Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Léiríonn taighde nua ó RED C Marketing & Research do TG4 go n-úsáideann níos mó ná 10,000 múinteoir Cúla4 sa seomra ranga

25.02.21


 
Léiríonn ​​taighde ceannródaíoch a choimisiúnaigh TG4 agus a rinne RED C Marketing & Research go mbaineann 44% de mhúinteoirí bunscoile úsáid as TG4 / Cúla4 sa seomra ranga. Is ionann sin agus 10,100 múinteoir ar fud na tíre agus 244,000 dalta. I scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, tá an figiúr sin níos airde fós mar go n-úsáideann 81% de mhúinteoirí TG4 / Cúla4 sa seomra ranga.
 
Tugann an taighde le fios gur seirbhís é Cúla4 ar Scoil a fhreastalaíonn ar gach scoil agus ní ar Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna amháin. Bhain 18% de na múinteoirí uile a ndearnadh suirbhé orthu úsáid as Cúla4 ar Scoil sa rang sa bhliain acadúil reatha agus 14% á úsáid ar bhonn rialta. Ciallaíonn sé sin go bhfaca thart ar 100,000 leanbh Cúla4 ar Scoil sa rang sa chéad téarma.
 

Is é príomhthoradh an taighde, in ainneoin dúshláin acmhainní i scoileanna, go mbaineann tromlach mór múinteoirí úsáid as acmhainní físe agus iad i mbun teagaisc. Tá teacht ag 94% de mhúinteoirí ar ríomhaire sa seomra ranga agus úsáideann 88% de na múinteoirí a ndearnadh suirbhé orthu ábhar físe gach seachtain agus iad ag múineadh.
 
Is cuid lárnach den phlean ceachta na meáin fhísiúla d’fhormhór na múinteoirí. Is í an Ghaeilge an t-ábhar is mó ina n-úsáidtear ábhair fhíse seachas aon ábhar eile. Beagán os cionn leath de na múinteoirí (agus gar do dhá thrian de mhúinteoirí na ranganna sóisearacha) a bhaineann úsáid as na meáin fhísiúla an chuid is mó den am agus iad ag múineadh na Gaeilge. Úsáidtear na meáin fhísiúla go rialta freisin i raon leathan ábhar. Feictear go bhfuil fíorluach oideachais ag baint le hábhar físeán-bhunaithe a úsáid sa seomra ranga agus tá aitheantas agus fonn ann cur le hacmhainní na Gaeilge. Tá múinteoirí ag úsáid físeáin ghearrfhoirme chun an t-eispéireas foghlama a shaibhriú agus éagsúlú agus chun leanaí a mhealladh.
 

Baineann 84% de mhúinteoirí úsáid as YouTube sa rang agus astu sin, bíonn níos mó ná an tríú cuid acu ag baint úsáid as cainéil YouTube TG4 agus / nó Cúla4. Tá sé seo ar aon dul leis an úsáid a bhaintear as cainéal YouTube RTÉ. Tá seinnteoir TG4 agus seinnteoir Cúla4 ar aon dul le RTÉ Homeschool Hub mar áis le teacht ar mheáin fhísiúla ach is é Bua na Cainte is fearr a chruthaigh. Tá meas níos mó ag múinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge ar Cúla4 ná iad siúd atá ag múineadh trí Bhéarla. Dúirt níos mó ná 90% de na múinteoirí a úsáideann é go raibh sé go maith nó an-mhaith.
 
Is iad seo a leanas na freagraí is coitianta a thug na múinteoirí a bhí páirteach sa suirbhé nuair a fiafraíodh díobh cén fáth a dtaitníonn leo Cúla4 a úsáid: Oiriúnach don Aois, Taitneamhach / Spraíúil agus Éagsúlacht. Is iad na cláir Cúla4 seo is mó a úsáideann daoine atá ag múineadh trí Ghaeilge sa seomra ranga go rialta: Cúla4 ar Scoil 39%, Is Eolaí Mé 35%, Dónall Dána 29%, SpongeBob SquarePants 23% agus Scéal an Lae 16%.
 

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, “Táimid an-bhuíoch de na múinteoirí a ghlac páirt sa staidéar taighde seo le Red C Marketing & Research do TG4. Is mór an t-údar misnigh do TG4 na torthaí sa mhéid is go léiríonn an staidéar go bhfuil luach oideachasúil ag ábhar Cúla4 agus TG4 i dteagasc na Gaeilge. Tá an-áthas orainn a fheiceáil go mbaineann gach scoil úsáid as Cúla4, ní hamháin scoileanna Gaelscoileanna agus Gaeltachta. Is acmhainn iad na cláir a chuireann le saibhriú agus sealbhú na Gaeilge. Tá cláir iontacha ar fáil cosúil le ‘Is Eolaí Mé’, ‘Is Mise’, ‘An Siopa Ealaíne’ chomh maith le ‘Cúla4 ar Scoil’ a chuireann ábhar spraoúil, fisíúil agus mealltach le tacú le foghlaim sa seomra ranga agus ar féidir teacht air go héasca ar sheinnteoir Cúla4 agus Cainéal YouTube Cúla4.”
 
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | deirdre.ni.choistin@tg4.ie

Cuir aithne orainn: