teagmháil do na Meáin

TG4: Deirdre Ní Choistin | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie
 
Údarás na Gaeltachta: Páid Ó Neachtain | Feidhmeannach Cumarsáide | pon@udaras.ie


Cuir aithne orainn: